BEGIN:VCALENDAR
VERSION:2.0
PRODID:-//Áras Éanna - ECPv6.15.17//NONSGML v1.0//EN
CALSCALE:GREGORIAN
METHOD:PUBLISH
X-ORIGINAL-URL:https://aras-eanna.ie
X-WR-CALDESC:Events for Áras Éanna
REFRESH-INTERVAL;VALUE=DURATION:PT1H
X-Robots-Tag:noindex
X-PUBLISHED-TTL:PT1H
BEGIN:VTIMEZONE
TZID:UTC
BEGIN:STANDARD
TZOFFSETFROM:+0000
TZOFFSETTO:+0000
TZNAME:UTC
DTSTART:20180101T000000
END:STANDARD
END:VTIMEZONE
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20250913T203000
DTEND;TZID=UTC:20250913T223000
DTSTAMP:20260714T102103
CREATED:20250702T110142Z
LAST-MODIFIED:20260520T103450Z
UID:19453-1757795400-1757802600@aras-eanna.ie
SUMMARY:BETWEEN DOG AND WOLF
DESCRIPTION:Tráthnóna scéalaíochta le Tommy Tiernan & Martin Shaw \nIs féidir labhairt faoin taobh saghas aisteach den saol tríd an scéalaíocht. Faoi cheilt sna seanscéalta tá stair rúnda faoin domhan. Tá Tommy Tiernan agus Martin Shaw ag tabhairt faoi chamchuairt ina dtugann siad cuireadh duitse dul leo. Ní seó grinn ná léamh liteartha atá i gceist\, ach sórt brionglóidíocht le do shúile oscailte. Saol ina dtéann tú amú ar do bhealach abhaile ón margadh\, nó ina n-athraíonn bó ina cnoc nó ina bhfeictear bean le heireaball sionnaigh i bhfolach faoina sciorta aici. Tá na rudaí seo ag tarlú an t-am ar fad\, agus cuireann Tiernan agus Shaw an cruthúnas de sin trasna ina gcuid scéalta. \nTicéid €25 ar Eventbrite  
URL:https://aras-eanna.ie/event/between-dog-and-wolf/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Dramaíocht,Theatre
ATTACH;FMTTYPE=image/png:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2025/07/SEP13_INIS_OIRR-scaled.png
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20250823T130000
DTEND;TZID=UTC:20250823T140000
DTSTAMP:20260714T102103
CREATED:20250619T131755Z
LAST-MODIFIED:20250619T131755Z
UID:19409-1755954000-1755957600@aras-eanna.ie
SUMMARY:Sheep!
DESCRIPTION:Sheep! \nAmharclannaíocht  Am Lóin – 1i.n. Dé Sathairn\, 23 Lúnasa \nIs dráma faoi chaoirigh é Sheep! Ní faoi dhaoine é\, Ní fútsa. Ach amháin…. gur fúinn uilig é\, faoi thréada agus muintearas – agus foréigean a chuireann faitíos orainn breathnú sna súile ar aon duine ar fhaitíos aird nach dteastaíonn. \nDráma atá á fhorbairt ina léirítear monalóg atá scríofa agus léirithe ag Jenni Nikinmaa agus atá á stiúradh ag Sarah O’Toole. \n  \nTicéid: €10 ar eventbrite
URL:https://aras-eanna.ie/event/sheep/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Dramaíocht
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2025/06/Jenni-Nikinmaa-Sheep-PIC-_Credit_Andrea-Spakova-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20250815T203000
DTEND;TZID=UTC:20250815T223000
DTSTAMP:20260714T102103
CREATED:20250619T110825Z
LAST-MODIFIED:20250619T125035Z
UID:19396-1755289800-1755297000@aras-eanna.ie
SUMMARY:Achill Island\, Basking Shark Fishermen
DESCRIPTION:Is freagra ceolmhar é Achill Island\, Basking Shark Fishermen\, ar thionscal iascaireachta na liamhán gréine in Acaill\, atá ag féachaint leis an gcuid thábhachtach seo d’oidhreacht an oileáin a chaomhnú do na glúnta atá le teacht. \nD’eisigh “The Achill Sound” a gcéad albam Isle of the Eagle i mí Lúnasa 2023 agus tá siad anois ag cur an tionscnaimh is deireanaí seo dá gcuid i láthair\, tionscnamh atá dírithe ar chaomhnú an tseanchais agus na scéalta a bhaineann le tionscal iascaireachta na liamhán gréine ar Acaill sa 20ú haois. Sa léiriú uathúil agus tumthach seo tugtar léiriú mothálach ar stair iascaireachta na siorcanna in Acaill\, trí mheascán taifead\, píosaí scannáin ón gcartlann agus íomhánna bunaidh in éineacht le ceol agus amhráin traidisiúnta agus nuachumtha de chuid na hÉireann. \nIs iad an bheirt a tháinig suas le The Achill Sound  ná Graham Sweeney\, ceoltóir atá lonnaithe in Acaill\, agus John Michael Berry\, léiritheoir atá ag cur faoi i nGlaschú ach ar tháinig