BEGIN:VCALENDAR
VERSION:2.0
PRODID:-//Áras Éanna - ECPv6.15.17//NONSGML v1.0//EN
CALSCALE:GREGORIAN
METHOD:PUBLISH
X-ORIGINAL-URL:https://aras-eanna.ie
X-WR-CALDESC:Events for Áras Éanna
REFRESH-INTERVAL;VALUE=DURATION:PT1H
X-Robots-Tag:noindex
X-PUBLISHED-TTL:PT1H
BEGIN:VTIMEZONE
TZID:UTC
BEGIN:STANDARD
TZOFFSETFROM:+0000
TZOFFSETTO:+0000
TZNAME:UTC
DTSTART:20210101T000000
END:STANDARD
END:VTIMEZONE
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20220709T140000
DTEND;TZID=UTC:20220930T170000
DTSTAMP:20260511T175221
CREATED:20220602T141421Z
LAST-MODIFIED:20220629T155802Z
UID:17473-1657375200-1664557200@aras-eanna.ie
SUMMARY:Pictiúir daite d'Árann ársa
DESCRIPTION:Inis Oirr\, 1939.\nBeidh deis speisialta ag cuairteoirí go hInis Oirr an samhradh seo nuair a bheidh taispeántas amuigh faoin aer de sheanghrianghraif daite ó na trí Oileán Árann ó mhí Iúil go Meán Fómhair anseo ag Áras Éanna. \nBunaithe ar na leabhair ‘Old Ireland in Colour’\, bhí acadóirí agus comhúdair OÉ Gaillimh John Breslin agus Sarah-Anne Buckley páirteach i dtrí thaispeántas de chuid dá ngrianghraif daite ag músaeim agus ionaid chultúrtha i nGaillimh\, Corcaigh agus Béal Feirste. \nAgus anois tá siad ag teacht go hInis Oirr i 2022. \nTógadh na grianghraif go léir a bheidh ar taispeáint in Áras Éanna\, i dtaispeántas dar teideal ‘Old Aran in Colour’ (Pictiúir daite D’Árann ársa)\, ar Oileáin Árann. \nBeidh fotheidil do na grianghraif ar fáil as Gaeilge. \nTá Breslin agus Buckley ag comhoibriú le MacDara Ó Conaola\, atá lonnaithe in Inis Oírr\, chun fuaimrian a chruthú timpeall ar ghrianghraif an taispeántais ar an 9ú Iúil. Roimh sheoladh an taispeántais seo beidh caint ó Breslin agus Buckley\, agus beidh ceol le Ó Conaola don ócáid. \nTá an taispeántas seo urraithe ag an gCiste Árann in OÉ Gaillimh agus Áras Éanna Ionad Ealaine Inis Oirr. \nGrúpa mór in Inis Mór.\n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/pictiuir-daite-darann-arsa/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Exhibition,Taispeántas
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2022/06/1893-1895-Inis-Mór-Robert-John-Welch-The-Young-Firbolgs-copy-scaled.jpg
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;VALUE=DATE:20220805
DTEND;VALUE=DATE:20220914
DTSTAMP:20260511T175221
CREATED:20220407T113357Z
LAST-MODIFIED:20220727T133054Z
UID:17308-1659657600-1663113599@aras-eanna.ie
SUMMARY:Taispeántas Dath an Dóchais
DESCRIPTION:Grianghraf le Clive Wasson\nOsclófar ‘Dath an Dóchais’\, taispeántas a ceiliúrann 40 bliain d’fhísealaíontóirí sa Ghaeltacht\, in Áras Éanna i mí Lúnasa. \nDéanfaidh Údarás na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta ceiliúradh ar 40 de fhísealaíontóirí na Gaeltachta i dtaispeántas speisialta a bheidh ar siúl ar Inis Oirr ón 5ú Lúnasa go dtí an 13ú Meán Fómhair. \nComórann sé 40 bliain de thacaíocht don amharc-ealaíontóirí sna ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre. \nSeolfar an taispeántas\, atá á choimeád ag Úna Campbell agus foireann An Gailearaí\, Gaoth Dobhair\, ag gailearaí Áras Éanna Ionad Ealaíne ar an 5ú Lúnasa. \nBeidh saothar na nglún ealaíontóirí éagsúla le feiceáil. \nIs é an nasc coitianta atá eathrú ná gur as an nGaeltacht iad go léir nó go bhfuil siad lonnaithe sna ceantair Ghaeltachta. \nKarol Mac Gairbheith. Grianghraf le Clive Wasson\nLabhair Rónán Mac Con Iomaire\, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí\, Pobail & Pleanála Teanga Údarás na Gaeltachta faoin seoladh: \n“Mar phobal Gaeltachta\, tá muid go mór faoi chomaoin ag ár gcuid ealaíontóirí. Samhlaigh saol gan a gcuid físe\, gan a gcuid aislingí. Cuireann siad in iúl don saol mór cé muid féin mar phobal Gaeltachta agus cuireann siad in iúl dúinn féin cé dhár díobh muid. \n“Cothaíonn siad muid mar phobal agus tá muid buíoch mar phobal as sin. Is léargas é an taispeántas seo\, ní hamháin ar dhá scór bliain d’ealaín