BEGIN:VCALENDAR
VERSION:2.0
PRODID:-//Áras Éanna - ECPv6.15.17//NONSGML v1.0//EN
CALSCALE:GREGORIAN
METHOD:PUBLISH
X-ORIGINAL-URL:https://aras-eanna.ie
X-WR-CALDESC:Events for Áras Éanna
REFRESH-INTERVAL;VALUE=DURATION:PT1H
X-Robots-Tag:noindex
X-PUBLISHED-TTL:PT1H
BEGIN:VTIMEZONE
TZID:UTC
BEGIN:STANDARD
TZOFFSETFROM:+0000
TZOFFSETTO:+0000
TZNAME:UTC
DTSTART:20240101T000000
END:STANDARD
END:VTIMEZONE
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20250815T203000
DTEND;TZID=UTC:20250815T223000
DTSTAMP:20260511T023102
CREATED:20250619T110825Z
LAST-MODIFIED:20250619T125035Z
UID:19396-1755289800-1755297000@aras-eanna.ie
SUMMARY:Achill Island\, Basking Shark Fishermen
DESCRIPTION:Is freagra ceolmhar é Achill Island\, Basking Shark Fishermen\, ar thionscal iascaireachta na liamhán gréine in Acaill\, atá ag féachaint leis an gcuid thábhachtach seo d’oidhreacht an oileáin a chaomhnú do na glúnta atá le teacht. \nD’eisigh “The Achill Sound” a gcéad albam Isle of the Eagle i mí Lúnasa 2023 agus tá siad anois ag cur an tionscnaimh is deireanaí seo dá gcuid i láthair\, tionscnamh atá dírithe ar chaomhnú an tseanchais agus na scéalta a bhaineann le tionscal iascaireachta na liamhán gréine ar Acaill sa 20ú haois. Sa léiriú uathúil agus tumthach seo tugtar léiriú mothálach ar stair iascaireachta na siorcanna in Acaill\, trí mheascán taifead\, píosaí scannáin ón gcartlann agus íomhánna bunaidh in éineacht le ceol agus amhráin traidisiúnta agus nuachumtha de chuid na hÉireann. \nIs iad an bheirt a tháinig suas le The Achill Sound  ná Graham Sweeney\, ceoltóir atá lonnaithe in Acaill\, agus John Michael Berry\, léiritheoir atá ag cur faoi i nGlaschú ach ar tháinig a mhuintir freisin as an oileán. Leis an togra seo tá siad ag féachaint leanúint lena sprioc chomhchoiteann maidir le stair agus cultúr Acla a choinneáil beo. \nDeir Graham Sweeney\, “My family had a large involvement in the industry\, which is why I viewed it with a heavy heart and anger. It is only in recent years that I see both sides of the story; on a quiet island with little industry\, forcing many people to leave home for work\, you cannot blame them for wanting to survive and support their families. There was not a great understanding of damaging a species towards extinction. All that the local people knew was survival. I wanted to shine a light on the days gone by by recording as many first-hand accounts and stories as possible. While some community members recall ‘the glory days of the shark fishing’\, others mourn the loss of these magnificent\, harmless giants of the ocean.” \nLe tacaíocht bhródúil ó Chomhairle Ealaíon na hÉireann\, áiríonn an léiriú beo seo de Achill Island\, Basking Shark Fishermen closamhairc leis an léiritheoir John Michael Berry\, ceol traidisiúnta agus nuachumtha de chuid Graham Sweeney (giotár agus canadh) Lisa Fukuda (fidil) agus Johnny Butler (píb uilleann). Tá páirt ag na ceoltóirí seo uilig in The Achill Sound agus de bharr ceangal pearsanta tá siad ag iarraidh stair agus cultúr an oileáin a choinneáil beo. \nTá scéal thionscail iascaireachta na liamhán gréine in Acaill á chur faoi chaibidil ar bhealach álainn sa bpíosa uathúil seo\, trí úsáid a bhaint as ealaín thraidisiúnta mar aon le hamharcealaín chun taispeántas ceoil bheo agus tumthach a chruthú\, taispeántas a thugann léiriú ar ré thábhachtach d’oidhreacht mhuirí Acla agus na hÉireann. \nTicéid €25/€20 ar eventbrite
URL:https://aras-eanna.ie/event/achill-island-basking-shark-fishermen/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Dramaíocht
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2025/06/Achill-Island-Basking-Shark-Fishermen-drawing-FOR-WEB-1-jpg-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
END:VCALENDAR