Augmented Body, Altered Mind – 27 & 28 Meán Fómhair

Augmented Body, Altered Mind – 27 & 28 Meán Fómhair

Taispeántas é seo le Alan James Burn i gcomhpháirt le hOifig Ealaíon Chathair na Gaillimhe ina bpléitear athrú aeráide agus néara-éagsúlacht. Trí chomhpháirtí Alan sa togra seo tugtar deis dúinn foghlaim faoi Bhród Néara & na hEalaíona agus Míchumas.

Is taispeántas idirghníomhach é ‘Augmented Body, Altered Mind’ ina bhfuil comhéadan ríomhaire intinne fite le timpeallacht chlosamhairc. Sa saothar ealaíne comóirtear buanna cognaíocha difriúla a úsáidtear chun fadhbanna a réiteach go cruthaitheach agus scrúdaítear an seans go bhféadfaí an domhan a athmhúnlú i dteannta a chéile ar mhaithe le todhchaí níos éagsúlaí agus níos inbhuanaithe.

Ag fiosrú dúshlán na haeráide agus scéalta den fhás teicniúil, scrúdaíonn ‘Augmented Body, Altered Mind’ an comhchoibhneas idir an domhan nádúrtha, néareolaíocht, fealsúnacht agus néara-éagsúlacht. Iad tumtha i dtimpeallacht theilgthe agus fuaimdhreach ilchainéal, comhchruthaíonn na cuairteoirí an saothar ealaíne sa bhfíor-am, tríd an bhfearas cinn inchinn-bhraiteachta a bhíonn á chaitheamh acu, a bhraitheann comharthaí leictreacha a bhíonn á nginiúint ag tonnta éagsúla inchinne. Á dhéanamh seo dóibh rialaíonn an lucht féachana íomhánna cumhachtacha a chuirfeadh íomhánna agus pátrúin chomhshaoil agus néareolaíocha i gcuimhne duit.

Cuireann athrú aeráide as go díréireach do dhaoine faoi mhíchumas, agus áirítear leis seo easpa eolais inrochtana agus leochaileacht le linn fíor dhrochaimsir. Toisc teoiric na Cognaíochta Comhlántaí agus gnéithe síceolaíochta an dúshláin aeráide a bheith mar bhonn leis an saothar ealaíne spreagann sé bealaí nua smaointeoireachta faoin ngéarchéim comhshaoil atá ag dul i dtreise agus an chaoi a bhféadfaí déileáil leis.  Ag leagan béim ar thábhacht na hinrochtaineachta fáiltíonn ‘Augmented Body, Altered Mind’ roimh chuile lucht féachana páirt a ghlacadh ann, comhoibriú, agus an saothar ealaíne a mhúnlú.