BEGIN:VCALENDAR
VERSION:2.0
PRODID:-//Áras Éanna - ECPv6.15.17//NONSGML v1.0//EN
CALSCALE:GREGORIAN
METHOD:PUBLISH
X-WR-CALNAME:Áras Éanna
X-ORIGINAL-URL:https://aras-eanna.ie
X-WR-CALDESC:Events for Áras Éanna
REFRESH-INTERVAL;VALUE=DURATION:PT1H
X-Robots-Tag:noindex
X-PUBLISHED-TTL:PT1H
BEGIN:VTIMEZONE
TZID:UTC
BEGIN:STANDARD
TZOFFSETFROM:+0000
TZOFFSETTO:+0000
TZNAME:UTC
DTSTART:20230101T000000
END:STANDARD
END:VTIMEZONE
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240614T203000
DTEND;TZID=UTC:20240614T220000
DTSTAMP:20260513T234619
CREATED:20240508T170209Z
LAST-MODIFIED:20240613T093839Z
UID:18589-1718397000-1718402400@aras-eanna.ie
SUMMARY:AR CEAL - Jon Kenny in éineacht le Catherine Ronan agus Ruth Dillon
DESCRIPTION:Oíche filíochta\, ceoil agus scéalaíochta in Áras Éanna \n  \nIs pribhléid dúinn in Áras Éanna oíche speisialta filíochta agus ceoil leis an laoch Jon Kenny a óstáil.  Níl aon chall Jon a chur in aithne\, is cara mór le pobal an oileáin é.  Is iomaí uair a chas Jon in Áras Éanna agus is minic a chonaic muid a cheird mar aisteoir\, mar cheoltóir agus mar fhear grinn. Le tamall anuas tá Jon ag plé le saol na filíochta\, ag insint scéalta faoi dhaoine\, faoi thimpeallacht agus ag cuir a chuid smaointe trasna trína chuid scríbhneoireacht. \nBeidh an file Catherine Ronan agus an ceoltóir Ruth Dillon in éineacht le Jon ar an oíche. Tá Catherine lonnaithe i gCorcaigh\, a céad chnuasach ‘Elemental Skin’ foilsithe ag Revival. Is amhránaí aitheanta í Ruth atá lonnaithe i nGaillimh.  Tá cáil uirthi le deirneas as a cuid oibre leis an ngrúpa ceoil ‘The Raines’\, agus d’oibrigh sí le raon mór taibheoirí thar na blianta.
URL:https://aras-eanna.ie/event/jon-kenny-in-eineacht-le-catherine-ronan-agus-ruth-dillon/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Litríocht
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/05/jon_Kenny.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240622T203000
DTEND;TZID=UTC:20240622T220000
DTSTAMP:20260513T234619
CREATED:20240419T125937Z
LAST-MODIFIED:20240419T125937Z
UID:18474-1719088200-1719093600@aras-eanna.ie
SUMMARY:Dúchas agus Dóchas
DESCRIPTION:Tá ríméad ar Áras Éanna\, Inis Oírr\, fáilte a chur roimh ‘Dúchas agus Dóchas\, A Clare Songline’ go hInis Oírr mar chuid dá gcamchuairt náisiúnta. Bhí ceangal i gcónaí idir Inis Oírr agus Contae an Chláir\, go tíreolaíoch\, go stairiúil agus ó thaobh an cheoil de\, gan trácht ar an gceangal gaoil: tá go leor oileánach pósta isteach i gContae an Chláir. Cuireann Diarmuid de Faoite i láthair: Edel Vaughan\, Nuala Kennedy\, Philip Fogarty\, Emer O’Flaherty\, Therese McInerney agus na haíonna speisialta\, Mac Dara Ó Conaola (Inis Oírr) agus Gráinne Cotter. \nTabharfaidh Diarmuid de Faoite agus a chairde ceolmhara ar thuras iontach muid trí 350 bliain d’amhráin dhúchasacha Gaeilge an Chláir. Cloisfear amhráin ó gach cearn den Chontae agus na scéalta a bhaineann leo. Beatha teanga í a labhairt\, beatha amhráin é a rá! Bímis ag ceol! \nTicéid €15/€20 ar fáil anseo
URL:https://aras-eanna.ie/event/duchas-agus-dochas/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Events
ATTACH;FMTTYPE=image/png:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/04/Postaer1.png
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240712T203000
DTEND;TZID=UTC:20240712T220000
DTSTAMP:20260513T234619
CREATED:20240508T172000Z
LAST-MODIFIED:20240509T131606Z
UID:18601-1720816200-1720821600@aras-eanna.ie
SUMMARY:Pádraig Jack - Dé hAoine - 12 Iúil\, Inis Meáin
DESCRIPTION:Rugadh Pádraig Jack Ó Flaithearta isteach i gclann cheolmhar in Árainn. Mac é leis an amhránaí Barry Ronan agus nia leis an bhfile Mary O’Malley. Scríobhann sé a chuid ceoil i mBéarla agus i nGaeilge\, rud atá sé an-bhródúil as. Seinneann sé an giotár agus an pianó. \nFuair a albam ardmholadh ó Hot Press\, ón iris Rock’n’Reel agus ó The Alternate Root. Nuair a eisíodh é bhí sé ainmnithe mar albam na seachtaine ar RTÉ Raidió 1. Ag Gradaim Folk RTÉ 2022 ainmníodh a amhrán ‘Déanamh Gaineamh’ do ghradam ‘Amhrán na Bliana’. \nNí sa stiúideo amháin a oibríonn Pádraig. Bíonn sé ar chamchuairt go minic in Éirinn agus i Sasana agus faoi láthair tá sé féin agus Miles Hunt ó ‘The Wonder Stuff’ ar chamchuairt leanúnach i Sasana. Ba é a chur tús le seó Damien Dempsey anuraidh i Sráid Vicar agus bhí 4\,000 lucht éisteachta aige nuair a bhí sé ar stáitse sna Gairdíní Uíbh Eachach. In 2023 chuaigh sé ar chamchuairt sa mBreatain Bheag\, i dtír na mBascach\, agus thart timpeall na hÉireann\, chan sé ag an ‘Doolin Folk Fest’ agus ag an ‘Galway Folk Festival’. \nTá sé ráite go bhfuil féith láidir rómánsach i gceol Phádraig ach fós go gcoinníonn sé údaracht. Tá cumas iontach aige agus tá sé ar dhuine d’amhránaithe móra na hÉireann. Is fada linn uainn a dhara albam\, atá sé ag taifeadadh faoi láthair in éineacht leis an léiritheoir John Reynolds  agus beidh an chéad singil (It Could be Home) ag teacht amach san Aibreán. \nTicéid €15/€20 – anseo \n  \n  \n  \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/padraig-jack-de-haoine-12-iuil-inis-meain/
LOCATION:Halla Inis Meáin\, Inis Meáin
CATEGORIES:Ceolchoirm,Concert