a mhuintir freisin as an oileán. Leis an togra seo tá siad ag féachaint leanúint lena sprioc chomhchoiteann maidir le stair agus cultúr Acla a choinneáil beo. \nDeir Graham Sweeney\, “My family had a large involvement in the industry\, which is why I viewed it with a heavy heart and anger. It is only in recent years that I see both sides of the story; on a quiet island with little industry\, forcing many people to leave home for work\, you cannot blame them for wanting to survive and support their families. There was not a great understanding of damaging a species towards extinction. All that the local people knew was survival. I wanted to shine a light on the days gone by by recording as many first-hand accounts and stories as possible. While some community members recall ‘the glory days of the shark fishing’\, others mourn the loss of these magnificent\, harmless giants of the ocean.” \nLe tacaíocht bhródúil ó Chomhairle Ealaíon na hÉireann\, áiríonn an léiriú beo seo de Achill Island\, Basking Shark Fishermen closamhairc leis an léiritheoir John Michael Berry\, ceol traidisiúnta agus nuachumtha de chuid Graham Sweeney (giotár agus canadh) Lisa Fukuda (fidil) agus Johnny Butler (píb uilleann). Tá páirt ag na ceoltóirí seo uilig in The Achill Sound agus de bharr ceangal pearsanta tá siad ag iarraidh stair agus cultúr an oileáin a choinneáil beo. \nTá scéal thionscail iascaireachta na liamhán gréine in Acaill á chur faoi chaibidil ar bhealach álainn sa bpíosa uathúil seo\, trí úsáid a bhaint as ealaín thraidisiúnta mar aon le hamharcealaín chun taispeántas ceoil bheo agus tumthach a chruthú\, taispeántas a thugann léiriú ar ré thábhachtach d’oidhreacht mhuirí Acla agus na hÉireann. \nTicéid €25/€20 ar eventbrite
URL:https://aras-eanna.ie/event/achill-island-basking-shark-fishermen/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Dramaíocht
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2025/06/Achill-Island-Basking-Shark-Fishermen-drawing-FOR-WEB-1-jpg-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20250719T203000
DTEND;TZID=UTC:20250719T213000
DTSTAMP:20260714T102103
CREATED:20250612T154117Z
LAST-MODIFIED:20250612T154117Z
UID:19349-1752957000-1752960600@aras-eanna.ie
SUMMARY:Zeitgeist Jukebox
DESCRIPTION:Zeitgeist Jukebox  \nSatharn 19 Iúil 8:30i.n. \nAr an oíche áirithe seo\, buaileann roinnt daoine le chéile ag seanstór\, de bharr fógra a chonaic siad crochta ar chuaille solais. Cuireadh a bhí sa bhfógra a bheith páirteach sa mbanna ceoil is aistí dá raibh riamh ann chun an t-albam is fearr den aonú haois is fiche a chur le chéile.  Leagtha ansin bhí trealamh taifeadta bunúsach a bhí réidh le húsáid\, an t-am ag sleamhnú leis … anois nó riamh. \nIs eispéireas amharclannaíochta tumthach é Zeitgeist Jukebox ina léirítear scéalaíocht mháistriúil Little John Nee\, leigheas machnamhach ar an dícheangal a mhothaíonn daoine sa lá atá inniu ann agus léiriú ar chumas leighis an cheoil. Tá camchuairt náisiúnta den seó díreach críochnaithe\, agus bhí an lucht féachana an-tógtha go deo leis. \nSuigh siar\, glac scíth agus déan neart gáire. Má théann an ceol i bhfeidhm ort\, léim suas agus glac páirt. \nIs scríbhneoir agus taibheoir bisiúil é Little John Nee atá ag cur faoi in iarthar na hÉireann Tá stíl amharclannaíochta ar leith cruthaithe aige\, scéalaíocht cheolmhar ar a dtugann sé “punc séimh”. In 2024 thug sé faoi chamchuairt fhairsing le Nettle Horse\, lena n-áirítear seónna in Ionad Cultúir na hÉireann i Londain. \n  \nTicéid €25 & €20 anseo
URL:https://aras-eanna.ie/event/zeitgeist-jukebox/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Dramaíocht
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2025/06/zeitgeist2-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20241017T200000
DTEND;TZID=UTC:20241017T230000
