BEGIN:VCALENDAR
VERSION:2.0
PRODID:-//Áras Éanna - ECPv6.15.17//NONSGML v1.0//EN
CALSCALE:GREGORIAN
METHOD:PUBLISH
X-WR-CALNAME:Áras Éanna
X-ORIGINAL-URL:https://aras-eanna.ie
X-WR-CALDESC:Events for Áras Éanna
REFRESH-INTERVAL;VALUE=DURATION:PT1H
X-Robots-Tag:noindex
X-PUBLISHED-TTL:PT1H
BEGIN:VTIMEZONE
TZID:UTC
BEGIN:STANDARD
TZOFFSETFROM:+0000
TZOFFSETTO:+0000
TZNAME:UTC
DTSTART:20230101T000000
END:STANDARD
END:VTIMEZONE
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240817T203000
DTEND;TZID=UTC:20240817T220000
DTSTAMP:20260513T071226
CREATED:20240620T160122Z
LAST-MODIFIED:20240711T160607Z
UID:18695-1723926600-1723932000@aras-eanna.ie
SUMMARY:Julie Feeney
DESCRIPTION:Julie Feeney\nChuaigh seónna díolta amach Julie Feeney i bhfeidhm go mór ar lucht féachana agus ar chriticeoirí ar fud an domhain. Déanann sí seónna aisti féin\, mar dhísreach\, le ensemble\, le cóir nó le ceolfhoireann iomlán. Cumann sí\, eagraíonn sí agus cóiríonn sí a cuid ceoil féin uilig agus na focail uilig. Tá moladh mór tugtha ag léirmheastóirí dá trí albam. Bhain sí amach ‘Albam Éireannach na Bliana’ Dhuais Rogha Ceoil lena céad albam ‘13 Songs’ a chuir sí féin le chéile. Nuair a tháinig a tríú halbam ‘Clocks’ amach in Éirinn\, chuaigh sé díreach chuig Uimhir 1 Chairteacha Albam Neamhspleácha na hÉireann. Vótáladh é mar ‘An tAlbam is Fearr’ faoi Albam na Bliana an Irish Times agus bhí sé ar an ngearrliosta don Duais Rogha Ceoil. \nIna cuid seónna beo\, comhcheanglaíonn sí a láithreacht draíochtúil stáitse agus ardéirim ait pop lena fuaim bhunaidh ar leith agus a cur chuige nuálach avant-garde\, agus cé go bhfuil sí tugtha don cheol clasaiceach den chuid is mó tá sí sáite freisin sa bpop agus san amharclannaíocht. \nIs ealaíontóir cruthanta le fís ollmhór í Julie. Ealaíontóir géarintinneach\, nádúrtha\, an-dúthrachtach agus taibheoir iontach taitneamhach. Sa gceolchoirm seo\, nár chóir a chailliúint\, beidh ceol óna 3 albam á sheinm ag Julie agus ina cuideachta beidh an ceoltóir iontach Cormac de Barra ar sheinn sí go rialta leis thar na blianta. \nTá ríméad ar Áras Éanna go mbeidh Julie anseo mar ealaíontóir cónaithe do mhí Lúnasa. Is áit é Inis Oírr atá an-ghar dá croí. \nCormac De Barra\nIs ceoltóir proifisiúnta agus léiritheoir/láithreoir teilifíse é Cormac a rugadh is a tógadh i mBaile Átha Cliath. Fuair sé oiliúint sa cheol óna sheanmháthair\, an cruitire agus amhránaí\, Róisín Ní Shé. \nMar chruitire\, tá Cormac tar éis taisteal is taifeadadh le cuid de mhór-cheoltóirí na hÉireann\, Moya Brennan\, Brian Kennedy\, Máire Breatnach\, The Chieftains\, Julie Feeney\, Anne-Marie O’Farrell agus Clannad ina measc. \nChomh maith lena chuid ceoil\, tá Cormac ag obair sna meáin in Éirinn le tríocha bliain anois ar chláir do TG4\, RTÉ agus Sky Arts. \nChuir sé an tsraith ealaíne ‘Imeall’ i láthair ar feadh trí bliana ar TG4 agus bhí sé ina  chomhairleoir scripte ar an scannán TARRAC le haghaidh Cine4. \nTá sé i mbun Dochtúireachta in Ollscoil Luimnigh faoi láthair ar athbheochan na cruite sa 20ú haois. \nTicéid €15/€20 ar eventbrite \nPhoto credits: Ruth Medjber
URL:https://aras-eanna.ie/event/julie-feeney/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/06/Julie-Feeney-by-Ruth-Medjber-2-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
END:VCALENDAR