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/05/Padraig-Jack_b-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240713T203000
DTEND;TZID=UTC:20240713T220000
DTSTAMP:20260513T234619
CREATED:20240509T141850Z
LAST-MODIFIED:20240509T144543Z
UID:18616-1720902600-1720908000@aras-eanna.ie
SUMMARY:Pádraig Jack - Áras Éanna
DESCRIPTION:Rugadh Pádraig Jack Ó Flaithearta isteach i gclann cheolmhar in Árainn. Mac é leis an amhránaí Barry Ronan agus nia leis an bhfile Mary O’Malley. Scríobhann sé a chuid ceoil i mBéarla agus i nGaeilge\, rud atá sé an-bhródúil as. Seinneann sé an giotár agus an pianó. \nFuair a albam ardmholadh ó Hot Press\, ón iris Rock’n’Reel agus ó The Alternate Root. Nuair a eisíodh é bhí sé ainmnithe mar albam na seachtaine ar RTÉ Raidió 1. Ag Gradaim Folk RTÉ 2022 ainmníodh a amhrán ‘Déanamh Gaineamh’ do ghradam ‘Amhrán na Bliana’. \nNí sa stiúideo amháin a oibríonn Pádraig. Bíonn sé ar chamchuairt go minic in Éirinn agus i Sasana agus faoi láthair tá sé féin agus Miles Hunt ó ‘The Wonder Stuff’ ar chamchuairt leanúnach i Sasana. Ba é a chur tús le seó Damien Dempsey anuraidh i Sráid Vicar agus bhí 4\,000 lucht éisteachta aige nuair a bhí sé ar stáitse sna Gairdíní Uíbh Eachach. In 2023 chuaigh sé ar chamchuairt sa mBreatain Bheag\, i dtír na mBascach\, agus thart timpeall na hÉireann\, chan sé ag an ‘Doolin Folk Fest’ agus ag an ‘Galway Folk Festival’. \nTá sé ráite go bhfuil féith láidir rómánsach i gceol Phádraig ach fós go gcoinníonn sé údaracht. Tá cumas iontach aige agus tá sé ar dhuine d’amhránaithe móra na hÉireann. Is fada linn uainn a dhara albam\, atá sé ag taifeadadh faoi láthair in éineacht leis an léiritheoir John Reynolds  agus beidh an chéad singil (It Could be Home) ag teacht amach san Aibreán. \nTicéid €15/€20 anseo \n  \n  \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/padraig-jack-aras-eanna/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Concert
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/05/Padraig-Jack_b-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240726T203000
DTEND;TZID=UTC:20240726T220000
DTSTAMP:20260513T234619
CREATED:20240509T162231Z
LAST-MODIFIED:20240509T162615Z
UID:18625-1722025800-1722031200@aras-eanna.ie
SUMMARY:The Raines - Inis Meáin
DESCRIPTION:Beidh ‘Na Raines’  linn ar Inis Meáin lena gceol tíre uathúil Americana\,ar ais san áit inar síolraíodh an smaoineamh banna a bhunú. Bíonn an seó díolta amach chuile uair a bhíonn siad anseo\, mar sin ná caill amach ar an seans seo lena gcuid amhrán nua a chloisteáil chomh maith le hamhráin óna gcéad albam ‘Reverie’. Ina gcomhluadar ar an oíche beidh aoicheoltóirí á dtionlacan ar an olldord agus ar an dobro\, ag cur lena gcomhcheol inaitheanta agus lena dtéadcheol taitneamhach agus rithimeach. \nTicéid: €15/€20 ar fáil anseo
URL:https://aras-eanna.ie/event/the-raines-inis-meain/
LOCATION:Halla Inis Meáin\, Inis Meáin
CATEGORIES:Ceolchoirm,Concert,Events
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/05/The-Raines.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240802T203000
DTEND;TZID=UTC:20240802T220000
DTSTAMP:20260513T234619
CREATED:20240502T133913Z
LAST-MODIFIED:20240802T143127Z
UID:18526-1722630600-1722636000@aras-eanna.ie
SUMMARY:Tom Portman & Maciej Zavoronek
DESCRIPTION:Train to Nowhere\, ceolchoirm le Tom Portman agus Maciej Zavoronek – ar an Aoine 2 Lúnasa ag 8:30i.n. \nTom Portman: Fonnadóireacht\, Giotár & Dobro (sleamhnú giotáir) agus Maciej Zavoronek – Orgán Béil\, Clairinéad agus Sacsafón. \nTá an buncheol spreagtha ag Gormacha Tíre\, Snagcheol agus roinnt amhrán de chuid Hank Williams\, Mississpi John Hurt\, J.J Cale agus Eric Bibb. \nIs albam bunúsach gormacha tíre nua agus traidisiúnta é ‘Train to Nowhere’ ó Tom Portman. Ag dul leis an gcumadóireacht sciliúil amhrán tá ceol casta giotáir agus dobro ó Tom a dheimhníonn saintréith a chuid oibre. In éineacht le Portman ar an albam seo tá an maestro Maciej (Magic) Zaworonek lena cheol fileata ar an orgán béil. Le linn dóibh a bheith ag buscáil & ag fámaireacht thart i ndeisceart na Fraince blianta fada ó shin a chuir an scríbhneoir amhrán as an Astráil Kevin Lym an teidealrian ‘Train to Nowhere’ le fonn a bhí Tom ag seinm ar an Dobro. Tagann greann deisbhéalach Tom trasna sna hamhráin ar an albam seo\, ach tá an doimhneacht cliste sin iontu freisin a bheifeá ag súil leis ó scríbhneoir amhrán de cháil Portman. Ar an albam freisin tá leaganacha amhrán ó Hank Williams\, Tim O’Brien agus Eric Bibb\, laochra cumadóireachta de chuid Tom. \n  \n\n			\n				\n			\n			\n				\n			\n		\n\n  \nTicéid €15/€20 – Ar fáil anseo:
URL:https://aras-eanna.ie/event/tom-portman-maciej-zavoronek/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Events
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/05/Tom_Portman_Pic2.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240817T203000
DTEND;TZID=UTC:20240817T220000
DTSTAMP:20260513T234619
CREATED:20240620T160122Z
LAST-MODIFIED:20240711T160607Z
UID:18695-1723926600-1723932000@aras-eanna.ie
SUMMARY:Julie Feeney
