BEGIN:VCALENDAR
VERSION:2.0
PRODID:-//Áras Éanna - ECPv6.15.17//NONSGML v1.0//EN
CALSCALE:GREGORIAN
METHOD:PUBLISH
X-WR-CALNAME:Áras Éanna
X-ORIGINAL-URL:https://aras-eanna.ie
X-WR-CALDESC:Events for Áras Éanna
REFRESH-INTERVAL;VALUE=DURATION:PT1H
X-Robots-Tag:noindex
X-PUBLISHED-TTL:PT1H
BEGIN:VTIMEZONE
TZID:UTC
BEGIN:STANDARD
TZOFFSETFROM:+0000
TZOFFSETTO:+0000
TZNAME:UTC
DTSTART:20240101T000000
END:STANDARD
END:VTIMEZONE
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20250712T203000
DTEND;TZID=UTC:20250712T223000
DTSTAMP:20260511T123931
CREATED:20250612T152629Z
LAST-MODIFIED:20250612T152629Z
UID:19342-1752352200-1752359400@aras-eanna.ie
SUMMARY:The Raines
DESCRIPTION:Tá an triúr ban ‘Na Raines’ – Juliana Erkkonen (fidil/canadh)\, Yvonne Tiernan (canadh/ucailéile) agus Ruth Dillion (canadh/ giotár) – a chanann ceol tíre Americana fíorshásta a bheith ag teacht ar ais go hÁras Éanna mar chuid dá gcamchuairt in Éirinn i mbliana agus beidh banna iomlán in éindí leo (Sam Wright/olldord & Cesar Benzoni/giotár). Chuir siad seó iontach ar stáitse le deireanas ag Féile Uke na Gaillimhe agus bhí siad ina    n-aíonna speisialta ag na Hothouse Flowers\, Mick Flannery agus An White Horse Guitar Club agus in Áras Éanna cuirfidh siad ceol nua i láthair chomh maith le hamhráin óna n-albam\, Reverie. Ar nós i gcónaí\, idir a gcuid liricí agus amhráin dea-chóirithe\, comhcheol den scoth agus fuaim mhacnasach is féidir leat a bheith cinnte de thráthnóna speisialta ceoil. \nTicéid €25 & €20 anseo \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/the-raines-2/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2025/06/The-Raines.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20250724T203000
DTEND;TZID=UTC:20250724T220000
DTSTAMP:20260511T123931
CREATED:20250612T155455Z
LAST-MODIFIED:20250612T155455Z
UID:19363-1753389000-1753394400@aras-eanna.ie
SUMMARY:Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta Inis Meáin
DESCRIPTION:Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta\nDéardaoin 24 Iúil 8:30i.n. – Inis Meáin \nIs iad Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta a bhuaigh an gradam do na Ceoltóirí is Fearr atá ag Teacht chun Cinn ag Gradam Ceoil Tíre RTÉ in 2024.\nTagann Séamus & Caoimhe ó chlann ceolmhar atá ag cur fúthu san Aird Mhóir i nGaeltacht Chonamara\, Co na Gaillimhe. \nTá cáil orthu de bharr a gcuid amhránaíocht ar an sean-nós (amhránaíocht thraidisiúnta gan tionlacan i nGaeilge) agus ar an gcóiriú ar leith a dhéanann siad ar amhráin Ghaeilge agus Béarla. \nTá an-suim acu i gcóiriú gutha agus in armónú\, agus tagann a nguthanna go maith le chéile de bharr gur baill den teaghlach céanna iad. Chuaigh an leagan den chaoineadh tochtmhar Anach Cuain a chan siad ar an Late Late Show in 2022 i gcion go mór ar phobal na tíre agus scaip sé go sciobtha ar fud an domhain. \nIs il-ionstramaithe cumasacha agus rinceoirí Gaelacha a bhfuil gradam Uile-Éireann buaite acu iad Séamus agus Caoimhe agus bíonn an Ghaeilge agus a n-oidhreacht lárnach i gcónaí ina saothar ceoil. \nIn 2023 a d’eisigh siad a gcéad cheirnín leathfhada dar teideal Séamus & Caoimhe.    Is féidir é a íoslódáil ar chuile ardán digiteach agus ba iad Brian Whelan agus cumadóir Riverdance Bill Whelan a chur le chéile é. Thaifead siad é ina stiúideo ag an Fort\, Cloch na Rón\, Conamara. \nTá BA i gCeol na hÉireann ag Caoimhe ó Dhámh Chruinne Éireann in Ollscoil Luimnigh. Tá Séamus sa mbliain deireanach dá chéim BA i dTeangacha Feidhmeacha in Ollscoil Luimnigh\, an Ghaeilge ar cheann de na teangacha sin. \nTicéid €25 & €20 anseo