DTSTAMP:20260714T102103
CREATED:20241008T143305Z
LAST-MODIFIED:20241008T143837Z
UID:19051-1729195200-1729206000@aras-eanna.ie
SUMMARY:We Built This City on Rock and Coal
DESCRIPTION:Tugann ‘We Built This City on Rock and Coal’ eolaithe agus lucht amharclannaíochta chuig ceantar tuaithe iarthar na hÉireann do sheó coiméide comhchruthaithe bunaithe ar hopepunk\, taighde aeráide\, ceol agus na nithe is mó a mbíonn suim ag an bpobal áitiúil iontu. Seó é seo a thaitneoidh leat agus atá go maith don domhan! Creidimid gur féidir le gach duine agus a bpobal páirt a ghlacadh sa réiteach ar an athrú aeráide. \nLe linn an tseó tugtar deis do dhaoine sa lucht féachana labhairt amach agus/nó dul faoi agallamh. Baineann saineolaithe tobchumadóireachta idirnáisiúnta úsáid as na hábhair foinse seo chun teacht suas le radhairc\, amhráin agus sceitsí a bhaineann go sonrach le gach seó agus pobal. \nSaorchead isteach \nTuilleadh eolais anseo \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/we-built-this-city-on-rock-and-coal/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Dramaíocht
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/10/BC202404_square_textxx.jpeg
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240808T083000
DTEND;TZID=UTC:20240808T220000
DTSTAMP:20260714T102103
CREATED:20240620T154607Z
LAST-MODIFIED:20240620T155216Z
UID:18683-1723105800-1723154400@aras-eanna.ie
SUMMARY:Nettle Horse
DESCRIPTION:Is scéal é ‘Nettle Horse’ faoi fhear a dhíolann ciaróga inite ag aonach capall\, bean a bhfuil cead pleanála díreach faighte aici chun pirimid a thógáil agus capall ag ithe neantóga. \nIs aistear (odyssey) amharclainne claochlaitheach é ‘Nettle Horse’ leis an scríbhneoir\, taibheoir agus ceoltóir Little John Nee. Tugtar cuireadh don lucht féachana dul isteach i ndomhan comhthreomhar agus draíocht a gcuid samhlaíochta féin a fheiceáil i gcruthú na todhchaí. Dearadh soilse le Emma O Grady. \nTicéid €15/€20 ar eventbrite \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/nettle-horse/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Dramaíocht
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/06/Nettlehorse_Pic1-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240716T200000
DTEND;TZID=UTC:20240716T210000
DTSTAMP:20260714T102103
CREATED:20240620T162435Z
LAST-MODIFIED:20240620T163004Z
UID:18718-1721160000-1721163600@aras-eanna.ie
SUMMARY:Ar an Dé Deiridh
DESCRIPTION:Tá dráma nua dar teideal Ar An Dé Deiridh\, atá bunaithe ar sheanchas agus stair Chonamara atá ag tabhairt beocht do scéalta agus logainmneacha ársa na háite ag teacht go hInis Oírr Dé Máirt 16ú Iúil. Á léiriú ag Gliogar\, cnuasach ealaíontóirí Chonamara\, agus le Caoimhghín Ó hEoghusa mar phríomh-aisteoir\, tá an dráma seo ag cur scéal sean-Ghréigeach an mharatóin i gcomhthéacs concas na Normannach in Iar-Chonnachta in 1256A.D. Beidh sé ar siúil in Áras Éanna ag 8i.n agus tá ticéid de €5 ar fáil trí gliogar.ie. \n  \n  \n \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/ar-an-de-deiridh/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Dramaíocht
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/06/socialmedia_inisoirr-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="gliogar.ie":MAILTO:eolas@gliogar.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240705T203000
DTEND;TZID=UTC:20240705T220000
DTSTAMP:20260714T102103
CREATED:20240501T160815Z
LAST-MODIFIED:20240704T104406Z
UID:18518-1720211400-1720216800@aras-eanna.ie
SUMMARY:For the love of Milseáin