DESCRIPTION:Julie Feeney\nChuaigh seónna díolta amach Julie Feeney i bhfeidhm go mór ar lucht féachana agus ar chriticeoirí ar fud an domhain. Déanann sí seónna aisti féin\, mar dhísreach\, le ensemble\, le cóir nó le ceolfhoireann iomlán. Cumann sí\, eagraíonn sí agus cóiríonn sí a cuid ceoil féin uilig agus na focail uilig. Tá moladh mór tugtha ag léirmheastóirí dá trí albam. Bhain sí amach ‘Albam Éireannach na Bliana’ Dhuais Rogha Ceoil lena céad albam ‘13 Songs’ a chuir sí féin le chéile. Nuair a tháinig a tríú halbam ‘Clocks’ amach in Éirinn\, chuaigh sé díreach chuig Uimhir 1 Chairteacha Albam Neamhspleácha na hÉireann. Vótáladh é mar ‘An tAlbam is Fearr’ faoi Albam na Bliana an Irish Times agus bhí sé ar an ngearrliosta don Duais Rogha Ceoil. \nIna cuid seónna beo\, comhcheanglaíonn sí a láithreacht draíochtúil stáitse agus ardéirim ait pop lena fuaim bhunaidh ar leith agus a cur chuige nuálach avant-garde\, agus cé go bhfuil sí tugtha don cheol clasaiceach den chuid is mó tá sí sáite freisin sa bpop agus san amharclannaíocht. \nIs ealaíontóir cruthanta le fís ollmhór í Julie. Ealaíontóir géarintinneach\, nádúrtha\, an-dúthrachtach agus taibheoir iontach taitneamhach. Sa gceolchoirm seo\, nár chóir a chailliúint\, beidh ceol óna 3 albam á sheinm ag Julie agus ina cuideachta beidh an ceoltóir iontach Cormac de Barra ar sheinn sí go rialta leis thar na blianta. \nTá ríméad ar Áras Éanna go mbeidh Julie anseo mar ealaíontóir cónaithe do mhí Lúnasa. Is áit é Inis Oírr atá an-ghar dá croí. \nCormac De Barra\nIs ceoltóir proifisiúnta agus léiritheoir/láithreoir teilifíse é Cormac a rugadh is a tógadh i mBaile Átha Cliath. Fuair sé oiliúint sa cheol óna sheanmháthair\, an cruitire agus amhránaí\, Róisín Ní Shé. \nMar chruitire\, tá Cormac tar éis taisteal is taifeadadh le cuid de mhór-cheoltóirí na hÉireann\, Moya Brennan\, Brian Kennedy\, Máire Breatnach\, The Chieftains\, Julie Feeney\, Anne-Marie O’Farrell agus Clannad ina measc. \nChomh maith lena chuid ceoil\, tá Cormac ag obair sna meáin in Éirinn le tríocha bliain anois ar chláir do TG4\, RTÉ agus Sky Arts. \nChuir sé an tsraith ealaíne ‘Imeall’ i láthair ar feadh trí bliana ar TG4 agus bhí sé ina  chomhairleoir scripte ar an scannán TARRAC le haghaidh Cine4. \nTá sé i mbun Dochtúireachta in Ollscoil Luimnigh faoi láthair ar athbheochan na cruite sa 20ú haois. \nTicéid €15/€20 ar eventbrite \nPhoto credits: Ruth Medjber
URL:https://aras-eanna.ie/event/julie-feeney/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/06/Julie-Feeney-by-Ruth-Medjber-2-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240831T203000
DTEND;TZID=UTC:20240831T220000
DTSTAMP:20260513T234619
CREATED:20240620T161417Z
LAST-MODIFIED:20240815T132430Z
UID:18713-1725136200-1725141600@aras-eanna.ie
SUMMARY:Padraig Stevens\, Seamus Ruttledge\, Leo Moran agus Pat Quinn
DESCRIPTION:Oíche cheoil agus amhrán le triúr scríbhneoirí amhrán mór le rá as Tuaim\, Padraig Stevens\, Seamus Ruttledge agus Leo Moran i gcuideachta Pat Quinn scríbhneoir amhrán cáiliúil Inis Oírr. Eatarthu sheinn fir Thuama leis na Sawdoctors\, The Stunning\, Na Waterboys\, De Danann agus Blaze X. Tá aithne i bhfad is i ngearr ar Pat Quinn de bharr a chuid liricí aoracha agus ar an gcaoi a gcuireann sé trasna a chuid amhrán go bríomhar\, ceann acu taifeadta agus canta go minic ag Christy Moore. Oíche iontach a bheidh anseo le triúr iontach Thuama agus Pat Quinn as Liatroim (lonnaithe in Inis Oírr) ar stáitse agus is fiú go mór a theacht ag éisteacht lena gcuid amhrán den scoth. \nTicéid €15/€20  ar eventbrite \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/padraig-stevens-seamus-ruttlidge-leo-moran-agus-pat-quinn/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Concert
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/06/Padraig-Stevens-scaled.jpeg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20241119T133000
DTEND;TZID=UTC:20241119T140000
DTSTAMP:20260513T234619
CREATED:20241118T171428Z
LAST-MODIFIED:20241118T171428Z
UID:19093-1732023000-1732024800@aras-eanna.ie
SUMMARY:Seó Am Lóin le Úna Ní Fhlannagáin (cruit) & Mélissandre Tremblay Bourassa (damhsóir)
DESCRIPTION:Seó ‘Obair idir Lámha’ le Úna Ní Fhlannagáin (cruit) & Mélissandre Tremblay Bourassa (damhsóir) \n  \nIs damhsóir í Mélissandre Tremblay Bourassa a bhfuil gradaim buaite aici. Speisialtóir i damhsa céim Québec í\, bhí sí mar chuid den phróiseas cruthaithe agus roghnaíodh í chun 1000 léirithe de léiríúchán ZAIA Cirque du Soleil i Macau\, an tSín a dhéanamh. Rinne sí damhsa freisin do Disney (Ionad Epcot)\, La Bottine Souriante\, Les Sortilèges\, Sans Temps Danse\, Benjamin Hatcher\, Zeugma agus Rapetipetam. Bhuaigh sí duais phoiblí Jeune (2013)\, duais Coup de Coeur (2016) agus duais Ambassadeur (2018) ag Grands Prix Desjardins de la Culture\, chomh maith leis an duais iomráiteach CALQ-Oeuvre de l’Année en Region (Lanaudière) in 2016\, don seó Blind Date. \n  \nCláirseoir as Éirinn í Úna Ní Fhlannagáin a bhfuil gradaim buaite aici (Buaiteoir Uile-Éireann\, Bonn Óir Uí Riada don Chruit). I measc na gceoltóirí a bhí i mbun comhoibrithe\, tá Anthony Braxton\, an t-íocón Ceilteach Alan Stivell\, Bobby McFerrin\, buaiteoir Grammy\, agus Fionnuala Flanagan\, buaiteoir Emmy.