URL:https://aras-eanna.ie/event/seamus-caoimhe-ui-fhlatharta-inis-meain/
LOCATION:Halla Inis Meáin\, Inis Meáin
CATEGORIES:Ceolchoirm
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2025/06/Seamus-Caoimhe-Ui-Fhlatharta-1-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20250725T203000
DTEND;TZID=UTC:20250725T223000
DTSTAMP:20260511T123931
CREATED:20250612T160021Z
LAST-MODIFIED:20250612T160021Z
UID:19367-1753475400-1753482600@aras-eanna.ie
SUMMARY:Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta - Áras Éanna
DESCRIPTION:Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta\nDé hAoine 25 Iúil 8:30i.n. – Inis Oírr \nIs iad Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta a bhuaigh an gradam do na Ceoltóirí is Fearr atá ag Teacht chun Cinn ag Gradam Ceoil Tíre RTÉ in 2024. \nTagann Séamus & Caoimhe ó chlann ceolmhar atá ag cur fúthu san Aird Mhóir i nGaeltacht Chonamara\, Co na Gaillimhe. \nTá cáil orthu de bharr a gcuid amhránaíocht ar an sean-nós (amhránaíocht thraidisiúnta gan tionlacan i nGaeilge) agus ar an gcóiriú ar leith a dhéanann siad ar amhráin Ghaeilge agus Béarla. \nTá an-suim acu i gcóiriú gutha agus in armónú\, agus tagann a nguthanna go maith le chéile de bharr gur baill den teaghlach céanna iad. Chuaigh an leagan den chaoineadh tochtmhar Anach Cuain a chan siad ar an Late Late Show in 2022 i gcion go mór ar phobal na tíre agus scaip sé go sciobtha ar fud an domhain. \nIs il-ionstramaithe cumasacha agus rinceoirí Gaelacha a bhfuil gradam Uile-Éireann buaite acu iad Séamus agus Caoimhe agus bíonn an Ghaeilge agus a n-oidhreacht lárnach i gcónaí ina saothar ceoil. \nIn 2023 a d’eisigh siad a gcéad cheirnín leathfhada dar teideal Séamus & Caoimhe.    Is féidir é a íoslódáil ar chuile ardán digiteach agus ba iad Brian Whelan agus cumadóir Riverdance Bill Whelan a chur le chéile é. Thaifead siad é ina stiúideo ag an Fort\, Cloch na Rón\, Conamara. \nTá BA i gCeol na hÉireann ag Caoimhe ó Dhámh Chruinne Éireann in Ollscoil Luimnigh. Tá Séamus sa mbliain deireanach dá chéim BA i dTeangacha Feidhmeacha in Ollscoil Luimnigh\, an Ghaeilge ar cheann de na teangacha sin. \nTicéid €25 & €20 anseo
URL:https://aras-eanna.ie/event/seamus-caoimhe-ui-fhlatharta-aras-eanna/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2025/06/Seamus-Caoimhe-Ui-Fhlatharta-1-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20250803T203000
DTEND;TZID=UTC:20250803T223000
DTSTAMP:20260511T123931
CREATED:20250612T162529Z
LAST-MODIFIED:20250612T162529Z
UID:19380-1754253000-1754260200@aras-eanna.ie
SUMMARY:Padraig Jack