na Gaeltachta\, ach dhá scór bliain d’Údarás na Gaeltachta agus dhá scór bliain d’fhuinneamh an phobail a d’éiligh Údarás na Gaeltachta. Is iomaí splanc atá fanta fós inti.” \nIs ar mhaithe le forbairt na nEalaíon Dúchasach agus Comhaimseartha sa Ghaeltacht a cuireadh tús le hEalaín na Gaeltachta\, comhpháirtíocht idir Údarás na Gaeltachta agus An Chomhairle Ealaíon in 1997. \nCuireann Ealaín na Gaeltachta seirbhísí agus scéimeanna deontais ar fáil\, a thacaíonn le forbairt eagraíochtaí ealaíon agus le healaíontóirí aonair. \n\nIs iad na 40 ealaíontóir a mbeidh a saothar ar taispeáint mar chuid de Dath an Dóchais: Áine Ní Chíobháin Alannah Robbins Andrew Duggan Aoife Casby Bernadette Cotter Bob Quinn Brendan O’ Sullivan Brian Bourke Caoimhghin Ó Fraithile Cathal McGinley Ceara Conway Ciara O’ Flynn Clare Langan Clare Cashman Danny Chóil Dan Ó Flatharta RIP Deirdre McKenna Donnacha Quilty Heidi Nguyen Helen Quill Ian Gordon Ian Joyce Katrina Quille Karol Mac Gairbheith Kevin McGee Lelia Ní Chathmhaoil Maria Simonds-Gooding Niall Naessens Nuala Ní Fhlathúin Róisín Ní Chionnfhaolaidh Sandra Landers Sarah Lewtas Pádraic Reaney Patsy Dan Rodgers RIP Ruairí Rodgers Seán Cathal Ó Coileáin Seán Ó Flaithearta\nTadhg McSweeney RIP Tomás Ó Cíobháin Úna Ní Shé Úna Quigley.\n\n \n \nCathal McGinley. Grianghraf le Clive Wasson.\n  \n  \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/taispeantas-dath-an-dochais/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Exhibition
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2022/04/Landscape-Dath-an-Dóchais-1.jpeg
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20220813T203000
DTEND;TZID=UTC:20220813T223000
DTSTAMP:20260511T175221
CREATED:20220519T110721Z
LAST-MODIFIED:20220805T165426Z
UID:17410-1660422600-1660429800@aras-eanna.ie
SUMMARY:Lisa Lambe
DESCRIPTION:Lisa Lambe\nTá duine de na hamhránaithe\, cumadóirí amhrán agus taibheoirí Gaeilge is mó faoi láthair\, Lisa Lambe\, ag filleadh ar Inis Oirr le haghaidh seó speisialta in Áras Éanna ar an Dé Sathairn\, 13ú Lúnasa 2022. \nLe guth agus ceol álainn\, tá Lisa ag tabhairt banna iomlán go dtí Áras Éanna le haghaidh oíche speisialta ag an ionad ealaíne is faide siar san Eoraip. D’eisigh sí a tríú halbam aonair\, ‘Wild Red’\, i mí na Nollag 2021 tar éis di é a thaifeadadh in Iarthar Chorcaí. \nRoghnaíodh an t-albam mar ‘Albam na Seachtaine’ ar an BBC. \nTaifeadadh céad albam Lisa\, ‘Hiding Away’\, i Nashville le Gavin Murphy agus ba é ‘Albam na Seachtaine’ de chuid RTÉ Raidió a hAon in 2016. \nScríobhadh a dara halbam\, ‘Juniper’\, in iarthar na hÉireann agus taifeadadh é ag Attica Studios\, i gContae Dhún na nGall\, leis an léiritheoir Karl Odlum. Bhí Juniper ina ‘Album of the Week’ do BBC agus BBC Sounds agus mhol The Irish Times é mar éacht den scoth. \nGo rialta ar RTE agus TG4\, d’oibrigh sí le ceoltóirí den scoth ar nós Jack Temphin (scríbhneoir amhrán Eagles) Damien Dempsey\, Séamus Ó Flatharta\, Martin Hayes\, Seán Keane\, Paul Muldoon\, Duach\, Gabe Dixon\, No Crows\, Johnny Logan\, Cait O. ‘Riordan\, Eddi Reader\, Glen Hansard\, Mark Geary\, Colm Mac Con Iomaire\, Paul Brady\, Celtic Woman (príomhamhránaí le 3 bliana) John Sheahan\, Mundy\, Declan O’Rourke\, agus Jack Lukeman. \nBeidh na ceoltóirí ar fheabhas John McLoughlin (Giotár)\, Seán Regan (Fiddle\, mandolin) agus Wayne Sheehy (Cnaguirlisí) in éineacht le Lisa le haghaidh oíche fíor speisialta in Áras Éanna. \nDéan cinnte do thicéid a cheannach roimh ré ag an nasc seo: https://www.eventbrite.ie/e/lisa-lambe-live-at-aras-eanna-tickets-388064941687
URL:https://aras-eanna.ie/event/lisa-lambe/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Concert
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2022/05/lisalambe.jpg-scaled.jpg
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20220820T203000
DTEND;TZID=UTC:20220820T223000
DTSTAMP:20260511T175221