URL:https://aras-eanna.ie/event/seo-am-loin-le-una-ni-fhlannagain-cruit-melissandre-tremblay-bourassa-damhsoir/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/11/PostaerGE.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20250613T203000
DTEND;TZID=UTC:20250613T223000
DTSTAMP:20260513T234619
CREATED:20250527T133307Z
LAST-MODIFIED:20250527T140942Z
UID:19285-1749846600-1749853800@aras-eanna.ie
SUMMARY:Clann Mhic Ruairí  - Inis Meáin
DESCRIPTION:Is banna ceoil tíre/traidisiúnta Éireannach iad Clann Mhic Ruairí. Grúpa teaghlaigh iad\, ceathrar deartháir Tony (amhránaí)\, Aodh (amhránaí/giotáraí)\, Seán (amhránaí)\, Dónall (amhránaí/cnagcheoltóir) agus Megan iníon le Tony (pianó agus amhránaí). Tógadh an teaghlach le hamhráin agus scéalta Gaelacha ‘Ghaeltacht Rann na Feirste’ i gContae Dhún na nGall\, (ceantar Gaeltachta) in Iarthuaisceart na hÉireann. Tugann a gcuid ceoil léargas don éisteoir ar an gcultúr saibhir seo atá á chaomhnú acu. Tháinig ceoltóirí mór le rá as an gceantar seo freisin\, ceoltóirí a bhfuil aithne orthu go hidirnáisiúnta agus a mhúnlaigh an ceol traidisiúnta Éireannach óna 1970idí. Is anseo a tháinig Clannad\, Skara Brae\, Altan\, Manus agus Dónall Lunny faoi bhláth gan a lua ach cúpla dream\, agus tá Clann Mhic Ruairí ag súil an cultúr saibhir ceoil seo atá i gceartlár a gcroíthe a chaomhnú agus a chur chun cinn. Is ceoltóirí astu féin freisin iad gach duine de Chlann Mhic Ruairí\, chan gach duine acu astu féin thar na blianta agus freisin in éineacht le ceoltóirí agus grúpaí eile. Sa mbliain 2013 bheartaigh siad a theacht le chéile go hoifigiúil mar Chlann Mhic Ruairí agus is é an chloch is mó ar a bpaidrín ná traidisiún amhránaíochta Rann na Feirste a chaomhnú. Is amhráin a bhí cumtha agus canta ina gcomharsanacht leis na céadta bliain is mó atá acu. Canann siad na hamhráin thraidisiúnta seo le cur chuige comhaimseartha\, nuálach agus spreagthach ach coinníonn siad glaine agus ionracas traidisiúnta an amhráin. \nTicéid: €20/€25 aar fáil anseo \n\n			\n				\n			\n			\n				\n			\n			\n				\n			\n			\n				\n			\n			\n				\n			\n		\n\n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/clann-mhic-ruairi-inis-meain/
LOCATION:Halla Inis Meáin\, Inis Meáin
CATEGORIES:Ceolchoirm
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2025/05/Clann-Mhic-Ruairi-c-Capture-Photography219-BEAG-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20250614T203000
DTEND;TZID=UTC:20250614T223000
DTSTAMP:20260513T234620
CREATED:20250527T134548Z
LAST-MODIFIED:20250527T134548Z
UID:19312-1749933000-1749940200@aras-eanna.ie
SUMMARY:Clann Mhic Ruairí - Áras Éanna
DESCRIPTION:Is banna ceoil tíre/traidisiúnta Éireannach iad Clann Mhic Ruairí. Grúpa teaghlaigh iad\, ceathrar deartháir Tony (amhránaí)\, Aodh (amhránaí/giotáraí)\, Seán (amhránaí)\, Dónall (amhránaí/cnagcheoltóir) agus Megan iníon le Tony (pianó agus amhránaí). Tógadh an teaghlach le hamhráin agus scéalta Gaelacha ‘Ghaeltacht Rann na Feirste’ i gContae Dhún na nGall\, (ceantar Gaeltachta) in Iarthuaisceart na hÉireann. Tugann a gcuid ceoil léargas don éisteoir ar an gcultúr saibhir seo atá á chaomhnú acu. Tháinig ceoltóirí mór le rá as an gceantar seo freisin\, ceoltóirí a bhfuil aithne orthu go hidirnáisiúnta agus a mhúnlaigh an ceol traidisiúnta Éireannach óna 1970idí. Is anseo a tháinig Clannad\, Skara Brae\, Altan\, Manus agus Dónall Lunny faoi bhláth gan a lua ach cúpla dream\, agus tá Clann Mhic Ruairí ag súil an cultúr saibhir ceoil seo atá i gceartlár a gcroíthe a chaomhnú agus a chur chun cinn. Is ceoltóirí astu féin freisin iad gach duine de Chlann Mhic Ruairí\, chan gach duine acu astu féin thar na blianta agus freisin in éineacht le ceoltóirí agus grúpaí eile. Sa mbliain 2013 bheartaigh siad a theacht le chéile go hoifigiúil mar Chlann Mhic Ruairí agus is é an chloch is mó ar a bpaidrín ná traidisiún amhránaíochta Rann na Feirste a chaomhnú. Is amhráin a bhí cumtha agus canta ina gcomharsanacht leis na céadta bliain is mó atá acu. Canann siad na hamhráin thraidisiúnta seo le cur chuige comhaimseartha\, nuálach agus spreagthach ach coinníonn siad glaine agus ionracas traidisiúnta an amhráin.\nTiceid: €20/€25 ar fáil anseo \n\n			\n				\n			\n			\n				\n			\n			\n				\n			\n			\n				\n			\n			\n				\n			\n		\n\n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/clann-mhic-ruairi-aras-eanna/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Concert
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2025/05/Clann-Mhic-Ruairi-BW-c-Capture-Photography8_BEAG-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20250712T203000
DTEND;TZID=UTC:20250712T223000
DTSTAMP:20260513T234620
CREATED:20250612T152629Z