DESCRIPTION:Cuireann Padraig Jack Ó Flaithearta\, ainmní do Ghradaim Cheol Tíre RTÉ\, seó iontach ar fáil ina bhfuil píosaí a léiríonn a mhealltacht\, a nathaíocht\, a dhearcadh ar an saol\, stair na tíre agus dár ndóigh amhráin d’ardchaighdeán i mBéarla agus i nGaeilge. I nDeireadh Fómhair 2024 d’eisigh Padraig Jack a dhara albam ‘These Shores’\, albam a fuair ardmholadh agus a seoladh i nGaillimh do lán an tí  agus chuaigh príomhshingil an albaim ‘Long Street’ chuig barr Chairt Aerseinnte RTÉ ar feadh coicíse as a chéile. Is as Oileáin Árann ó dhúchas é\, áit a labhraítear an Ghaeilge agus áit as ar tháinig na scríbhneoirí Liam Ó Flaithearta\, Máirtín Ó Direáin agus Breandán Ó hEithir. Is cainteoir dátheangach bródúil é idir chomhrá agus cumadóireacht amhrán. Scríobhann sé amhráin Ghaeilge agus Béarla ina mbíonn teachtaireachtaí láidre agus canann sé iad le tionlacan giotáir nó pianó. Ag teacht faoi thionchar James Taylor\, Na Eagles\, Van Morrison\, Sinead O’Connor agus Shane McGowan\, tá meas ag Pádraig ar chumadóireacht amhrán a léiríonn dearcadh ar leith. \nTá cáil bainte amach cheana féin ag Padraig i saol cheoil na hÉireann\, moladh faighte aige ó dhaoine cáiliúla sa tionscal\, leithéidí Mike Scott\, Sharon Shannon agus Miles Hunt mar aon le léirmheasanna iontacha ó dhream ar nós Hot Press. Tá Padraig fíorbhródúil as na seónna a bhíonn aige in Inis Oírr agus Inis Meáin\, as a  léiriú ag an Big Top d’Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe nuair a bhí sé mar aoi speisialta do na Saw Doctors agus as a sheó beo ar TG4 do sheoladh Fhleá Cheoil na hÉireann i Lúnasa 24. Go dtí seo i mbliana bhí sé ag canadh ag Tradfest Bhaile Átha Cliath\, ag féile dátheangach na Gaillimhe ‘Tonnta’  sular thug sé camchuairt ar Shasana agus turas go Montréal\, áit a raibh sé ag déanamh ionadaíocht d’Éirinn ag an Folk Alliance i gcomhar le Cultúr Éireann. \nTicéid €25 & €20 anseo
URL:https://aras-eanna.ie/event/padraig-jack-2/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2025/06/PadraigJack3.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20250813T203000
DTEND;TZID=UTC:20250813T223000
DTSTAMP:20260511T123931
CREATED:20250613T133846Z
LAST-MODIFIED:20250724T100903Z
UID:19392-1755117000-1755124200@aras-eanna.ie
SUMMARY:By the Light of the Silvery Moon
DESCRIPTION:Faoi Sholas na Réabghealaí \nSeó 16+  \nTráthnóna speisialta de scéalta Éireannacha do dhaoine fásta\, a insítear i stíl na mbard\, ag baint úsáid as focail\, fuaimeanna agus ceol.  \nSa seó seo\, feictear an bard fáin Aindrias de Staic lena veidhlín agus uirlisí tionlacain eile\, Brian Fleming ar chnaguirlisí & Aisling Lyons ar an gcláirseach agus ar an gconsairtín. Bhí tionchar mór ag baird a chuaigh roimhe ar Aindrias\, leithéidí Raiftearaí an File\, Brian Merriman agus Aindrias Mac Cruitín. Ar an gcamchuairt seo téann siad timpeall na tíre ag insint scéalta agus gearrscéalta a mbainfidh an lucht féachana an-sásamh astu. \n“He’s a waterboy seanchaí\, the pied piper of mischief. If he didn’t exist\, we’d have to invent him because the culture needs spirits like his\, a wayward Irish fiddle playing dream talker” Tommy Tiernan \nCuireann Aindrias an ealaín ársa Éireannach seo i láthair i stíl bhríomhar\, úr\, tapa\, mar sin féin tá a shaothar fréamhaithe go daingean i scéalaíocht thraidisiúnta iarthar na hÉireann. É spreagtha ag a chuid oibre a bhaineann le seanchas\, leis an dúlra agus na healaíona traidisiúnta tugann Aindrias ar thuras muid trí scéalta faoi bhailte