DESCRIPTION:Tá an bhean ghrinn\, a bhfuil gradaim bainte amach aici\, agus atá ina banríon ar ghreann neamhghnách na hÉireann\, Áine Gallagher\, amuigh le cruthú go bhfuil labhairt na Gaeilge sodhéanta agus greannmhar. Trí úsáid a bhaint as a stíl ait agus fuarchúiseach mar a huirlis rúnda sa seó grinn fíoruathúil seo\, déanann Áine iniúchadh ar an ngrá\, ar bhácáil cácaí muga agus ar dhéanamh dearmad. Is dráma grinn dátheangach ach sothuigthe é\, a spreagfaidh do ghrá don teanga in athuair agus a thabharfaidh ar ais do chúpla focal. \nToisc nach cainteoir líofa í Áine\, tuigeann sí an faitíos a bhíonn ar dhaoine nuair a thagann sé go dtí ár dteanga dhúchais. Sin é an fáth go bhféachann sí leis an lucht féachana a spreagadh trína cuid scéalta a roinnt leo\, scéalta óna haistear féin ag foghlaim na Gaeilge\, ar nós nuair a chas sí leis an Uachtarán Mícheál D. Ó hUiginn agus tubaistí eile mar sin. \nTrína stíl fhuarchúiseach\, neamhghnách agus fíoruathúil\, níl aon dabht nach músclóidh Áine do ghrá don Ghaeilge\, fiú murar chuala tú focal riamh. Tar amach mar sin le go bhfeicfidh tú “FOR THE LOVE OF MILSEÁIN”\, suigh siar agus faigh spreagadh as scéalta greannmhara Áine. \nTicéid €15/€20  ar fáil anseo \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/for-the-love-of-milseain/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Dramaíocht
ATTACH;FMTTYPE=image/png:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/05/Gen-Milseáin-PNG-4.png
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240609T123000
DTEND;TZID=UTC:20240609T133000
DTSTAMP:20260714T102103
CREATED:20240501T145131Z
LAST-MODIFIED:20240509T152350Z
UID:18500-1717936200-1717939800@aras-eanna.ie
SUMMARY:Enchanted  (12:30pm & 3pm)
DESCRIPTION:  \nSan eachtra spraíúil tumthach seo tá lucht na farraige ag ól tae feamainne istigh i bhfoirgnimh aisteacha faoin uisce. Cócarálann ‘Seagull John’ éin bhána os cionn tinte bruscair agus i mbrionglóidí ón todhchaí iniúchtar caillteanas\, tuair cheatha agus buairt i spás tairseachúil atá trína chéile de bharr anord aeráide. Tugann an draíodóir (Ali Keohane) an lucht éisteachta chuig Hy-Brasil\, an t-oileán miotasach a imíonn as radharc\, fad is a bhíonn siad ag siúl timpeall Inis Oírr ag éisteacht le scéalta a bhíonn á n-insint ag Mikel Murfi\, Jenni Nikinmaa & Tonya Lenhart. \nAistear thart ar 2 chiliméadar taobh amuigh (timpeall 1 uair an chloig)\, ní mór bróga maithe siúil a chaitheamh agus a bheith gléasta don aimsir. \nScríobh\, dearadh & coincheap: Jenni Nikinmaa\nTacaíocht léirithe: Michelle Cahill\nInnealtóireacht Fuaime & Taifeadadh: Jack Cawley\nAisteoirí ar an láthair: Ali Keohane agus Jenni Nikinmaa\nAisteoirí gutha: Mikel Murfi\, Tonya Lenhart\, Jack Cawley\, Jenni Nikinmaa \nComhléiriú idir Ionad Amharclannaíochta agus Ealaíon Bhiorra & Jenni Nikinmaa do Sheachtain Seanré Bhiorra 2023.\nTacaíocht ó Agility Award / Comhairle Ealaíon na hÉireann \nCruthaíodh  ‘The Enchanted’ le tacaíocht cónaitheachtaí Remote Control 2 & 3 a d’ostáil Brú Theatre agus cónaitheacht MAKE 2022 (Dublin Fringe\, Project Arts Centre\, Féile Lársamhraidh Chorcaí; Theatre Forum). \nBeidh dhá léiriú ar siúl \n12:30pm & 3pm \nTicéid: €8 €12    Ticéid don léiriú ag 12:30pm ar fáil anseo\nTicéid don léiriú ag 3pm ar fáil anseo \n  \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/enchanted/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Dramaíocht
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/05/960x400_Enchanted.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240608T203000
DTEND;TZID=UTC:20240608T220000
DTSTAMP:20260714T102103
CREATED:20240418T105121Z
LAST-MODIFIED:20240515T095705Z
UID:18443-1717878600-1717884000@aras-eanna.ie
SUMMARY:Vixen