LAST-MODIFIED:20250612T152629Z
UID:19342-1752352200-1752359400@aras-eanna.ie
SUMMARY:The Raines
DESCRIPTION:Tá an triúr ban ‘Na Raines’ – Juliana Erkkonen (fidil/canadh)\, Yvonne Tiernan (canadh/ucailéile) agus Ruth Dillion (canadh/ giotár) – a chanann ceol tíre Americana fíorshásta a bheith ag teacht ar ais go hÁras Éanna mar chuid dá gcamchuairt in Éirinn i mbliana agus beidh banna iomlán in éindí leo (Sam Wright/olldord & Cesar Benzoni/giotár). Chuir siad seó iontach ar stáitse le deireanas ag Féile Uke na Gaillimhe agus bhí siad ina    n-aíonna speisialta ag na Hothouse Flowers\, Mick Flannery agus An White Horse Guitar Club agus in Áras Éanna cuirfidh siad ceol nua i láthair chomh maith le hamhráin óna n-albam\, Reverie. Ar nós i gcónaí\, idir a gcuid liricí agus amhráin dea-chóirithe\, comhcheol den scoth agus fuaim mhacnasach is féidir leat a bheith cinnte de thráthnóna speisialta ceoil. \nTicéid €25 & €20 anseo \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/the-raines-2/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2025/06/The-Raines.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20250724T203000
DTEND;TZID=UTC:20250724T220000
DTSTAMP:20260513T234620
CREATED:20250612T155455Z
LAST-MODIFIED:20250612T155455Z
UID:19363-1753389000-1753394400@aras-eanna.ie
SUMMARY:Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta Inis Meáin
DESCRIPTION:Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta\nDéardaoin 24 Iúil 8:30i.n. – Inis Meáin \nIs iad Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta a bhuaigh an gradam do na Ceoltóirí is Fearr atá ag Teacht chun Cinn ag Gradam Ceoil Tíre RTÉ in 2024.\nTagann Séamus & Caoimhe ó chlann ceolmhar atá ag cur fúthu san Aird Mhóir i nGaeltacht Chonamara\, Co na Gaillimhe. \nTá cáil orthu de bharr a gcuid amhránaíocht ar an sean-nós (amhránaíocht thraidisiúnta gan tionlacan i nGaeilge) agus ar an gcóiriú ar leith a dhéanann siad ar amhráin Ghaeilge agus Béarla. \nTá an-suim acu i gcóiriú gutha agus in armónú\, agus tagann a nguthanna go maith le chéile de bharr gur baill den teaghlach céanna iad. Chuaigh an leagan den chaoineadh tochtmhar Anach Cuain a chan siad ar an Late Late Show in 2022 i gcion go mór ar phobal na tíre agus scaip sé go sciobtha ar fud an domhain. \nIs il-ionstramaithe cumasacha agus rinceoirí Gaelacha a bhfuil gradam Uile-Éireann buaite acu iad Séamus agus Caoimhe agus bíonn an Ghaeilge agus a n-oidhreacht lárnach i gcónaí ina saothar ceoil. \nIn 2023 a d’eisigh siad a gcéad cheirnín leathfhada dar teideal Séamus & Caoimhe.    Is féidir é a íoslódáil ar chuile ardán digiteach agus ba iad Brian Whelan agus cumadóir Riverdance Bill Whelan a chur le chéile é. Thaifead siad é ina stiúideo ag an Fort\, Cloch na Rón\, Conamara. \nTá BA i gCeol na hÉireann ag Caoimhe ó Dhámh Chruinne Éireann in Ollscoil Luimnigh. Tá Séamus sa mbliain deireanach dá chéim BA i dTeangacha Feidhmeacha in Ollscoil Luimnigh\, an Ghaeilge ar cheann de na teangacha sin. \nTicéid €25 & €20 anseo
URL:https://aras-eanna.ie/event/seamus-caoimhe-ui-fhlatharta-inis-meain/
LOCATION:Halla Inis Meáin\, Inis Meáin
CATEGORIES:Ceolchoirm
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2025/06/Seamus-Caoimhe-Ui-Fhlatharta-1-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20250725T203000
DTEND;TZID=UTC:20250725T223000
DTSTAMP:20260513T234620
CREATED:20250612T160021Z
LAST-MODIFIED:20250612T160021Z
UID:19367-1753475400-1753482600@aras-eanna.ie
SUMMARY:Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta - Áras Éanna
DESCRIPTION:Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta\nDé hAoine 25 Iúil 8:30i.n. – Inis Oírr \nIs iad Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta a bhuaigh an gradam do na Ceoltóirí is Fearr atá ag Teacht chun Cinn ag Gradam Ceoil Tíre RTÉ in 2024. \nTagann Séamus & Caoimhe ó chlann ceolmhar atá ag cur fúthu san Aird Mhóir i nGaeltacht Chonamara\, Co na Gaillimhe. \nTá cáil orthu de bharr a gcuid amhránaíocht ar an sean-nós (amhránaíocht thraidisiúnta gan tionlacan i nGaeilge) agus ar an gcóiriú ar leith a dhéanann siad ar amhráin Ghaeilge agus Béarla. \nTá an-suim acu i gcóiriú gutha agus in armónú\, agus tagann a nguthanna go maith le chéile de bharr gur baill den teaghlach céanna iad. Chuaigh an leagan den chaoineadh tochtmhar Anach Cuain a chan siad ar an Late Late Show in 2022 i gcion go mór ar phobal na tíre agus scaip sé go sciobtha ar fud an domhain. \nIs il-ionstramaithe cumasacha agus rinceoirí Gaelacha a bhfuil gradam Uile-Éireann buaite acu iad Séamus agus Caoimhe agus bíonn an Ghaeilge agus a n-oidhreacht lárnach i gcónaí ina saothar ceoil. \nIn 2023 a d’eisigh siad a gcéad cheirnín leathfhada dar teideal Séamus & Caoimhe.    Is féidir é a íoslódáil ar chuile ardán digiteach agus ba iad Brian Whelan agus cumadóir Riverdance Bill Whelan a chur le chéile é. Thaifead siad é ina stiúideo ag an Fort\, Cloch na Rón\, Conamara. \nTá BA i gCeol na hÉireann ag Caoimhe ó Dhámh Chruinne Éireann in Ollscoil Luimnigh. Tá Séamus sa mbliain deireanach dá chéim BA i dTeangacha Feidhmeacha in Ollscoil Luimnigh\, an Ghaeilge ar cheann de na teangacha sin. \nTicéid €25 & €20 anseo
