Loading Events

« All Events

Oíche Chultúir 7-9pm

Dé hAoine Mí Mheán Fómhair 20 @ 7:00 pm - 9:00 pm

Cuirfidh Dara McGee taispeántas i láthair ‘Inis Oirr 2024- i stíl Jack B Yeats’. Tá Dara ag déanamh doiciméadú ar radhairc Inis Oirr trí líníochtaí dúigh le bliain anuas. Osclófar an taispeántas ar Oíche Chultúir agus beidh ceolchoirm beag ar siúl in Áras Éanna ina mbeidh ceoltóirí agus amhránaithe an oileáin páirteach.

Is é Áras Éanna mol cultúrtha agus ealaíne Inis Oírr. Beidh spéis ar leith ag pobal an oileáin sa taispeántas mar go léiríonn sé a n-oileán sa lá atá inniu ann i stíl den chineál céanna líníochtaí dúigh Jack B Yeats.

Bhí an ceol lárnach i saol pobal Inis Oirr i gcónaí agus tabharfaidh an cheolchoirm seo léargas ar thallann an oileáin ina mbeidh ceoltóirí áitiúla, idir óg agus aosta ag seinm.

Osclóidh triúr ealaíontóirí Cónaithe in Áras Éanna a stiúideonna don phobal idir 7-9pm.  Niamh Lawlor (ealaíontóir ildisciplíneach, amharclannaíocht agus puipéadóireacht), Nick Roth (sacsafónaí, cumadóir, léiritheoir agus oideachasóir) & Olesya Zdorovetska (taibheoir, cumadóir, coimeádaí agus oideachasóir). Fáilte roimh chách!

7-9 i.n.

Details

Date:
Dé hAoine Mí Mheán Fómhair 20
Time:
7:00 pm - 9:00 pm

Venue

Áras Éanna

Organizer

Áras Éanna
Phone
099 35005
Email
eolas@aras-eanna.ie
View Organizer Website