DESCRIPTION:Bliain ó bhásaigh Martin – leannán Angie- agus tá a theaghlach tagtha ar cuairt ag a uaigh. Coinníonn Angie súil orthu ó shábháilteacht a cairr\, atá i bhfolach faoin gcrann iúir.  Fanann sí i bhfolach\, is a brón go domhain ina croí. Cuimhníonn sí ar na sionnaigh\, ag teacht ar nós sruth smaointe gránna….. VIXEN scríofa ag Helen Casey\, léirithe ag Rose Henderson agus le Daire Kelly mar oibreoir teicniúil\, is dráma mealltach síceolaíoch é maidir le diongbháilteacht\, teacht aniar agus mian na mná seo a leannán rúnda a ainmniú cé go bhfuil sé pósta le bean eile. \nDráma dodhearmadta agus draíochtúil ina bhfiosraítear an grá\, folús ceilte agus fírinní míshuaimhneacha go domhain. De réir mar a thugtar léargas níos fearr dúinn ar shaol Angie téann na mothúcháin ó ghliondar go gruaim\, lán le teannas agus crá croí.  Nach fearr titim i ngrá agus cailleadh amach …. Nó an fearr?\nTicéid €15/€20 ar fáil  anseo: \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/vixen/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Dramaíocht
ATTACH;FMTTYPE=image/png:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/04/Vixen-photo-5-1.png
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240523T203000
DTEND;TZID=UTC:20240523T220000
DTSTAMP:20260714T102103
CREATED:20240501T142554Z
LAST-MODIFIED:20240501T143750Z
UID:18491-1716496200-1716501600@aras-eanna.ie
SUMMARY:THE BRÓD\, THE BOLD\, & THE BEAUTIFUL
DESCRIPTION:“It takes courage to grow up and become who you really are” \nE.E. Cummings \nSpreagtha ag fíorscéalta\, is dráma nua grinn oilbhéasach é THE BRÓD\, THE BOLD\, & THE BEAUTIFUL\, atá bunaithe ar thaithí daoine LGBTQ+ na hÉireann le 30 bliain\, ina bhfiosraítear na dúshláin agus an t-aoibhneas a bhaineann le saol duine óg LGBTQ+ sa lá atá inniu ann. \nAgus iad ag úsáid bealaí fisiciúla nua don bhailiúchán scéalaíochta scrúdaíonn agus ceiliúrann Amharclann Quintessence saol triúr LGBTQ+: gach duine acu ó ghlúin difriúil agus gach duine acu ag plé ceisteanna nua agus leanúnacha a bhaineann le claontacht\, bród\, féiniúlacht\, grá agus stair. \nCruthaithe i gcomhar le Outcomers\, Seirbhís Tacaíochta LADT\, Dún Dealgan. \nFAD: Thart ar 1 uair an chloig 20 nóiméad \nSaorchead isteach! \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/the-brod-the-bold-the-beautiful/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Dramaíocht
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/05/The-Brod-the-Bold-and-the-Beautiful-Brochure-Image-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20231030T150000
DTEND;TZID=UTC:20231030T160000
DTSTAMP:20260714T102103
CREATED:20231019T143522Z
LAST-MODIFIED:20231019T144019Z
UID:18376-1698678000-1698681600@aras-eanna.ie
SUMMARY:Humans: Ceoldráma Róbait
DESCRIPTION:  \nHumans: Ceoldráma Róbait \nTá an seachtú ceolghrúpa róbait is fearr sa domhan – bhuel\, bhí siad ar an cúigiú dream ab fhearr ach chuaigh sé sa gceann acu – ag tabhairt faoi cheoldráma NUA. Cuirfear ar stáitse é do na róbait uilig i chuile áit agus míneofar ann céard iad Daoine. \nBeidh gach rud togha\, níl uathu ach roinnt freagraí. \nAg an am céanna\, tá Jennifer Dempsey\, cailín 10 mbliana d’aois atá AN-TÓGTHA le róbait\, ar mhisean dá cuid féin\, ceann a d’fhéadfadh b’fhéidir an bealach caidrimh idir róbait agus daoine a athrú go deo! \nIs scéal mórchroíoch – agus greannmhar! é seo – faoi chailliúint\, cairdeas agus dóchas\, trí róbat daonna atá páirteach ann\, duine acu sách róbatach agus tá amhráin tharraingteacha freisin ann. \nCruthaithe ag an drámadóir John McCarthy agus an Chuideachta Amharclannaíochta Graffiti atá ag cur drámaíocht ar fáil do lucht féachana óg i gCorcaigh le beagnach 40 bliain. Léirithe i gcomhar leis an amharclann ‘The Everyman’ \nFeiliúnach do pháistí 8+ agus a ndaoine fásta leo. \nAm: 60 nóiméad \n“Bhí sé an-ghreannmhar ach bhí sé brónach freisin. Bhí an t-amhrán ‘Friendship Vacancy’ iontach. Thaitin an damhsa linn\, an croitheadh tóna agus an cailín ag iarraidh an flas agus na bromanna a dhéanamh” – Sarah\, aois 10 \nFoireann: Jennifer Barry\, Úna Ní Bhriain\, Darragh Shannon & Bob Kelly \nScríofa ag John McCarthy \nLiricí/Leabhar Amhrán le John McCarthy \nCumadh na nAmhrán – Katie Holly & John McCarthy \nStiúrtha ag Niall Cleary \nDearthóir Seit & Soilse – Sarah Jane Shiels \nDearadh Fuaime & Stiúrthóir Ceoil – Carl Kennedy \nStiúrthóir Cúnta Ceoil – Emily Donoghue \nDearthóir Feisteas – Jenny Whyte \nTicéid €5 ar fáil ar Eventbrite:  https://www.eventbrite.ie/e/732736413337?aff=oddtdtcreator
