Clár Cruthaitheachta do Chlubanna Óige 

 Tugtar cuireadh duit freastal ar:  Seoladh

 

Seoladh agus taispeántas do Chlár Cruthaitheachta do Chlubanna Óige,

 

7ú Márta, 2025 @ 1:00i.n, Áras Éanna Ionad Ealaíne, Inis Oírr. 

 

Comhpháirtíocht Áitiúil Óige Ildánach GRETB agus Muintearas Teo ag comhoibriú le chéile mar chomhpháirtithe straitéiseacha seachadta cruthaitheacha chun tacú le healaíontóirí, oibrithe deonacha agus éascaitheoirí cruthaitheacha chun deiseanna faoi stiúir an aosa óig a fhorbairt do leanaí agus daoine óga cruthaitheacha, trí chlubanna óige faoi stiúir oibrithe deonacha fud fad cheantar Gaeltachta Chonamara.

 

Cuirfear taispeántas ar siúl in éineacht le seoladh an tionscnaimh úr nua seo ar son comhpháirtithe agus páirtithe leasmhara ar an 7 Márta @ 1:00i.n in Ionad Áras Éanna, Inis Oírr. 

 

Beidh an taispeántas seo á reáchtáil ag an gcomhpháirtí cruthaitheach Áras Éanna le linn mhí an Mhárta. Is deis iontach í tuilleadh eolais a fháil faoin tionscnamh úr nua seo a bheidh oscailte don phobal. Beidh smaointí na nÓg, samplaí dá saothar cruthaitheach agus faisnéis faoi chlubanna óige faoi stiúir oibrithe deonacha le feiceáil ann.

Tá sé mar sprioc ag an taispeántas daoine a spreagadh le bheith ina n-oibrithe deonacha breise, agus a bheith páirteach sna clubanna áitiúla atá ag Muintearas Teo. Ina theannta sin, tacú le daoine óga rochtain a bheith acu ar dheiseanna cruthaitheacha beag beann ar cá háit i gceantair tuaithe Ghaeltachta ina bhfuil cónaí orthu.

 

Ba mhaith leo comhoibriú le chéile chun guthanna cruthaitheacha óige i Chonamara agus Árainn a neartú.

 

“Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.”

 

Má tá suim agat a bheith i do chomhpháirtí, i d’oibrí deonach nó i d’ealaíontóir, is féidir teagmháil a dhéanamh le

oige@muintearas.com  or lcyp@gretb.ie

Is í aidhm an tionscnaimh seo deiseanna nua inbhuanaithe a chruthú do leanaí agus do dhaoine óga chun a gcruthaitheacht a fhorbairt agus cairde a dhéanamh, bíodh sé trí cheol, damhsa, drámaíocht, ceardaíocht, nó aon smaointe eile a d’fhéadfadh a bheith acu.  S’iad fás agus forbairt an líonra comhpháirtíochta óige cruthaitheach áitiúla don Ghaeltacht i gcroílár na hoibre seo agus deiseanna breise maoinithe agus tacaíochta chun forbairt Cruthaitheachta do Clubanna Óige a chothú. I measc na mball reatha den líonra seo, tá Oifigeach Rannpháirtíochta Pobail Ildánacha ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Oifigigh Pleanála Teanga, Ealaín na Gaeltachta, Muintearas Teo, Áras Éanna, agus Oifigigh Óige GRETB.

 

Faigheann an t-imeacht seo tacaíocht ó chuid an Chláir Éire Ildánach, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus An Roinn Oideachais.