BEGIN:VCALENDAR
VERSION:2.0
PRODID:-//Áras Éanna - ECPv6.15.17//NONSGML v1.0//EN
CALSCALE:GREGORIAN
METHOD:PUBLISH
X-ORIGINAL-URL:https://aras-eanna.ie
X-WR-CALDESC:Events for Áras Éanna
REFRESH-INTERVAL;VALUE=DURATION:PT1H
X-Robots-Tag:noindex
X-PUBLISHED-TTL:PT1H
BEGIN:VTIMEZONE
TZID:UTC
BEGIN:STANDARD
TZOFFSETFROM:+0000
TZOFFSETTO:+0000
TZNAME:UTC
DTSTART:20240101T000000
END:STANDARD
END:VTIMEZONE
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20250803T203000
DTEND;TZID=UTC:20250803T223000
DTSTAMP:20260511T014340
CREATED:20250612T162529Z
LAST-MODIFIED:20250612T162529Z
UID:19380-1754253000-1754260200@aras-eanna.ie
SUMMARY:Padraig Jack
DESCRIPTION:Cuireann Padraig Jack Ó Flaithearta\, ainmní do Ghradaim Cheol Tíre RTÉ\, seó iontach ar fáil ina bhfuil píosaí a léiríonn a mhealltacht\, a nathaíocht\, a dhearcadh ar an saol\, stair na tíre agus dár ndóigh amhráin d’ardchaighdeán i mBéarla agus i nGaeilge. I nDeireadh Fómhair 2024 d’eisigh Padraig Jack a dhara albam ‘These Shores’\, albam a fuair ardmholadh agus a seoladh i nGaillimh do lán an tí  agus chuaigh príomhshingil an albaim ‘Long Street’ chuig barr Chairt Aerseinnte RTÉ ar feadh coicíse as a chéile. Is as Oileáin Árann ó dhúchas é\, áit a labhraítear an Ghaeilge agus áit as ar tháinig na scríbhneoirí Liam Ó Flaithearta\, Máirtín Ó Direáin agus Breandán Ó hEithir. Is cainteoir dátheangach bródúil é idir chomhrá agus cumadóireacht amhrán. Scríobhann sé amhráin Ghaeilge agus Béarla ina mbíonn teachtaireachtaí láidre agus canann sé iad le tionlacan giotáir nó pianó. Ag teacht faoi thionchar James Taylor\, Na Eagles\, Van Morrison\, Sinead O’Connor agus Shane McGowan\, tá meas ag Pádraig ar chumadóireacht amhrán a léiríonn dearcadh ar leith. \nTá cáil bainte amach cheana féin ag Padraig i saol cheoil na hÉireann\, moladh faighte aige ó dhaoine cáiliúla sa tionscal\, leithéidí Mike Scott\, Sharon Shannon agus Miles Hunt mar aon le léirmheasanna iontacha ó dhream ar nós Hot Press. Tá Padraig fíorbhródúil as na seónna a bhíonn aige in Inis Oírr agus Inis Meáin\, as a  léiriú ag an Big Top d’Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe nuair a bhí sé mar aoi speisialta do na Saw Doctors agus as a sheó beo ar TG4 do sheoladh Fhleá Cheoil na hÉireann i Lúnasa 24. Go dtí seo i mbliana bhí sé ag canadh ag Tradfest Bhaile Átha Cliath\, ag féile dátheangach na Gaillimhe ‘Tonnta’  sular thug sé camchuairt ar Shasana agus turas go Montréal\, áit a raibh sé ag déanamh ionadaíocht d’Éirinn ag an Folk Alliance i gcomhar le Cultúr Éireann. \nTicéid €25 & €20 anseo
URL:https://aras-eanna.ie/event/padraig-jack-2/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2025/06/PadraigJack3.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20250813T203000
DTEND;TZID=UTC:20250813T223000
DTSTAMP:20260511T014340
CREATED:20250613T133846Z
LAST-MODIFIED:20250724T100903Z
UID:19392-1755117000-1755124200@aras-eanna.ie
SUMMARY:By the Light of the Silvery Moon
DESCRIPTION:Faoi Sholas na Réabghealaí \nSeó 16+  \nTráthnóna speisialta de scéalta Éireannacha do dhaoine fásta\, a insítear i stíl na mbard\, ag baint úsáid as focail\, fuaimeanna agus ceol.  \nSa seó seo\, feictear an bard fáin Aindrias de Staic lena veidhlín agus uirlisí tionlacain eile\, Brian Fleming ar chnaguirlisí & Aisling Lyons ar an gcláirseach agus ar an gconsairtín. Bhí tionchar mór ag baird a chuaigh roimhe ar Aindrias\, leithéidí Raiftearaí an File\, Brian Merriman agus Aindrias Mac Cruitín. Ar an gcamchuairt seo téann siad timpeall na tíre ag insint scéalta agus gearrscéalta a mbainfidh an lucht féachana an-sásamh astu. \n“He’s a waterboy seanchaí\, the pied piper of mischief. If he didn’t exist\, we’d have to invent him because the culture needs spirits like his\, a wayward Irish fiddle playing dream talker” Tommy Tiernan \nCuireann Aindrias an ealaín ársa Éireannach seo i láthair i stíl bhríomhar\, úr\, tapa\, mar sin féin tá a shaothar fréamhaithe go daingean i scéalaíocht thraidisiúnta iarthar na hÉireann. É spreagtha ag a chuid oibre a bhaineann le seanchas\, leis an dúlra agus na healaíona traidisiúnta tugann Aindrias ar thuras muid trí scéalta