Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Áine Tyrrell & Emily Wurramara

Mí Mheán Fómhair 7, 2019 @ 8:30 pm

€10 – €15

 

Tá Áine Tyrrell as Co. an Chláir ó dhúchas ag filleadh abhaile as an Astráil go hÉirinn lena halbam nua ‘Return to the Sea’ a sheoladh. 

Ag teacht go hÉirinn in éineacht léi tá an tAstrálach, Emily Wurramara a bheidh ag dul ar chamchuairt lena halbam nua a fuair duaiseanna‘Milyakburra’. Tá cion thall ar Áine is beidh cion abhus go luath ar Emily.

Is seó dúbailte den scoth é seo agus tá an cur i láthair cumhachtach agus spreagúil. D’oibrigh siad le chéile cheana ar sheónna agus féilte ar fud na hAstráile. Tá tóir acu ar an bhfarraige, trína gcuid ceoil agus tithe baile. Canann agus labhraíonn an bheirt acu ón gcroí, canann siad aintiúin don chine daonna agus ceartas sóisialta chomh maith le go scríobhann siad amhráin a spreagann mothúcháin.

Is bean spreagúil i múnla Ghráinne Mhaol í ÁINE TYRRELL, ach in áit seilbh a ghlacadh ar bháid, is ar chroí a lucht éisteachta a ghlacann sí seilbh, duine ar dhuine.  Tá a halbam deireanach ‘Return to the Sea’ lán le scéalta comhaimseartha a thagann óna meas mór ar thraidisiún. Tá moladh go hard na spéire á fháil ag Tyrrell ó léirmheastóirí timpeall an domhain agus is albam lán le haintiúin don duine é seo. Is éard atá san albam ná glaoch chun gnímh, críonnacht agus rabhadh síréana, agus níos tábhachtaí fós, fuaimrian ó bhean a shiúlann lena rithim féin.  

Is as Groote Eylandt sa gCríoch Thuaisceartach í EMILY WURRAMARA ó dhúchas ach tá sí lonnaithe anois i Brisbane. Thaitin sé go mór le Emily éisteacht lena cuid uncailí ag canadh le linn di a bheith ag fás suas, ach thug sí faoi deara freisin gur annamh a chan mná as a pobal féin go poiblí. Canann Emily amhráin Bhéarla agus Anindilyakwa le fonn spreagadh agus cumhacht a thabhairt do dhream ina pobal féin, go mór mór mná óga dúchasacha, lena nglór a úsáid. 

 

Details

Date:
Mí Mheán Fómhair 7, 2019
Time:
8:30 pm
Cost:
€10 – €15
Event Category:

Venue

Áras Éanna

Leave a Reply