URL:https://aras-eanna.ie/event/seamus-caoimhe-ui-fhlatharta-aras-eanna/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2025/06/Seamus-Caoimhe-Ui-Fhlatharta-1-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20250803T203000
DTEND;TZID=UTC:20250803T223000
DTSTAMP:20260513T234620
CREATED:20250612T162529Z
LAST-MODIFIED:20250612T162529Z
UID:19380-1754253000-1754260200@aras-eanna.ie
SUMMARY:Padraig Jack
DESCRIPTION:Cuireann Padraig Jack Ó Flaithearta\, ainmní do Ghradaim Cheol Tíre RTÉ\, seó iontach ar fáil ina bhfuil píosaí a léiríonn a mhealltacht\, a nathaíocht\, a dhearcadh ar an saol\, stair na tíre agus dár ndóigh amhráin d’ardchaighdeán i mBéarla agus i nGaeilge. I nDeireadh Fómhair 2024 d’eisigh Padraig Jack a dhara albam ‘These Shores’\, albam a fuair ardmholadh agus a seoladh i nGaillimh do lán an tí  agus chuaigh príomhshingil an albaim ‘Long Street’ chuig barr Chairt Aerseinnte RTÉ ar feadh coicíse as a chéile. Is as Oileáin Árann ó dhúchas é\, áit a labhraítear an Ghaeilge agus áit as ar tháinig na scríbhneoirí Liam Ó Flaithearta\, Máirtín Ó Direáin agus Breandán Ó hEithir. Is cainteoir dátheangach bródúil é idir chomhrá agus cumadóireacht amhrán. Scríobhann sé amhráin Ghaeilge agus Béarla ina mbíonn teachtaireachtaí láidre agus canann sé iad le tionlacan giotáir nó pianó. Ag teacht faoi thionchar James Taylor\, Na Eagles\, Van Morrison\, Sinead O’Connor agus Shane McGowan\, tá meas ag Pádraig ar chumadóireacht amhrán a léiríonn dearcadh ar leith. \nTá cáil bainte amach cheana féin ag Padraig i saol cheoil na hÉireann\, moladh faighte aige ó dhaoine cáiliúla sa tionscal\, leithéidí Mike Scott\, Sharon Shannon agus Miles Hunt mar aon le léirmheasanna iontacha ó dhream ar nós Hot Press. Tá Padraig fíorbhródúil as na seónna a bhíonn aige in Inis Oírr agus Inis Meáin\, as a  léiriú ag an Big Top d’Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe nuair a bhí sé mar aoi speisialta do na Saw Doctors agus as a sheó beo ar TG4 do sheoladh Fhleá Cheoil na hÉireann i Lúnasa 24. Go dtí seo i mbliana bhí sé ag canadh ag Tradfest Bhaile Átha Cliath\, ag féile dátheangach na Gaillimhe ‘Tonnta’  sular thug sé camchuairt ar Shasana agus turas go Montréal\, áit a raibh sé ag déanamh ionadaíocht d’Éirinn ag an Folk Alliance i gcomhar le Cultúr Éireann. \nTicéid €25 & €20 anseo
URL:https://aras-eanna.ie/event/padraig-jack-2/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2025/06/PadraigJack3.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20250813T203000
DTEND;TZID=UTC:20250813T223000
DTSTAMP:20260513T234620
CREATED:20250613T133846Z
LAST-MODIFIED:20250724T100903Z
UID:19392-1755117000-1755124200@aras-eanna.ie
SUMMARY:By the Light of the Silvery Moon
DESCRIPTION:Faoi Sholas na Réabghealaí \nSeó 16+  \nTráthnóna speisialta de scéalta Éireannacha do dhaoine fásta\, a insítear i stíl na mbard\, ag baint úsáid as focail\, fuaimeanna agus ceol.  \nSa seó seo\, feictear an bard fáin Aindrias de Staic lena veidhlín agus uirlisí tionlacain eile\, Brian Fleming ar chnaguirlisí & Aisling Lyons ar an gcláirseach agus ar an gconsairtín. Bhí tionchar mór ag baird a chuaigh roimhe ar Aindrias\, leithéidí Raiftearaí an File\, Brian Merriman agus Aindrias Mac Cruitín. Ar an gcamchuairt seo téann siad timpeall na tíre ag insint scéalta agus gearrscéalta a mbainfidh an lucht féachana an-sásamh astu. \n“He’s a waterboy seanchaí\, the pied piper of mischief. If he didn’t exist\, we’d have to invent him because the culture needs spirits like his\, a wayward Irish fiddle playing dream talker” Tommy Tiernan \nCuireann Aindrias an ealaín ársa Éireannach seo i láthair i stíl bhríomhar\, úr\, tapa\, mar sin féin tá a shaothar fréamhaithe go daingean i scéalaíocht thraidisiúnta iarthar na hÉireann. É spreagtha ag a chuid oibre a bhaineann le seanchas\, leis an dúlra agus na healaíona traidisiúnta tugann Aindrias ar thuras muid trí scéalta faoi bhailte atá imithe i bhfarraige\, míthapa ceoltóirí fáin\, aithriseoireacht ghrinn\, leaganacha gearra de mhiotais bhéaloidis agus ar ndóigh a chuid scéalta áiféiseacha féin faoi imeachtaí osnádúrtha. \nIs cineál nua scéalaíochta é “Faoi Sholas na Reabghealaí”. \n“A pioneer in the revival of traditional storytelling\, Aindrias has become one of the key figures in the mining\, exploration & presentation of Irish Stories & Mythology. He breathes new life into the old tales – infusing them with musicality\, rhythm and his unique insights on life. “ \nManchan Mangan \nTicéid €20 & €25 ANSEO \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/by-the-light-of-the-silvery-moon/