faoi bhailte atá imithe i bhfarraige\, míthapa ceoltóirí fáin\, aithriseoireacht ghrinn\, leaganacha gearra de mhiotais bhéaloidis agus ar ndóigh a chuid scéalta áiféiseacha féin faoi imeachtaí osnádúrtha. \nIs cineál nua scéalaíochta é “Faoi Sholas na Reabghealaí”. \n“A pioneer in the revival of traditional storytelling\, Aindrias has become one of the key figures in the mining\, exploration & presentation of Irish Stories & Mythology. He breathes new life into the old tales – infusing them with musicality\, rhythm and his unique insights on life. “ \nManchan Mangan \nTicéid €20 & €25 ANSEO \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/by-the-light-of-the-silvery-moon/
CATEGORIES:Ceolchoirm,Theatre
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2025/06/Aindrias2.jpg
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20250815T203000
DTEND;TZID=UTC:20250815T223000
DTSTAMP:20260511T014341
CREATED:20250619T110825Z
LAST-MODIFIED:20250619T125035Z
UID:19396-1755289800-1755297000@aras-eanna.ie
SUMMARY:Achill Island\, Basking Shark Fishermen
DESCRIPTION:Is freagra ceolmhar é Achill Island\, Basking Shark Fishermen\, ar thionscal iascaireachta na liamhán gréine in Acaill\, atá ag féachaint leis an gcuid thábhachtach seo d’oidhreacht an oileáin a chaomhnú do na glúnta atá le teacht. \nD’eisigh “The Achill Sound” a gcéad albam Isle of the Eagle i mí Lúnasa 2023 agus tá siad anois ag cur an tionscnaimh is deireanaí seo dá gcuid i láthair\, tionscnamh atá dírithe ar chaomhnú an tseanchais agus na scéalta a bhaineann le tionscal iascaireachta na liamhán gréine ar Acaill sa 20ú haois. Sa léiriú uathúil agus tumthach seo tugtar léiriú mothálach ar stair iascaireachta na siorcanna in Acaill\, trí mheascán taifead\, píosaí scannáin ón gcartlann agus íomhánna bunaidh in éineacht le ceol agus amhráin traidisiúnta agus nuachumtha de chuid na hÉireann. \nIs iad an bheirt a tháinig suas le The Achill Sound  ná Graham Sweeney\, ceoltóir atá lonnaithe in Acaill\, agus John Michael Berry\, léiritheoir atá ag cur faoi i nGlaschú ach ar tháinig a mhuintir freisin as an oileán. Leis an togra seo tá siad ag féachaint leanúint lena sprioc chomhchoiteann maidir le stair agus cultúr Acla a choinneáil beo. \nDeir Graham Sweeney\, “My family had a large involvement in the industry\, which is why I viewed it with a heavy heart and anger. It is only in recent years that I see both sides of the story; on a quiet island with little industry\, forcing many people to leave home for work\, you cannot blame them for wanting to survive and support their families. There was not a great understanding of damaging a species towards extinction. All that the local people knew was survival. I wanted to shine a light on the days gone by by recording as many first-hand accounts and stories as possible. While some community members recall ‘the glory days of the shark fishing’\, others mourn the loss of these magnificent\, harmless giants of the ocean.” \nLe tacaíocht bhródúil ó Chomhairle Ealaíon na hÉireann\, áiríonn an léiriú beo seo de Achill Island\, Basking Shark Fishermen closamhairc leis an léiritheoir John Michael Berry\, ceol traidisiúnta agus nuachumtha de chuid Graham Sweeney (giotár agus canadh) Lisa Fukuda (fidil) agus Johnny Butler (píb uilleann). Tá páirt ag na ceoltóirí seo uilig in The Achill Sound agus de bharr ceangal pearsanta tá siad ag iarraidh stair agus cultúr an oileáin a choinneáil beo. \nTá scéal thionscail iascaireachta na liamhán gréine in Acaill á chur faoi chaibidil ar bhealach álainn sa bpíosa uathúil seo\, trí úsáid a bhaint as ealaín thraidisiúnta mar aon le hamharcealaín chun taispeántas ceoil bheo agus tumthach a chruthú\, taispeántas a thugann léiriú ar ré thábhachtach d’oidhreacht mhuirí Acla agus na hÉireann. \nTicéid €25/€20 ar eventbrite
URL:https://aras-eanna.ie/event/achill-island-basking-shark-fishermen/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Dramaíocht
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2025/06/Achill-Island-Basking-Shark-Fishermen-drawing-FOR-WEB-1-jpg-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
END:VCALENDAR