URL:https://aras-eanna.ie/event/18376/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Concert,Dramaíocht
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2023/10/Primary-Show-Image-.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20221008T200000
DTEND;TZID=UTC:20221008T210000
DTSTAMP:20260714T102103
CREATED:20220929T142429Z
LAST-MODIFIED:20220929T143142Z
UID:17940-1665259200-1665262800@aras-eanna.ie
SUMMARY:Selvage
DESCRIPTION:Tá Brú Theatre ag tabhairt seó ildisciplíneach spreagúil nua dar teideal ‘Selvage’ chuig amharclann Áras Éanna ar an Dé Sathairn\, 8ú Deireadh Fómhair (8in). \nScríofa ag an stiúrthóir ealaíne James Riordan agus arna stiúradh ag Lara Campbell\, is imeacht amharclainne é ‘Selvage’ a úsáideann foirmeacha éagsúla de thaibhléiriú beo chun scéal Jo a insint ar stáitse. \nFeidhmíonn Riordan sa seó dorcha\, ach áthasach\, seo faoi imní nua-aimseartha a réiteach. \nLe puipéadóireacht\, scríbhneoireacht nua agus gluaiseacht córeagrafach\, beidh ceol beo ón gceoltóir agus ón gcumadóir Anna Mullarkey san áireamh freisin. \nTá ‘Selvage’ ag teacht go hInis Oirr mar chuid de chamchuairt náisiúnta a bheidh ar siúl in ocht n-ionad. Díol an séo seo amach i nGaillimh i 2019. \nAinmníodh an seó do dhá Ghradam Amharclannaíochta an Irish Times in 2020\, lena n-áirítear an Aisteoir is Fearr do James Riordan agus Soilsiú is Fearr do Sarah Jane Shiels. \nBru Theatre were the first theatre company to perform here at Áras Éanna after the lifting of Covid 19 restrictions last year\, when they staged the sold out virtual reality ‘Ar Ais Arís’ show outdoors\, and we are delighted to welcome them back to our theatre. \nBa iad Brú Theatre an chéad chompántas téatair a léirigh anseo in Áras Éanna tar éis srianta Covid 19 a mhaolú anuraidh\, nuair a chuir siad an seó réaltachta fhíorúil ‘Ar Ais Arís’ ar stáitse amuigh faoin aer\, agus tá an-áthas orainn fáilte a chur rompu ar ais chuig ár amharclann. \nNíl cead isteach ach €5 ar an doras.
URL:https://aras-eanna.ie/event/selvage/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Dramaíocht,Theatre
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2022/09/Selvage-play-Bru-Theatre-James-Riordan-by-Julia-Dunin-Photography-66.jpg
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20220826T203000
DTEND;TZID=UTC:20220826T220000
DTSTAMP:20260714T102103
CREATED:20220601T120213Z
LAST-MODIFIED:20220811T104053Z
UID:17462-1661545800-1661551200@aras-eanna.ie
SUMMARY:Arán agus Im
DESCRIPTION:Manchán Magan sa seó ‘Arán & Im’ \nTá an scríbhneoir agus déantóir clár faisnéise mór le rá Manchán Magan ag teacht go dtí Áras Éanna le seó nua 70 nóiméad a cheiliúrann an Ghaeilge ar bhealach tarraingteach\, inrochtana trí arán agus im úr bhácáilte. \nIs taibhiú drámaíochta é Arán & Im ina bhácálann Manchán arán ar feadh  uair a chloig fad is a thugann sé léargas ar iontaisí na Gaeilge; ag ceiliúradh focail mealltacha a bhaineann le tír-dhreach\, iomas agus léirstean\, chomh maith le abairtí a thugann beocht de chumhacht agus mistéir an saoil nádúrtha. \nIs ceiliúradh é ar theanga\, tír agus bia áitiúil Éireannaigh\, le arán traidisiúnta taos géar atá úr-bhácáilte\, agus ar féidir leis an lucht féachana im a chur air atá maistrithe acu féin. \nScíobh agus léirigh Manchán an seó seo\, le láithreán ó Tom de Paor. Ba í Amharclann na Mainistreach a léiríodh ‘Aran agus Im’ ar dtús\, le cúnamh ó Once Off Productions. \nIs féidir leat ticéid a cheannach roimh ré don seó seo ag: https://www.eventbrite.ie/e/aran-im-beo-ag-aras-eanna-tickets-396465237197 \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/aran-agus-im/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Dramaíocht,Events,Theatre