CATEGORIES:Ceolchoirm,Theatre
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2025/06/Aindrias2.jpg
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20250815T203000
DTEND;TZID=UTC:20250815T223000
DTSTAMP:20260513T234620
CREATED:20250619T110825Z
LAST-MODIFIED:20250619T125035Z
UID:19396-1755289800-1755297000@aras-eanna.ie
SUMMARY:Achill Island\, Basking Shark Fishermen
DESCRIPTION:Is freagra ceolmhar é Achill Island\, Basking Shark Fishermen\, ar thionscal iascaireachta na liamhán gréine in Acaill\, atá ag féachaint leis an gcuid thábhachtach seo d’oidhreacht an oileáin a chaomhnú do na glúnta atá le teacht. \nD’eisigh “The Achill Sound” a gcéad albam Isle of the Eagle i mí Lúnasa 2023 agus tá siad anois ag cur an tionscnaimh is deireanaí seo dá gcuid i láthair\, tionscnamh atá dírithe ar chaomhnú an tseanchais agus na scéalta a bhaineann le tionscal iascaireachta na liamhán gréine ar Acaill sa 20ú haois. Sa léiriú uathúil agus tumthach seo tugtar léiriú mothálach ar stair iascaireachta na siorcanna in Acaill\, trí mheascán taifead\, píosaí scannáin ón gcartlann agus íomhánna bunaidh in éineacht le ceol agus amhráin traidisiúnta agus nuachumtha de chuid na hÉireann. \nIs iad an bheirt a tháinig suas le The Achill Sound  ná Graham Sweeney\, ceoltóir atá lonnaithe in Acaill\, agus John Michael Berry\, léiritheoir atá ag cur faoi i nGlaschú ach ar tháinig a mhuintir freisin as an oileán. Leis an togra seo tá siad ag féachaint leanúint lena sprioc chomhchoiteann maidir le stair agus cultúr Acla a choinneáil beo. \nDeir Graham Sweeney\, “My family had a large involvement in the industry\, which is why I viewed it with a heavy heart and anger. It is only in recent years that I see both sides of the story; on a quiet island with little industry\, forcing many people to leave home for work\, you cannot blame them for wanting to survive and support their families. There was not a great understanding of damaging a species towards extinction. All that the local people knew was survival. I wanted to shine a light on the days gone by by recording as many first-hand accounts and stories as possible. While some community members recall ‘the glory days of the shark fishing’\, others mourn the loss of these magnificent\, harmless giants of the ocean.” \nLe tacaíocht bhródúil ó Chomhairle Ealaíon na hÉireann\, áiríonn an léiriú beo seo de Achill Island\, Basking Shark Fishermen closamhairc leis an léiritheoir John Michael Berry\, ceol traidisiúnta agus nuachumtha de chuid Graham Sweeney (giotár agus canadh) Lisa Fukuda (fidil) agus Johnny Butler (píb uilleann). Tá páirt ag na ceoltóirí seo uilig in The Achill Sound agus de bharr ceangal pearsanta tá siad ag iarraidh stair agus cultúr an oileáin a choinneáil beo. \nTá scéal thionscail iascaireachta na liamhán gréine in Acaill á chur faoi chaibidil ar bhealach álainn sa bpíosa uathúil seo\, trí úsáid a bhaint as ealaín thraidisiúnta mar aon le hamharcealaín chun taispeántas ceoil bheo agus tumthach a chruthú\, taispeántas a thugann léiriú ar ré thábhachtach d’oidhreacht mhuirí Acla agus na hÉireann. \nTicéid €25/€20 ar eventbrite
URL:https://aras-eanna.ie/event/achill-island-basking-shark-fishermen/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Dramaíocht
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2025/06/Achill-Island-Basking-Shark-Fishermen-drawing-FOR-WEB-1-jpg-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20250920T203000
DTEND;TZID=UTC:20250920T223000
DTSTAMP:20260513T234620
CREATED:20250909T120621Z
LAST-MODIFIED:20250909T120621Z
UID:19569-1758400200-1758407400@aras-eanna.ie
SUMMARY:An Ceolchoirm Mhór
DESCRIPTION:  \nCríochnóidh clár samhradh iontach cúig bliana is fichead Áras Éanna leis “An Ceolchoirm Mhór”. Is comóradh é an cheolchoirm ag súil siar ar 25 bliana de cheoltóirí cumasacha éagsúla a tháinig tríd doirse Áras Éanna. \nÓ osclaíodh Áras Éanna sa bhliain 2000\, cuireadh an t-uafás ceolchoirmeacha speisialta le ceoltóirí áitiúla\, náisiúnta agus idirnáisiúnta ar dlúthstáitse an amharclann. I láthair ar an oíche beidh ceoltóirí Inis Oírr (Micheál Ó hAlmháin\, Tom Ó Maoláin\, Oisín Ó Cualáin\, Bríd Ní Chualáin\, Pat Quinn agus eile) agus clár iontach de cheoltóirí ar cuairt ina measc: Leo Moran (Saw Doctors)\, Pádraig Stevens\, The Whileaways\, agus Mouse McHugh. \nCuireadh tús leis an oíche ar a 8:00i.n. Dé Sathairn 20ú Meán Fómhair in Áras Éanna agus beidh cóisir ina dhiaidh le haoi-cheoltóirí ag casadh. Beidh seisiúin cheoil saor in aisce timpeall an oileáin Dé Domhnaigh óna 12:30i.n. le tuilleadh ceoltóirí ón gceolchoirm mar chríoch ar deireadh seachtaine speisialta ag ceiliúradh ról Áras Éanna ag tabhairt ceolchoirmeacha beo chuig Inis Oírr le 25 bliana anuas. \nTicéid: €35/30 (ar lacáiste) ar fáil ar Eventbrite
