Toibreacha Beannaithe Árann 22 Lúnasa go dtí 31 Deireadh Fómhair

Toibreacha Beannaithe Árann 22 Lúnasa go dtí 31 Deireadh Fómhair

Seolfar an taispeántas ‘Toibreacha Beannaithe Árann’ in Áras Éanna, Inis Oírr, ag an 1i.n. ar an Déardaoin, 22 Lúnasa.

Is é Cormac Coyne, Coimeádaí an Taispeántais, a sheolfaidh é.

Is páirt é an taispeántas seo den Iniúchadh ar Thoibreacha Beannaithe Chontae na Gaillimhe, atá á dhéanamh ag an Sainchomhairleoir Oidhreachta, Zena Hoctor, ar son Oifig Oidhreachta Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
Tá sé á mhaoiniú ag an gComhairle Oidhreachta agus ag Comhairle Chontae na Gaillimhe. Tá Áras Éanna agus Comhar Caomhán Teo. ag tacú leis an taispeántas.

Beidh an taispeántas ar siúl amuigh faoin aer i gclós Áras Éanna ón 22 Lúnasa go dtí an 31 Deireadh Fómhair.