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2022/06/manchan1.jpg.jpg
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20220731T140000
DTEND;TZID=UTC:20220801T233000
DTSTAMP:20260714T102103
CREATED:20220706T192350Z
LAST-MODIFIED:20220706T192350Z
UID:17589-1659276000-1659396600@aras-eanna.ie
SUMMARY:The Curly Organ agus Silent Disco
DESCRIPTION:Tá tionscadal seiftithe leis an gceoltóir / físealaíontóir The Curly Organ (Donal McConnon) ina lorgaíonn sé nasc le baill den phobal trí chluigíní ag teacht go hInis Oirr ar feadh dhá lá agus oíche ar an 31 Iúil agus 1 Lúnasa. \nBeidh Donal i dteagmháil le baill den phobal amuigh faoin aer anseo ar an oileán\, chomh maith le ceardlanna a reáchtáil agus seisiún subh treoraithe do cheoltóirí. \nTaifeadfaidh Donal daoine “beo” le haghaidh cumadóireachta a eiseoidh sé níos déanaí ar na meáin shóisialta. \nTar éis na dtaibhithe ar Inis Oirr ar an Domhnach agus ar an Luan beidh ceolchoirm “silient disco” le HushDisco (Gilly Kelly Dunne) i dTigh Ned\, teach tábhairne ceoil iomráiteach an oileáin\, oíche Dé Luain\, 1ú Lúnasa.
URL:https://aras-eanna.ie/event/curly-organ-agus-silent-disco/
CATEGORIES:Dramaíocht
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20220504T200000
DTEND;TZID=UTC:20220504T210000
DTSTAMP:20260714T102103
CREATED:20220428T155539Z
LAST-MODIFIED:20260513T160955Z
UID:17357-1651694400-1651698000@aras-eanna.ie
SUMMARY:Amazing Grace
DESCRIPTION:Tabharfar scéal ceannaire feimineach fíochmhar\, maraí\, agus máthair as Iarthar na hÉireann ar an saol i léiriú speisialta stáitse 50 nóiméad in Áras Éanna Ionad Ealaíne\, Inis Oirr\, oíche Dé Céadaoin\, 4ú Bealtaine (8in). \nInsíonn an seó seo\, atá as Gaeilge don chuid is mó agus oiriúnach don teaghlach ar fad\, scéal Gráinne Ní Mháille\, an ceannaire ó Iarthar Mhaigh Eo\, a thaistil go Londain chun bualadh leis an mBanríon Eilís I. \nIs í Hillary Bowen-Walsh a scríobh agus a stiúrann ‘Amazing Grace’. Spreagadh í chun é a scríobh le linn cónaitheachta le hÁras Éanna mí Dheireadh Fómhair seo caite. \nBeidh na haisteoirí Ailish Carey\, Seamus Hughes\, agus Brian O Suilleabhán páirteach sa seo. Is í Orla Kelly-Smyth an bainisteoir turas. \nTá cead isteach €10 do dhaoine fásta agus €5 do pháistí. \n \n \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/amazing-grace/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Dramaíocht
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2022/04/Amazing-Grace-poster-1-scaled.jpg
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20190914T203000
DTEND;TZID=UTC:20190914T203000
DTSTAMP:20260714T102103
CREATED:20190910T145928Z
LAST-MODIFIED:20190910T145928Z
UID:15900-1568493000-1568493000@aras-eanna.ie
SUMMARY:Hot Potato Productions present Just Guff
DESCRIPTION:
URL:https://aras-eanna.ie/event/hot-potato-productions-present-just-guff/
CATEGORIES:Dramaíocht
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2019/09/Just-Guff_Áras-Éanna-A3.jpeg
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20190824T203000
DTEND;TZID=UTC:20190824T223000
DTSTAMP:20260714T102103
CREATED:20190425T155717Z
LAST-MODIFIED:20190430T124955Z
UID:15317-1566678600-1566685800@aras-eanna.ie
SUMMARY:Crowman le Jon Kenny
DESCRIPTION:CROWMAN LE JON KENNY \nScríofa agus stiúrtha ag Katie Hollie \n  \nCoiméide dorcha agus Jon Kenny ag aisteoireacht ann ag léiriú uaigneas an fhir seo – agus a ghráin galrach ar phréacháin. Tá rud amháin in intinn Dan\, sin chuile phréachán a dhéan aon dochar dá chuid talún nó dá shaol ag am ar bith a scaipeadh\, a bhascadh nó a mharú. Tá sé furasta leis áfach imeacht ar seachrán ar thurais samhlaíochta agus ar chuimhní faoi imeachtaí óna shaol atá thart anois\, faoi liosta na seachtaine de shochraidí agus d’Aifrinn a gcaithfidh sé dul acu\, comhráití samhalta lena mhadra deas caorach agus scuaine tráchtairí rása\, cócairí teilifíse agus David Attenborough – é seo uilig le go gcloisfidh sé glór seachas a cheann féin.  “Coiméide Dorcha Fíorghreannmhar” & “Iontach” – Arena\, RTÉ “Tá Kenny thar barr ar fad anseo” – Irish Examiner