atá imithe i bhfarraige\, míthapa ceoltóirí fáin\, aithriseoireacht ghrinn\, leaganacha gearra de mhiotais bhéaloidis agus ar ndóigh a chuid scéalta áiféiseacha féin faoi imeachtaí osnádúrtha. \nIs cineál nua scéalaíochta é “Faoi Sholas na Reabghealaí”. \n“A pioneer in the revival of traditional storytelling\, Aindrias has become one of the key figures in the mining\, exploration & presentation of Irish Stories & Mythology. He breathes new life into the old tales – infusing them with musicality\, rhythm and his unique insights on life. “ \nManchan Mangan \nTicéid €20 & €25 ANSEO \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/by-the-light-of-the-silvery-moon/
CATEGORIES:Ceolchoirm,Theatre
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2025/06/Aindrias2.jpg
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20250815T203000
DTEND;TZID=UTC:20250815T223000
DTSTAMP:20260511T123931
CREATED:20250619T110825Z
LAST-MODIFIED:20250619T125035Z
UID:19396-1755289800-1755297000@aras-eanna.ie
SUMMARY:Achill Island\, Basking Shark Fishermen
DESCRIPTION:Is freagra ceolmhar é Achill Island\, Basking Shark Fishermen\, ar thionscal iascaireachta na liamhán gréine in Acaill\, atá ag féachaint leis an gcuid thábhachtach seo d’oidhreacht an oileáin a chaomhnú do na glúnta atá le teacht. \nD’eisigh “The Achill Sound” a gcéad albam Isle of the Eagle i mí Lúnasa 2023 agus tá siad anois ag cur an tionscnaimh is deireanaí seo dá gcuid i láthair\, tionscnamh atá dírithe ar chaomhnú an tseanchais agus na scéalta a bhaineann le tionscal iascaireachta na liamhán gréine ar Acaill sa 20ú haois. Sa léiriú uathúil agus tumthach seo tugtar léiriú mothálach ar stair iascaireachta na siorcanna in Acaill\, trí mheascán taifead\, píosaí scannáin ón gcartlann agus íomhánna bunaidh in éineacht le ceol agus amhráin traidisiúnta agus nuachumtha de chuid na hÉireann. \nIs iad an bheirt a tháinig suas le The Achill Sound  ná Graham Sweeney\, ceoltóir atá lonnaithe in Acaill\, agus John Michael Berry\, léiritheoir atá ag cur faoi i nGlaschú ach ar tháinig a mhuintir freisin as an oileán. Leis an togra seo tá siad ag féachaint leanúint lena sprioc chomhchoiteann maidir le stair agus cultúr Acla a choinneáil beo. \nDeir Graham Sweeney\, “My family had a large involvement in the industry\, which is why I viewed it with a heavy heart and anger. It is only in recent years that I see both sides of the story; on a quiet island with little industry\, forcing many people to leave home for work\, you cannot blame them for wanting to survive and support their families. There was not a great understanding of damaging a species towards extinction. All that the local people knew was survival. I wanted to shine a light on the days gone by by recording as many first-hand accounts and stories as possible. While some community members recall ‘the glory days of the shark fishing’\, others mourn the loss of these magnificent\, harmless giants of the ocean.” \nLe tacaíocht bhródúil ó Chomhairle Ealaíon na hÉireann\, áiríonn an léiriú beo seo de Achill Island\, Basking Shark Fishermen closamhairc leis an léiritheoir John Michael Berry\, ceol traidisiúnta agus nuachumtha de chuid Graham Sweeney (giotár agus canadh) Lisa