Fúinn
Eolas faoi Áras Éanna
Fúinn
Tá Áras Éanna lonnaithe in Inis Oírr, an t-oileán is lú d’Oileáin Árann, agus is é an tIonad Ealaíon is faide siar san Eoraip é. Is spás ealaíne ilfheidhmeach é Áras Éanna atá i bhfoirgneamh a dearadh ar dtús mar mhonarcha fíodóireachta. Tá trí stiúideo ealaíontóra ann, amharclann 75 suíochán, dhá ghailearaí, caifé (oscailte do gigs amháin) agus seomraí do cheardlanna agus ranganna.
Bunaíodh Áras Éanna sa mbliain 2000 agus ó shin i leith is iomaí ealaíontóir náisiúnta agus idirnáisiúnta ar fhreastal muid orthu, idir amharc-ealaíontóirí, ealaíontóirí coincheapúla, ceoltóirí, taibheoirí agus aisteoirí chomh maith le meascán féilte agus ceardlanna. Tá clár ‘Ealaíontóir Cónaithe’ á reachtáil againn le stiúideo féinchuimsitheach agus árasán ar an suíomh. Is áit ann féin é Áras Éanna, ar oileán gleoite Inis Oírr, áit a bhfaigheann ealaíontóirí sruth inspioráide ar leith.