BEGIN:VCALENDAR
VERSION:2.0
PRODID:-//Áras Éanna - ECPv6.15.17//NONSGML v1.0//EN
CALSCALE:GREGORIAN
METHOD:PUBLISH
X-WR-CALNAME:Áras Éanna
X-ORIGINAL-URL:https://aras-eanna.ie
X-WR-CALDESC:Events for Áras Éanna
REFRESH-INTERVAL;VALUE=DURATION:PT1H
X-Robots-Tag:noindex
X-PUBLISHED-TTL:PT1H
BEGIN:VTIMEZONE
TZID:UTC
BEGIN:STANDARD
TZOFFSETFROM:+0000
TZOFFSETTO:+0000
TZNAME:UTC
DTSTART:20250101T000000
END:STANDARD
END:VTIMEZONE
BEGIN:VEVENT
DTSTART;VALUE=DATE:20260705
DTEND;VALUE=DATE:20260927
DTSTAMP:20260809T133326
CREATED:20260731T150726Z
LAST-MODIFIED:20260805T114823Z
UID:19871-1783209600-1790467199@aras-eanna.ie
SUMMARY:Péintéirí Oileán Thoraí
DESCRIPTION:Ar siúl ó Iúil go mí Meán Fómhair. \nTá oileán álainn agus garbh Thoraí suite 11km amach ó chósta thiar thuaidh Cho. Dhún na nGall. Oileán Gaeltachta é (Gaeilge a dteanga labhartha) lena mbaineann go leor staire agus miotaseolaíochta. Tá scoil phéintéireachta Thoraí lonnaithe ansin. \nThéadh an t-ealaíontóir cáiliúil Derek Hill (1916-2000) ar cuairt chuig an oileán go minic sna 1950idí agus d’oibríodh sé as stiúideo beag botháin\, (bothán comharthaí loingseoireachta de chuid Lloyds i Londain a bhí ann tráth) ag péinteáil pictiúr de na tírdhreacha fiáine agus portráidí de na hoileánaigh. Uair amháin agus é amuigh ag péinteáil tháinig an t-oileánach James Dixon trasna air agus é i mbun oibre. D’fhiafraigh Derek de céard a cheap sé dá chuid péintéireachta agus d’fhreagair James go simplí ‘Cheapfainn go bhféadfainn féin é a dhéanamh níos fearr’… bhain sé sin gáire as Derek agus ina dhiaidh sin d’fhan cairdeas buan eatarthu. Ghríosaigh Derek James le tabhairt faoin bpéintéireacht agus bhíodh sé ag seoladh ábhar chuige ó am go ham ach ní bhacfadh sé leis na scuaba mar go mbíodh James ag iarraidh a chuid scuab féin a dhéanamh as eireaball a asail. Sin é an chaoi ar thosaigh scoil phéintéireachta Thoraí amach. \nTrína gcuid péintéireachta rinne na healaíontóirí seo taifead uathúil de shaol an oileáin. I measc na ndaoine a bhí páirteach sa scoil phéintéireachta a bunaíodh bhí Patsaí Dan Mac Ruaidhrí (Rí Thoraí)\, Ruairí Rodgers\, John Dixon agus James Rodgers agus ón dara glúin an fear fíorchumasach Anton Meenan. Tá Áras Éanna ríméadach an taispeántas seo a chur i láthair\, saothar le glúin nua ealaíontóirí atá ag coinneáil oidhreacht phéintéirí Thoraí beo\, gluaiseacht a d’eascair as casadh le chéile Derek Hill agus James Dixon trí sheans sna 1950idí.
