Dara McGee

Stiúrthóir Ealaíne

Tá Dara McGee ina stiúrthóir Ealaíne ar Áras Éanna ó Mhárta 2017. Roimhe sin d’oibrigh Dara mar shaor-ealaíontóir, dearthóir seiteanna agus péintéir radharc áite i gcúrsaí Scannánaíochta, Amharclannaíochta agus Teilifíse. D’oibrigh Dara le cuideachtaí amharclannaíochta leithéidí An Druid, Macnas, Siamsa Tíre, An Taibhdhearc agus Decadent. Rinne sé obair scannánaíochta agus teilifíse do TG4, RTÉ agus BBC. Ba é Dara an dearthóir léiriúcháin ar léiriú ROSG de ‘Chré na Cille’.

Tá Céim BA sa Mhínealaín (onóracha) ag Dara ó Choláiste Ealaíne Ollscoil Uladh, Béal Feirste agus bhí go leor taispeántas grúpa agus aonair aige. Bhí Dara i mbun seónna beo Ealaíne in Éirinn, in Albain, sa Bhreatain Bheag, SÁM, Ceanada, An Iorua, an Bheilg agus san Afraic.

Tá súil ag Dara trína chur chuige ealaíontóra ar chláir agus ar ghníomhaíochtaí Áras Éanna go bhforbróidh an tIonad mar áit chruthaitheach speisialta agus ar leith ar oileán álainn Inis Oírr.