Cloch

Cloch

Iúil & Lúnasa 2023

‘Cloch/Stone’ – taispeántas grianghrafadóireachta le Cormac Coyne, Jacqui Reed agus an tUasal Hwan Jin Jo

Dá bhféadfadh cloch labhairt?.. de bharr leideanna a bheith fágtha sa gcloch tríd na glúnta, rud a spreagann ár samhlaíocht.

Ó thús na sibhialtachta tá leideanna fágtha sa gcloch ag ár sinsear idir snoíodóireacht, struchtúir, ballaí agus foirgnimh. Ó sheomraí adhlactha, cromáin nó carn clocha ar bharr sléibhe ag marcáil suíomh adhlactha laoch finscéalaíochta, na túir, na toibreacha beannaithe agus na croiseanna arda ceilteacha ornáideacha ón luath-Chríostaíocht, na cuaillí geataí agus clocha muilinn, plaiceanna agus marcóirí farraige, ag fágáil leideanna i dtaobh cé chaoi ar oibrigh agus a mhair ár sinsear.

Choimisiúnaigh Áras Éanna taispeántas le Cormac Coyne (Inis Oírr, Gaillimh), Jacqui Reed (Dún na nGall) agus Hwan Jin Jo (oileán Jeju, An Chóiré Theas). Tá an-chosúlacht idir ballaí cloiche tirime oileán Jeju an Chóiré Theas agus ballaí Inis Oírr cé go bhfuil ballaí Jeju tógtha as cloch bholcánach. Bhí an-áthas orainn toscaireacht ón oileán Jeju a bheith againn ar Inis Oírr an samhradh seo caite nuair a sheol muid an taispeántas grianghraf fíor-eisceachtúil seo. Tá lúcháir orainn an taispeántas seo a bheith againn i ndánlann Áras Éanna mar chuid de chlár na bliana 2023.