URL:https://aras-eanna.ie/event/an-ceolchoirm-mhor/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Concert
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;VALUE=DATE:20251010
DTEND;VALUE=DATE:20251013
DTSTAMP:20260513T234620
CREATED:20250926T143533Z
LAST-MODIFIED:20251008T152730Z
UID:19574-1760054400-1760313599@aras-eanna.ie
SUMMARY:Cúirt Cheoil na mBan 2025
DESCRIPTION:Cúirt Cheoil na mBan – Féile cheoil traidisiúnta le hamhránaithe\, ceoltóirí & damhsóirí ban & neamh-dhénártha do phobail Inis Oírr. \nÓ cuireadh tús leis mar imeacht aonuaire d’Oíche Chultúir i 2022\, tá Cúirt Cheoil na mBan fásta anois ina fhéile 3 lá a tharlaíonn ag deireadh shéasúr na turasóireachta ar Inis Oírr\, an ceann is lú de chuid Oileáin Árann. I 2023 agus 2024\, bhí Inis Meáin tógtha san áireamh agus tá súil againn filleadh ann an bhliain seo chugainn. Cuireann an fhéile Ghaeilge seo béim ar cheoltóirí mná agus ar cheoltóirí neamh-dhénártha traidisiúnta agus tá sé mar aidhm againn na hoícheanta sóisialta traidisiúnta a d’óstáil daoine ina dtithe fadó a athbheochan.\nOsclaíonn daoine a dtithe chun seisiúin a reáchtáil i rith an deireadh seachtaine. Beidh deiseanna ann bualadh le ceoltóirí eile a bhfuil taithí chomhchosúil acu leatsa i dtimpeallacht thacúil\, seisiúin ócáideacha a eagrú\, dul ag siúl agus ag snámh agus beidh spás ann freisin do sheisiúin dhéanacha san oíche atá oscailte do gach inscne sna tithe tábhairne áitiúla. \nTá Cúirt Cheoil na mBan comhléirithe ag Emma O’Grady & Áras Éanna\, le tacaíocht ó Phleanáil Teanga Inis Oírr \nIs Féile Saor ó Chinedheighilt í Cúirt Cheoil na mBan\, rud a chiallaíonn go gcloímid leis an mbaghcat cultúrtha ar Iosrael agus go gcloímid le prionsabail na gluaiseachta BDS. Ní cheadófar táirgí Coca Cola go háirithe inár spásanna imeachta. \n10-12ú Deireadh Fómhair 2025 \nSceideal* \n*coinnigh súil ar ár bhfógraí meán sóisialta faoi áiteanna \nINSTAGRAM: @araseanna @cuirtcheoilnamban \nDé hAoine 10ú \n9in Seisiún 1(áit TBA) \nDé Sathairn 11ú \n2-4in Seisiún 2 (áit TBA) \n8.30in Seoladh albam & ceolchoirm le Úna Ní Fhlannagáin @ Áras Éanna \n10pm Seisiún 3 (áit TBA) \nDé Domhnaigh 12ú \n12-2pm Seisiún 4 (áit TBA) \nTicéid: \nSaor in aisce\, seachas ceolchoirm Úna Ní Fhlannagáin – ticéid ar fáil ag aras-eanna.ie \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/cuirt-cheoil-na-mban-2025/
CATEGORIES:Ceolchoirm
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2025/09/POSTER-10-12-OCT-cuirt-cheoil-na-mban-2025jpg-scaled.jpg
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20260524T203000
DTEND;TZID=UTC:20260524T223000
DTSTAMP:20260513T234620
CREATED:20260508T094819Z
LAST-MODIFIED:20260508T094819Z
UID:19749-1779654600-1779661800@aras-eanna.ie
SUMMARY:Ger O Donnell
DESCRIPTION:Dé Domhnaigh\, 24 Bealtaine 8:30i.n.\, Ionad Ealaíne Áras Éanna \nTicéid €25/20 ar Eventbrite \nTá ríméad ar Áras Éanna tús a chur lenár gclár samhraidh san amharclann\, agus muid ag cur fáilte roimh cheoltóir a bheidh aithnid ag aon duine a bhfuil cur amach aige ar shaol an cheoil tíre agus an cheoil thraidisiúnta in iarthar na hÉireann\, Ger O Donnell. \nTá Ger ar dhuine de na hamhránaithe tíre agus de na hiluirliseoirí is fearr in Éirinn. Le blianta beaga anuas\, tá cáil mhór bainte amach aige ar an saol ceoil tíre\, le roinnt amhrán a bhain barr na gcairteacha amach in Éirinn\, le leanúint mhór ar na meáin shóisialta\, agus le go leor camchuairteanna idirnáisiúnta. \nIs giotáraí iomráiteach é\, seinnteoir dordveidhle dúbailte\, agus ceoltóir a sheinneann neart uirlisí eile atá ait agus iontach araon. \nIs é Ger amhránaí reatha Bhanna Céilí Chill Fhionnúrach\, agus stiúrthóir ceoil Dolores Keane chomh maith. Ina theannta sin\, oibríonn sé mar innealtóir taifeadta agus mar cheoltóir le go leor ealaíontóirí eile ar nós Sharon Shannon\, Seán Keane agus Moncrieff. \nTáimid ag tnúth le fáilte a chur roimh sean-chairde agus cuairteoirí nua chuig an ionad an oíche sin\, chun tús séasúir spreagúil atá romhainn a cheiliúradh.
URL:https://aras-eanna.ie/event/ger-o-donnell/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2026/05/Cherish-Glasgow-283.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
END:VCALENDAR