Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Áras Éanna Beó – Roisín Elsafty

July 2, 2020 @ 9:00 pm - 10:00 pm

Free

Róisín Elsafty: Fáisceadh Róisín as Conamara, agus is ann a thosaigh sí amach ag labhairt ina teanga dúchais agus ag sú isteach ceol dúchasach na hÉireann. Cé gur bhog sí go Maigheo ag aois cúig bhliana, choinnigh an clann teanghmháil láidir le Conamara, i gcaitheamh an ama, nó gur fhill siad abhaile go Conamara agus Róisín ina déagóir. Faoin am sin, bhí stór breá amhráin dhúchasacha ar a toil aici, agus neart duaiseana bronnta ar Róisín dá bhárr, Craobh na hÉireann, faoi dhó, ina measc.

Beidh Maigheo tábhachtach i saol an bhean seo go deo, mar gheall ar an fás aníos agus omós a tugadh do na hamhráin seo ach go speisialta. Is óna máthair, an tamhránaí breá agus sár-cumadóir Treasa Ní Cheannabháin, a chleachtadh Róisín agus a chabhraigh léi súntas nach beag a thaispeáint don cheol ársa na tíre seo i dtosach. Spreag Treasa í lena spéis agus grá fhéin sna hamhráin, agus an t-omós a thaispeáin sí i gcónaí do na hamhránaithe mór le rá as Conamara, go háirithe as cheantair Carna-Iorrais Aithneach-Cill Chiaráin.

Cé gur mó an tábhacht a thugann Róisín dá máthair faoin spéis agus grá sna hamhráin dúchasacha Gaelach, ní féidir dearmad a dhéanamh ar tionchar fear céile Treasa, agus athair do Róisín ar feadh a saol, an Dochtúr Saber Elsafty, a thug blas láidir do cheol Arabach di, go speisialta, na hamhránaithe Éigipteacha mór le rá a d’éist sé fhéin leis agus é ag fás aníos in a thír dúchasach fhéin san Éigipt! Tá an domhain mór siúlta ag Róisín ag casadh na hamhráin, í imithe chomh fada leis an tSín, agus mórthimpeall na hEoraipe, asti fhéin, nó i measc ceoltóirí móra ón dtraidsiún in Éirinn. Gabhann sí buíochas faoi leith le Dónal Lunny a spreag í ag tús na siúlóidí seo, agus a thug cuireadh di chuig formhór na dtíortha seo i bhfad i gcéin le fiche bliain anuas.

Ba chúis rímeadach a bhí ann ag seoladh a céad albam aonrach sa mbliain 2006, “Má bhíonn tú liom bí liom”. Bíonn an-éileamh ar an albam go fóill. Scríobh Siobhán Long ins The Irish Times, ag an am, gur “rud álainn a bhí ann, ó thús go deireadh”. Bíonn Róisín ag ceol go rí-mhinic leis an trio Elsafty, Armstrong and Browne, agus is acu a bhíonns an spraoi idir cláirsí agus píobaí agus amhráin dhúchasacha na hÉireann. Idir taighde agus taithí, éiríonn leo ceol ársa na hÉirinn a thabhairt chun cuimhne arís, ar bhealach lách, ag coinnéail an omós sin don traidsiún a tháinig rompu, agus ag coinneáil súil ar an am i láthair chomh maith.

D’éirigh le Róisín agus Ronan Browne (ón trio thuas luaite) albam álainn a thabhairt ar an saol, a d’éisigh Cló Iar Chonnacht i 2015 Amhráin na Nollag. I dteannta an ceoltóir cumásach Tony MacMahon ar an méarchlár, thug siad beocht chuig amhráin ón dtraidisiún Ghaelach agus Ghallda, thríd aistriúcháin álainn a rinne a máthair Treasa, do cuid amhráin Nollaig ár linne. Tá áthas ar Róisín a bheith i bhur dteannta don tráthnóna ceoil seo ar son Áras Éanna, Inis Óirr. I rith an am athraitheach corraitheach seo, tá an tádh orainn go bhfuil na féidiréachtaí teichneolachtaí againn gur féidir linn ceol agus caidreamh a bheith againn idir teaghlaigh, agus muid fós scaradh amach óna chéile. Bainigí spórt agus taithneamh as an gcuairt seo le Róisín. Beannachtaí libh ar fad!

Details

Date:
July 2, 2020
Time:
9:00 pm - 10:00 pm
Cost:
Free
Event Category:
Website:
https://www.facebook.com/%C3%81ras-%C3%89anna-Ionad-Eala%C3%ADne-Inis-O%C3%ADrr-2160878367291762/

Venue

Facebook Live

Leave a Reply