Fukuda (fidil) agus Johnny Butler (píb uilleann). Tá páirt ag na ceoltóirí seo uilig in The Achill Sound agus de bharr ceangal pearsanta tá siad ag iarraidh stair agus cultúr an oileáin a choinneáil beo. \nTá scéal thionscail iascaireachta na liamhán gréine in Acaill á chur faoi chaibidil ar bhealach álainn sa bpíosa uathúil seo\, trí úsáid a bhaint as ealaín thraidisiúnta mar aon le hamharcealaín chun taispeántas ceoil bheo agus tumthach a chruthú\, taispeántas a thugann léiriú ar ré thábhachtach d’oidhreacht mhuirí Acla agus na hÉireann. \nTicéid €25/€20 ar eventbrite
URL:https://aras-eanna.ie/event/achill-island-basking-shark-fishermen/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Dramaíocht
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2025/06/Achill-Island-Basking-Shark-Fishermen-drawing-FOR-WEB-1-jpg-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20250920T203000
DTEND;TZID=UTC:20250920T223000
DTSTAMP:20260511T123931
CREATED:20250909T120621Z
LAST-MODIFIED:20250909T120621Z
UID:19569-1758400200-1758407400@aras-eanna.ie
SUMMARY:An Ceolchoirm Mhór
DESCRIPTION:  \nCríochnóidh clár samhradh iontach cúig bliana is fichead Áras Éanna leis “An Ceolchoirm Mhór”. Is comóradh é an cheolchoirm ag súil siar ar 25 bliana de cheoltóirí cumasacha éagsúla a tháinig tríd doirse Áras Éanna. \nÓ osclaíodh Áras Éanna sa bhliain 2000\, cuireadh an t-uafás ceolchoirmeacha speisialta le ceoltóirí áitiúla\, náisiúnta agus idirnáisiúnta ar dlúthstáitse an amharclann. I láthair ar an oíche beidh ceoltóirí Inis Oírr (Micheál Ó hAlmháin\, Tom Ó Maoláin\, Oisín Ó Cualáin\, Bríd Ní Chualáin\, Pat Quinn agus eile) agus clár iontach de cheoltóirí ar cuairt ina measc: Leo Moran (Saw Doctors)\, Pádraig Stevens\, The Whileaways\, agus Mouse McHugh. \nCuireadh tús leis an oíche ar a 8:00i.n. Dé Sathairn 20ú Meán Fómhair in Áras Éanna agus beidh cóisir ina dhiaidh le haoi-cheoltóirí ag casadh. Beidh seisiúin cheoil saor in aisce timpeall an oileáin Dé Domhnaigh óna 12:30i.n. le tuilleadh ceoltóirí ón gceolchoirm mar chríoch ar deireadh seachtaine speisialta ag ceiliúradh ról Áras Éanna ag tabhairt ceolchoirmeacha beo chuig Inis Oírr le 25 bliana anuas. \nTicéid: €35/30 (ar lacáiste) ar fáil ar Eventbrite
URL:https://aras-eanna.ie/event/an-ceolchoirm-mhor/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Concert
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;VALUE=DATE:20251010
DTEND;VALUE=DATE:20251013
DTSTAMP:20260511T123931
CREATED:20250926T143533Z
LAST-MODIFIED:20251008T152730Z
UID:19574-1760054400-1760313599@aras-eanna.ie
SUMMARY:Cúirt Cheoil na mBan 2025
DESCRIPTION:Cúirt Cheoil na mBan – Féile cheoil traidisiúnta le hamhránaithe\, ceoltóirí & damhsóirí ban & neamh-dhénártha do phobail Inis Oírr. \nÓ cuireadh tús leis mar imeacht aonuaire d’Oíche Chultúir i 2022\, tá Cúirt Cheoil na mBan fásta anois ina fhéile 3 lá a tharlaíonn ag deireadh shéasúr na turasóireachta ar Inis Oírr\, an ceann is lú de chuid Oileáin Árann. I 2023 agus 2024\, bhí Inis Meáin tógtha san áireamh agus tá súil againn filleadh ann an bhliain seo chugainn. Cuireann an fhéile Ghaeilge seo béim ar cheoltóirí mná agus ar cheoltóirí neamh-dhénártha traidisiúnta agus tá sé mar aidhm againn na hoícheanta sóisialta traidisiúnta a d’óstáil daoine ina dtithe fadó a athbheochan.