CEANT BODHRÁN@ÁRASÉANNA

CEANT BODHRÁN@ÁRASÉANNA

Déanann taispeántas samhraidh Áras Éanna ceiliúradh ar an mbodhrán. Tá  ‘Craiceann’ scoil samhraidh na mbodhrán 21 bliain ar an bhfód i mbliana. Bíonn Craiceann á óstáil ag Áras Éanna gach bliain agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar an 21ú breithlá, tá taispeántas iontach éagsúil den bhodhrán umhal curtha ar siúl acu.

Fuair fiche ceoltóir atá ina n-amharcealaíontóirí thar a bheith cumasach bodhrán déanta as canbhás a coimisiúnaíodh go speisialta agus déanta ag an sár-cheardaí cumasach Bill Wright. Bhí saoirse ag gach ealaíontóir iad féin a chur in iúl trí shaothar ealaíne a chruthú ar an gcanbhás. Tá na bodhrán lámhdhéanta mar mhaisiúcháin amháin,  le trastomhas de 18″

Tá gach bodhrán ar díol tríd ceant ar line atá beo anois agus a dhúnfaidh ag a 5 i.n. ar an 30ú Lúnasa. Gheobhaidh an té a dhéanfas an tairiscint is airde an díolachán.

Beidh 50% ón díolacháin ag dul i treo an ealaíntóir agus 50% i dtreo ciste leabharlann uirlisí ceoil nua ar mhaithe le pobal Inis Oírr.

 

Nasc Ceant anseo