CREATED:20220520T122220Z
LAST-MODIFIED:20220622T155000Z
UID:17423-1661027400-1661034600@aras-eanna.ie
SUMMARY:The Raines
DESCRIPTION:The Raines.\nFilleann banna ceoil tíre trí phíosa atá lonnaithe i nGaillimh\, The Raines\, chuig an áit ar thosaigh sé dóimh ceithre bliana ó shin nuair a thagann siad ar ais go Inis Oirr do cheolchoirm in Áras Éanna ar an Dé Sathairn\, 20 Lúnasa. \nSheol The Raines (Ruth Dillon\, Juliana Erkkonen agus Yvonne Tiernan) a ceathrú singil réamh-mheasta ‘Another Lover’\, tógtha ón gcéad albam atá le teacht go luath\, Dé hAoine 20 Bealtaine. \nBeidh grá speisialta ag an triúr ball den bhanna d’Inis Oirr i gcónaí mar bhuail siad anseo den chéad uair i samhradh na bliana 2018 agus is cuairteoirí rialta chuig an oileán iad an triúr acu. \nTá an gig seo mar chuid de chamchuairt samhraidh\, le dátaí i mBaile Átha Cliath\, Luimneach\, Cathair na Mart\, Baile Choitín\, An Clochán\, agus Gaillimh. \nTicéid: https://www.eventbrite.ie/e/the-raines-live-at-aras-eanna-tickets-372115717127
URL:https://aras-eanna.ie/event/the-raines/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Concert
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2022/05/img-20210501-wa0077.jpg
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20220826T203000
DTEND;TZID=UTC:20220826T220000
DTSTAMP:20260511T175221
CREATED:20220601T120213Z
LAST-MODIFIED:20220811T104053Z
UID:17462-1661545800-1661551200@aras-eanna.ie
SUMMARY:Arán agus Im
DESCRIPTION:Manchán Magan sa seó ‘Arán & Im’ \nTá an scríbhneoir agus déantóir clár faisnéise mór le rá Manchán Magan ag teacht go dtí Áras Éanna le seó nua 70 nóiméad a cheiliúrann an Ghaeilge ar bhealach tarraingteach\, inrochtana trí arán agus im úr bhácáilte. \nIs taibhiú drámaíochta é Arán & Im ina bhácálann Manchán arán ar feadh  uair a chloig fad is a thugann sé léargas ar iontaisí na Gaeilge; ag ceiliúradh focail mealltacha a bhaineann le tír-dhreach\, iomas agus léirstean\, chomh maith le abairtí a thugann beocht de chumhacht agus mistéir an saoil nádúrtha. \nIs ceiliúradh é ar theanga\, tír agus bia áitiúil Éireannaigh\, le arán traidisiúnta taos géar atá úr-bhácáilte\, agus ar féidir leis an lucht féachana im a chur air atá maistrithe acu féin. \nScíobh agus léirigh Manchán an seó seo\, le láithreán ó Tom de Paor. Ba í Amharclann na Mainistreach a léiríodh ‘Aran agus Im’ ar dtús\, le cúnamh ó Once Off Productions. \nIs féidir leat ticéid a cheannach roimh ré don seó seo ag: https://www.eventbrite.ie/e/aran-im-beo-ag-aras-eanna-tickets-396465237197 \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/aran-agus-im/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Dramaíocht,Events,Theatre
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2022/06/manchan1.jpg.jpg
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20220827T203000
DTEND;TZID=UTC:20220827T223000
DTSTAMP:20260511T175222
CREATED:20220518T163431Z
LAST-MODIFIED:20220518T163431Z
UID:17402-1661632200-1661639400@aras-eanna.ie
SUMMARY:Pat Quinn agus a chairde
DESCRIPTION:An t-amhránaí-scríbhneoir Pat Quinn\nCé gur as Co. Longfoirt ó dhúchas dó\, tá Pat Quinn ina chónaí ar Inis Oirr le breis agus scór bliain anuas agus é ar dhuine de na hamhránaithe is cumadóirí amhrán is mó ráchairt ar an oileán. Tá clú agus cáil ar a chuid amhráin bharúla\, spraiúla\, agus scaitiúlí polaitiúla buíochas le leithéidí Christy Moore. \nRoimh an bpaindéim\, bhí ceolchoirm bhliantúil Pat Quinn lena chairde ceoil ar cheann de bhuaicphointí na bliana ar an oileán. Tá lúcháir orainn fáilte a chur roimh Pat ar ais chuig an amharclann\, áit a mbeidh roinnt comhoibrithe ceoil ón oileán agus níos faide i gcéin in éineacht leis.
URL:https://aras-eanna.ie/event/pat-quinn-agus-a-chairde/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Concert
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2022/05/patquinn-guitar-.jpg
END:VEVENT
END:VCALENDAR