\nOsclaíonn daoine a dtithe chun seisiúin a reáchtáil i rith an deireadh seachtaine. Beidh deiseanna ann bualadh le ceoltóirí eile a bhfuil taithí chomhchosúil acu leatsa i dtimpeallacht thacúil\, seisiúin ócáideacha a eagrú\, dul ag siúl agus ag snámh agus beidh spás ann freisin do sheisiúin dhéanacha san oíche atá oscailte do gach inscne sna tithe tábhairne áitiúla. \nTá Cúirt Cheoil na mBan comhléirithe ag Emma O’Grady & Áras Éanna\, le tacaíocht ó Phleanáil Teanga Inis Oírr \nIs Féile Saor ó Chinedheighilt í Cúirt Cheoil na mBan\, rud a chiallaíonn go gcloímid leis an mbaghcat cultúrtha ar Iosrael agus go gcloímid le prionsabail na gluaiseachta BDS. Ní cheadófar táirgí Coca Cola go háirithe inár spásanna imeachta. \n10-12ú Deireadh Fómhair 2025 \nSceideal* \n*coinnigh súil ar ár bhfógraí meán sóisialta faoi áiteanna \nINSTAGRAM: @araseanna @cuirtcheoilnamban \nDé hAoine 10ú \n9in Seisiún 1(áit TBA) \nDé Sathairn 11ú \n2-4in Seisiún 2 (áit TBA) \n8.30in Seoladh albam & ceolchoirm le Úna Ní Fhlannagáin @ Áras Éanna \n10pm Seisiún 3 (áit TBA) \nDé Domhnaigh 12ú \n12-2pm Seisiún 4 (áit TBA) \nTicéid: \nSaor in aisce\, seachas ceolchoirm Úna Ní Fhlannagáin – ticéid ar fáil ag aras-eanna.ie \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/cuirt-cheoil-na-mban-2025/
CATEGORIES:Ceolchoirm
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2025/09/POSTER-10-12-OCT-cuirt-cheoil-na-mban-2025jpg-scaled.jpg
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20260524T203000
DTEND;TZID=UTC:20260524T223000
DTSTAMP:20260511T123931
CREATED:20260508T094819Z
LAST-MODIFIED:20260508T094819Z
UID:19749-1779654600-1779661800@aras-eanna.ie
SUMMARY:Ger O Donnell
DESCRIPTION:Dé Domhnaigh\, 24 Bealtaine 8:30i.n.\, Ionad Ealaíne Áras Éanna \nTicéid €25/20 ar Eventbrite \nTá ríméad ar Áras Éanna tús a chur lenár gclár samhraidh san amharclann\, agus muid ag cur fáilte roimh cheoltóir a bheidh aithnid ag aon duine a bhfuil cur amach aige ar shaol an cheoil tíre agus an cheoil thraidisiúnta in iarthar na hÉireann\, Ger O Donnell. \nTá Ger ar dhuine de na hamhránaithe tíre agus de na hiluirliseoirí is fearr in Éirinn. Le blianta beaga anuas\, tá cáil mhór bainte amach aige ar an saol ceoil tíre\, le roinnt amhrán a bhain barr na gcairteacha amach in Éirinn\, le leanúint mhór ar na meáin shóisialta\, agus le go leor camchuairteanna idirnáisiúnta. \nIs giotáraí iomráiteach é\, seinnteoir dordveidhle dúbailte\, agus ceoltóir a sheinneann neart uirlisí eile atá ait agus iontach araon. \nIs é Ger amhránaí reatha Bhanna Céilí Chill Fhionnúrach\, agus stiúrthóir ceoil Dolores Keane chomh maith. Ina theannta sin\, oibríonn sé mar innealtóir taifeadta agus mar cheoltóir le go leor ealaíontóirí eile ar nós Sharon Shannon\, Seán Keane agus Moncrieff. \nTáimid ag tnúth le fáilte a chur roimh sean-chairde agus cuairteoirí nua chuig an ionad an oíche sin\, chun tús séasúir spreagúil atá romhainn a cheiliúradh.
URL:https://aras-eanna.ie/event/ger-o-donnell/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2026/05/Cherish-Glasgow-283.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
END:VCALENDAR