BEGIN:VCALENDAR
VERSION:2.0
PRODID:-//Áras Éanna - ECPv6.15.17//NONSGML v1.0//EN
CALSCALE:GREGORIAN
METHOD:PUBLISH
X-WR-CALNAME:Áras Éanna
X-ORIGINAL-URL:https://aras-eanna.ie
X-WR-CALDESC:Events for Áras Éanna
REFRESH-INTERVAL;VALUE=DURATION:PT1H
X-Robots-Tag:noindex
X-PUBLISHED-TTL:PT1H
BEGIN:VTIMEZONE
TZID:UTC
BEGIN:STANDARD
TZOFFSETFROM:+0000
TZOFFSETTO:+0000
TZNAME:UTC
DTSTART:20210101T000000
END:STANDARD
END:VTIMEZONE
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20220507T200000
DTEND;TZID=UTC:20220507T230000
DTSTAMP:20260417T074053
CREATED:20220420T135900Z
LAST-MODIFIED:20220420T144114Z
UID:17328-1651953600-1651964400@aras-eanna.ie
SUMMARY:Barddair an Cheoil
DESCRIPTION:Padraig Jack\nTá grúpa filí agus ceoltóirí a dhéanann ceiliúradh ar a ngrá don Ghaeilge agus don Bhreatnais ag teacht le chéile le haghaidh oíche speisialta in Áras Éanna\, Inis Oirr\, ar an Dé Sathairn\, 7ú Bealtaine (8in). \nIs as iarthar na Breataine Bige agus Iarthar na hÉireann na healaíntóirí ar fad agus tá siad ag baint suilt as an deis a bheith ag seinnt le chéile ag an ionad ealaíon is faide siar san Eoraip ar fad. \nBeidh siad ag seinnt i gCathair na Gaillimhe agus in Inis Mór freisin le linn deireadh seachtaine iontach ar an gcósta thiar. \nRoghnaigh taibheoirí Barddair an Cheoil téamaí an aigéin agus a inbhir\, athruithe de bharr athrú aeráide\, agus na créatúir atá faoi bhagairt ag na hathruithe seo dá gcamchuairt trí oíche anseo i gContae na Gaillimhe. \nI measc na n-ealaíontóirí tá Alys Harvey\, Dominic MacGiolle Bhride\, Frances Morton\, Meic Llewellyn\, Nicolas Davalan\, Osian Morris\, agus Padraig Jack. \nTá ábhar nua forbartha ag filí agus ceoltóirí na hÉireann agus na Breataine Bige le taifeadadh le chéile\, tar éis dóibh a bheith ar camchuairt sa Bhreatain Bheag ag druidim le deireadh na bliana seo caite. \nI mí Aibreáin na bliana seo caite\, d’eisigh siad a gcéad léiriú digiteach chun Lá Domhanda na gCúirliún a chur chun cinn agus a cheiliúradh. \nBarddair an Cheoil beo sa Bhreatain Bheag\nI measc na gceoltóirí tá an t-amhránaí “sean nós” Doimnic Mac Gille Bhride\, as Dún na nGall\, a ghlac páirt sa léiriúchán iontach ‘Echoes of Calling’\, comhoibriú idir Áras Éanna\, Galway Dance Project\, agus damhsóirí Seapánacha\, anuraidh. \nSeinneann Doimnic an pianó\, na píobaí uilleann\, agus an bosca ceoil\, agus sheinn sé go forleathan ar fud na hEorpa\, Ceanada\, SAM agus an tSeapáin. \nSheinn sé i Toyko le Diane Cannon\, faoi ​​stiúir córagrafaí damhsa Seapánach Akiko Kitamura\, i mí Eanáir 2021.\nSeasann Osian Morris\, Meic Llewellyn\, agus Alys Hardy do thraidisiún na hamhránaíochta agus na scéalaíochta sa Bhreatain Bheag sa chomhpháirtíocht spreagúil seo idir an dá thír Cheilteacha. \nOsian Morris\nIs as an mBriotáin é Nicolas Davalan (dos dúbailte\, píobaí) agus tá cónaí air anois sa Bhreatain Bheag. \nIs é Pádraig Jack\, a scríobhann agus a chanann amhráin i nGaeilge agus i mBéarla\, a dhéanann ionadaíocht ar Oileáin Árann. \nTá dhá albam eisithe ag Padraig\, mac leis an scríbhneoir amhrán dátheangach Barry Ronan\, agus seinneann sé an giotár agus an pianó. \nTá cead isteach €10 ar an doras ar an oíche. \n \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/barddair-an-cheoil/
CATEGORIES:Concert
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2022/04/padraigs-amended-poster.jpg
END:VEVENT
END:VCALENDAR