• An t-Earrach Thiar – Féile an Phobail, Inis Oírr

    An tAsal Uaigneach, Seó puipéad curtha ar stáitse ag Scoil Naisiúnta Naohm Caomhán faoi stiúir Des Dillon. Taispeántas ealaíne saothar ranga ealaíne Inis Oírr Taispeántas grianghrafadóireachta saothar Club Ceamra Inis Oírr Ceol Inis Oírr – seisiún ceoil

    Free
  • FRESH STREET#3

    tabharfaidh 250 toscaire Idirnáisiúnta cuairt lae ar Inis Oírr do shraith imeachtaí suíomhoiriúnaithe a bheidh ar bun thart timpeall an oileáin.

    Free
  • Grúpa Fear CFP An Chloigín Ghoirm

    Oíche amhránaíochta, scéalaíochta, filíochta agus drámaíochta ó Ghrúpa Fear CFP An Chloigín Ghoirm. Saorchead isteach/ Fáilte roimh chách.

    Free
  • Margadh na Nollag

    Margadh na Nollag - ceardaíocht, ceol, scailtín fíona agus bia. Ón 6 i.n ar aghaidh. Fáilte roimh chuile dhuine.

    Free
  • Aerial / Sparks – Galway 2020

    Galway 2020 European Capital of Culture presents AERIAL/SPARKS by Louise Manifold in partnership with the Marine Institute Ireland and in association with the Commissioners of Irish Lights; Áras Éanna, Inis Oírr; and Ars Electronica 2020.

  • Arán agus Im

    Áras Éanna

    Manchán Magan sa seó 'Arán & Im'  Tá an scríbhneoir agus déantóir clár faisnéise mór le rá Manchán Magan ag teacht go dtí Áras Éanna le seó nua 70 nóiméad a cheiliúrann an Ghaeilge ar bhealach tarraingteach, inrochtana trí arán agus im úr bhácáilte. Is taibhiú drámaíochta é Arán & Im ina bhácálann Manchán arán...

    €15 – €20
  • Féile Cartún na Gaillimhe

    Áras Éanna

    Tá Féile Cartún na Gaillimhe ag filleadh ar Inis Oirr don tríú bliain as a chéile le trí thaispeántas i ngailearaí Áras Éanna agus roinnt imeachtaí ar an oileán. Ar an Máirt, 4 Deireadh Fómhair, seolfaidh an fhéile an tríú taispeántas bliantúil ‘Tarraing É I nGaeilge’, ina mbeidh roinnt de na cartúnóirí is mó le...

  • Cúirt Cheoil na mBan

    Á léiriú ag Áras Éanna & Éigse Dara Beag Cúirt Cheoil na mBan - Imeacht Cheoil Traidisiúnta na hÉireann d’amhránaithe, rinceoirí agus ceoltóirí ban do phobail Inis Oírr agus Inis Meáin.   6ú & 7ú Deireadh Fómhair 2023   ‘Théis chomh maith is a d’éirigh leis anuraidh, cuirfidh Áras Éanna 'Cúirt Cheoil na mBan' ar siúl...

  • Crime and the City Solution Acoustic

    Áras Éanna

    Is údar bróid do ‘Crime & the City Solution’ leagan acústaic trí phíosa den bhanna a fhógairt, faoin ainm Crime & the City Solution (Acoustic) nó Crime (Acoustic) mar ainm gairid. Is ón mbeirt Bonney/Adams, a bhí ar chamchuairt sna SA agus san Eoraip le Mark Langan in 2019, a tháinig an smaoineamh Crime (Acoustic)...

  • Dúchas agus Dóchas

    Áras Éanna

    Tá ríméad ar Áras Éanna, Inis Oírr, fáilte a chur roimh ‘Dúchas agus Dóchas, A Clare Songline’ go hInis Oírr mar chuid dá gcamchuairt náisiúnta. Bhí ceangal i gcónaí idir Inis Oírr agus Contae an Chláir, go tíreolaíoch, go stairiúil agus ó thaobh an cheoil de, gan trácht ar an gceangal gaoil: tá go leor...

  • The Raines – Inis Meáin

    Halla Inis Meáin Inis Meáin

    Beidh ‘Na Raines’  linn ar Inis Meáin lena gceol tíre uathúil Americana,ar ais san áit inar síolraíodh an smaoineamh banna a bhunú. Bíonn an seó díolta amach chuile uair a bhíonn siad anseo, mar sin ná caill amach ar an seans seo lena gcuid amhrán nua a chloisteáil chomh maith le hamhráin óna gcéad albam...

  • Tom Portman & Maciej Zavoronek

    Áras Éanna

    Train to Nowhere, ceolchoirm le Tom Portman agus Maciej Zavoronek - ar an Aoine 2 Lúnasa ag 8:30i.n. Tom Portman: Fonnadóireacht, Giotár & Dobro (sleamhnú giotáir) agus Maciej Zavoronek – Orgán Béil, Clairinéad agus Sacsafón. Tá an buncheol spreagtha ag Gormacha Tíre, Snagcheol agus roinnt amhrán de chuid Hank Williams, Mississpi John Hurt, J.J Cale agus Eric...

  • Clare Sands

    Áras Éanna

    As Corcaigh í Clare Sands, fidléir den tséú glúin agus amhránaí dátheangach. Tarraingíonn sí go domhain ar cheol a sinsear, agus fíonn sí fréamhacha traidisiúnta Gaelacha le fuaimeanna agus tionchair chomhaimseartha. Tá a cuid amhrán nasctha go domhain le háit, ag tabhairt béaloideas, teanga agus gníomhaíochas le chéile sa cheol. Tá cáil uirthi as a...