URL:https://aras-eanna.ie/event/crowman-staring-jon-kenny/
CATEGORIES:Dramaíocht
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2019/04/49593-Jon-Kenny-Blank-Poster.jpg
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20190629T203000
DTEND;TZID=UTC:20190629T223000
DTSTAMP:20260714T102103
CREATED:20190425T160658Z
LAST-MODIFIED:20190430T130134Z
UID:15329-1561840200-1561847400@aras-eanna.ie
SUMMARY:Before
DESCRIPTION:Fishamble: Cuireann An Compántas Nua Drámaíochta an dráma BEFORE ar stáitse. \nDráma nua le neart ceoil le Pat Kinevane \nÓn bhfoireann céanna é seo a léirigh Forgotten\, Underneath agus Silent a bhain amach gradam Olivier. Is dráma nua é Before le neart ceoil agus é bunaithe i Clerys Bhaile Átha Cliath ar an lá díreach a ndúnann an siopa mór seo – den uair dheireanach.  Tá Pontius sa siopa ag iarraidh bronntanas a roghnú dá iníon nach raibh aon bhaint aige léi le beagnach 20 bliain. Beidh sé ag casadh léi i gceann uair an chloig. Tá turas an athar seo aisteach agus álainn\, ó iargúltacht a thí i Lár na Tíre go fuadar Shráid Uí Chonaill. Ní féidir ceannach do dhaoine áirid… \nRinne Fishamble coimisiúnú ar Before agus cuireadh le chéile é le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon\, An Stiúideo Amharclannaíochta Náisiúnta (Londain)\, Amharclann an Pavilion\, Ceolfhoireann RTÉ\, Georganne Aldrich Heller\, Robert Leroy\, agus Líonra Camchuairte na Strollers. \n‘Kinevane’s performance works like a spell… a real showstopper’ \n★★★★ Irish Times \n  \n“extraordinary collaboration… soul-searching\, achingly touching gem…‘ \n★★★★ Sunday Times \n  \n‘a singular pleasure’ \n★★★★ Sunday Business Post \n  \nCead Isteach: 8.30i.n. ar an toirt. Níl feiliúnach do dhream faoi 15. \nMar gheall ar an gcineál seó atá i gceist ní ligfear isteach aon duine a bhíonn deireanach.
URL:https://aras-eanna.ie/event/before/
CATEGORIES:Dramaíocht
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2019/04/Before-ArasEanna.jpg
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20190525T203000
DTEND;TZID=UTC:20190525T223000
DTSTAMP:20260714T102103
CREATED:20190425T153818Z
LAST-MODIFIED:20190430T124027Z
UID:15304-1558816200-1558823400@aras-eanna.ie
SUMMARY:Are you there Una?
DESCRIPTION:ARE YOU THERE UNA? le Elaine Mears á chur i láthair ag Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe \nTá Úna Taaffe\, nach maireann\, ina húdar inspioráide fós do go leor scéalta i mbarr bata ina baile dúchais Gaillimh. Tá athchóiriú agus athsheilbh d’íomhá Úna le feiceáil sa léiriú “Are you there Úna”? Scrúdaítear ann scéalta a bailíodh\, agallaimh\, cuimhneacháin phearsanta agus rudaí beaga a chuimhnítear orthu faoi Úna mar bhealach le fáil réidh leis an miotas fúithi agus le theacht ar an bhfíordhuine a bhí inti. Is macalla é saol Úna ar nithe níos leithne ó thaobh mothú cómhuintearais agus ionannais\, an chaoi a bhfeiceann muid aonrú\, aistíl agus meabhairghalar agus an mheabhair a bhaineann muid astu. \nTá ceol beo le Anna Mullarkey sa bpíosa seo agus is í Jennifer Cunningham a rinne an físdhearadh. \nRéimse Aoise Lucht Féachana: 14+ \nTacaíocht ón gComhairle Ealaíon\, Comhairle Cathrach na Gaillimhe\, Comhairle Contae na Gaillimhe agus Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe.
URL:https://aras-eanna.ie/event/are-you-there-una/
CATEGORIES:Dramaíocht
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2019/04/araseanna-areyouthereuna.jpg
END:VEVENT
END:VCALENDAR