BODHRÁN @ Áras Éanna. Taispeántas – 2 Iúil – 31 Lúnasa

BODHRÁN @ Áras Éanna. Taispeántas – 2 Iúil – 31 Lúnasa

Tá ‘Craiceann’ – scoil samhraidh bodhrán Inis Oírr tar éis 21 bliain ar an bhfód a cheiliúradh lena dteacht le chéile bliantúil ón 24 –28 Meitheamh, 2024. Ó bunaíodh an scoil samhraidh, bhí sé ar siúl in Ionad Ealaíon Áras Éanna ar Inis Oírr. Glacann lucht seinnte bodhrán, idir tosaitheoirí agus ceoltóirí cumasacha, páirt i ranganna, ceardlanna, ceolchoirmeacha, imeachtaí agus ar ndóigh sna seisiúin a bhíonn sna hóstáin agus tithe tábhairne áitiúla gach tráthnóna. Tagann na rannpháirtithe ó áiteanna ar fud an domhain chun freastal ar an scoil samhraidh an-speisialta seo. Mar cheiliúradh ar an scoil samhraidh ‘Craiceann’, choimisiúnaigh Ionad Ealaíon Áras Éanna an déantóir bodhrán, Bill Wright, chun 20 bodhrán le craiceann canbháis ealaíontóra a dhéanamh, agus sheol muid iad chuig ealaíontóirí agus grúpaí ealaíne lena n-ealaín chruthaitheach féin a phéinteáil orthu. Ba é an t-aon chritéar a bhí ann do na healaíontóirí ná go gcaithfeadh siad a bheith ina gceoltóirí freisin. Roghnaíodh meascán ealaíontóirí, ina measc – ceoltóirí aitheanta, ceoltóirí seisiún, mic léinn scoile agus grúpa ceoil le riachtanais speisialta. Tá réimse iontach stíleanna sa taispeántas agus tá na bodhráin/saothair ealaíne ar taispeáint sa ghailearaí ar leagan amach a dhear Dara McGee, stiúrthóir Áras Éanna.

Seolfar an taispeántas go hoifigiúil ag 1 i.n. ar an 3ú Iúil agus beidh sé ar siúl ón 2 Iúil go 31 Lúnasa.

Beidh an gailearaí ar oscailt ón Máirt go Domhnach 11r.n. – 4 i.n. (Dúnta ar an Luan)

Cuirfear na bodhráin ar ceant ina dhiaidh sin agus úsáidfear an t-airgead

chun leabharlann uirlisí ceoil a bhunú in Ionad Ealaíon Áras Éanna.

Beidh na sonraí faoin gceant ar fáil ar aras-eanna.ie ag tús mhí Iúil.

Liosta na nEalaíontóirí:

Meadhbh Ní Eidhin
Liam Ó Maonlaí
Des Dillon
Patrick Bohan
Ruth Dillon
Lol Hardiman
Brian Fleming
Brian Hogan
Jim McKee
Ryan Lavin
Breda Mayock
Nicky Dowd
Hannah Ní Chonghaile
Deirdre Ní Bhraonáin
Pat Quinn
Christy Moore
Mary Coughlan
Clarin Art Group
Bríd Ní Chualáin
Ali May Cooper