Tugann Jessie ceol na hAstráile go hInis Oirr
Beidh ceol agus cultúr iontach i mbéal an phobail in Áras Éanna ar an Dé hAoine beag seo (18 Samhain) nuair a thabharfaidh an t-ealaíontóir Bundúchasach (Aboriginal) Jessie Lloyd amhráin dhúchasacha na hAstráile chuig an amharclann (8in).
Is ceoltóir, giotáraí, dord-seinnteoir, agus seinnteoir ukulele ó thrópaicí North Queensland í Jessie, cleachtóir cultúrtha an cheoil dhúchais atá tiomanta do leanúint le traidisiúin amhrán ina hAstráile.
Tá cuireadh faighte aici go Gaillimh d’fhéile nua ceoil, Songs for An Open Road, agus tá an-áthas uirthi an turas gearr a dhéanamh trasna na farraige chun blaiseadh a fháil den chultúr dúchasach ar ár n-oileán Gaeilge an deireadh seachtaine seo.
Nochtann an ‘Mission Songs Project’ saol laethúil na ndaoine Bundúchasacha ar na misin, na lonnaíochtaí agus na cúltaiscí dúchais le linn coilíniú.
Ar an gcaoi chéanna is a chuaigh ceoltóirí na hÉireann siar in am chun ár n-oidhreacht a fhiosrú, tá Jessie imithe ar ais in am ag aimsiú amhráin mhuintir dhúchais na hAstráile.
Bhunaigh sí Mission Songs Project seacht mbliana ó shin le breathnú thart ar réaltacht dhaonna ‘ré na misean’ inar baineadh go héigeantach daoine Bundúchasacha as a dtír dhúchais.
In aimsir anacair mhóir, is ionadh é go bhfuil na hamhráin fhírinneacha seo lán le dóchas , ag nochtadh scéal dearmadta ó stair na hAstráile.
Thaistil Jessie ar fud na hAstráile chun labhairt le pobail faoi cheol agus faoi shaol na seanlaethanta.
Tá idir 40 agus 50 ‘amhrán misin’ bailithe aici faoin saol ar na lonnaíochtaí, ar chúltaiscí, agus ar champaí dúchasacha, áit ar baineadh go héigeantach a mhuintir.
Tá a teachtaireacht agus a ceol tugtha ag Jessie do phobail agus scoileanna éagsúla i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe.
Is féile nua ceoil, chainteanna agus scannáin í Songs from an Open Road a fhiosraíonn na foinsí agus a scrúdaíonn tionchar an rud a dtugtar “ceol domhanda” air go minic, ar nós imirce ceoil na hÉireann go Meiriceá Thuaidh mar gheall ar an nGorta Mór.
Osclóidh na doirse in Áras Éanna ag 8in Dé hAoine. Tá cead isteach ar an doras €15 (daoine fásta) nó €10 (mic léinn, OAPs, daoine dífhostaithe, srl).
Bígí linn!