Síreacht agus Sult   12 – 31 Deireadh Fómhair

Síreacht agus Sult 12 – 31 Deireadh Fómhair

Beidh taispeántas ag an ealaíontóir cónaithe damhsa, Bernadette Divilly, i gcomhar leis an amharc-ealaíontóir grianghrafadóireachta Cormac Coyne in Áras Éanna i mí Dheireadh Fómhair 2024. Seolfaidh an tOllamh Ríona Ní Fhrighill an taispeántas ar an Satharn, 12 Deireadh Fómhair agus beidh sé ar siúl go dtí deireadh na míosa.

Ar Inis Oírr a forbraíodh agus a tháinig ábhar an taispeántais chun cinn i gcomhpháirt leis an bpobal áitiúil agus le healaíontóirí cuartaíochta damhsa. Beidh físeáin damhsa agus grianghrafadóireachta úrnua ann mar aon le scóir damhsa dátheangach agus filíocht. Is é sprioc agus aidhm an taispeántais idirghníomhaigh seo ná daoine eile a spreagadh chun a dtionchar sinsearach féin maidir leis an tírdhreach, an teanga agus ceangal áite a chur in iúl.

Rannpháirteach sa taispeántas beidh Siobhán Ní Dhuinnín, ealaíontóir gairmiúil damhsa, na cumadóirí Sharon Murphy, Máire Uí Mhaoláin agus ealaíontóirí cumadóireachta eile. Ag eascairt as rannpháirteachas agus spéis an lucht féachana, beidh sraith ceardlann agus seisiún taiscéalaíochta á dtairiscint ar Inis Oírr agus i gCathair na Gaillimhe do dhamhsóirí gairmiúla agus do phobail idirghlúine agus idirchultúrtha ar díol spéise iad. Sna seisiúin taiscéalaíochta seo cuirfear béim ar scrúdú na dtéamaí a cuireadh trasna sa taispeántas. Beidh na seisiúin taiscéalaíochta curtha in oiriúint do pháistí, daoine fásta agus seanóirí. Beidh ceardlanna agus seisiúin den chineál céanna á reachtáil i gcathair na Gaillimhe trí mhí Eanáir agus tús mhí Feabhra 2025.

Tá tacaíocht á fháil ag an taispeántas seo faoi Scéim Chónaitheachta Ealaíontóir Damhsa 2024/25 na Comhairle Ealaíon, Ionad Ealaíon Áras Éanna agus Tionscadal Damhsa na Gaillimhe. Buíochas le Comhairle Cathrach agus Comhairle Chontae na Gaillimhe as a dtacaíocht leanúnach.

Image credit: Cormac Coyne