URL:https://aras-eanna.ie/event/peinteiri-oilean-thorai/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Exhibition,Taispeántas
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2026/07/Noirin-Ni-Mhianain-Boffins-Lovely-Shore-cropped.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20260711T203000
DTEND;TZID=UTC:20260711T220000
DTSTAMP:20260809T133327
CREATED:20260626T094905Z
LAST-MODIFIED:20260626T094905Z
UID:19793-1783801800-1783807200@aras-eanna.ie
SUMMARY:Síomha
DESCRIPTION:Dé Sathairn\, 11 Iúil\, 8:30i.n.\, Áras Éanna \nTicéid €30/25 \nGrianghraf le Zé Bateira \nIs amhránaí agus giotáraí neamhspleách Éireannach í Síomha (She-vah) a bhogann go réidh idir ceol tíre\, snagcheol agus neo-soul\, tugann sí an lucht éisteachta ar aistear dodhearmadta gan choinne lena foinn anamúla. Is bailiúchán d’amhráin Ghaeilge agus Béarla atá ina céad albam ‘Infinite Space’\, agus déanann an Irish Times cur síos air mar “a seriously accomplished and self-confident debut”. Saghas ceoil cosmach pop é bunaithe ar cheol tíre\, le blas snagcheoil – is é Tyler Duncan\, a bhfuil ainmniúchán Grammy aige\, a chur le chéile é agus tá ceoltóirí mór le rá air lena n-áirítear Joe Dart (Vulfpeck)\, Louis Cato (Bobby McFerrin/ Snarky Puppy)\, Martin Atkinson Borrull (Toucan) agus an veidhleadóir Jeremy Kittel (Bela Fleck/ Chris Thile). Tá guth Shíomha lán le taithí amh ón gcroí. Ag éisteacht léi bíonn mothúcháin an-domhain ag an lucht éisteachta ar an bpointe agus fágann siad le ceangal níos dlúithe lena saol féin. \nAg teacht ó chlann fíorcheolmhar d’fhás sí suas le lucht ceoil mór le rá inar bhfuair sí taithí ar mheascán den snagcheol\, ceol traidisiúnta\, ceol tíre agus sól\, rud a d’fhág rian doscriosta ar a rogha agus tionchar ceoil. Thosaigh sí ag seinm an ghiotáir ag aois a deich mbliana ach ba ina dhiaidh sin\, sna déaga di\, agus í ag freastal ar scoil i ndeisceart na Fraince a thóg sí suas an giotár snagcheoil tar éis di bualadh trí sheans le giofóg Iodálach a mhúin stíl snagcheoil manouche na ngiofóg di. Bhí sí an-tógtha go deo le cordaí agus fuaimeanna an tsnagcheoil\, fuair sí spreagadh as agus thosaigh sí ag cumadh a cuid amhrán féin. \nSna cúpla bliain ina dhiaidh sin chuaigh sí ag taisteal agus a cuid ceoil ag treorú an bhealaigh\, ag tógáil isteach fuaimeanna na n-áiteanna ar thug sí cuairt orthu agus ag cur lena ceird. Ag deireadh 2016\, tar éis di Meiriceá\, Ceanada agus Meicsiceo a bheith treafa aici mhothaigh sí tarraingt nádúrtha filleadh ar an mbaile agus bhí cúpla bliain iontach aici ina dhiaidh sin. Bhí sí ina haoi rialta ag an amhránaí mór le rá Paul Brady agus chan sí ag féilte ar nós Electric Picnic\, Celtic Connections\, Cambridge Folk Festival agus Fête de la Musique ag Centre Culturel Irlandais i bPáras. Sa bhliain 2018 fuair sí cuireadh dul ar chamchuairt leis an ngrúpa Meiriceánach-Éireannach cáiliúil agus comhaimseartha The Olllam agus thit sí isteach láithreach lena mball bunaidh Tyler Duncan. \nIn 2019 thosaigh Síomha agus Martin Atkinson Borrull\, a comhoibrí cruthaitheach fadtéarmach\, ag taifeadadh a céad albam i Michigan\, SÁM le Tyler mar léiritheoir. Roghnaíodh Síomha mar Ealaíontóir Taispeántais Oifigiúil ag Folk Alliance International 2023 i gcathair Kansas\, MI agus bronnadh cónaitheacht taibhithe an Music Network ag an Centre Culturel Irlandais\, Páras uirthi le deireanas áit a gcaithfidh sí mí ag obair ar ábhar nua. Tugadh cuireadh di le deireanas chun roinnt dá cuid amhrán a thaifeadadh le Ceolfhoireann RTÉ agus ba é Cormac McCarthy a shocraigh é seo. Eiseofar na traiceanna seo ar EP nua dar teideal ‘Infinite Space Reimagined’\, ag teacht i ndiaidh a céad albam uaillmhianach. Beidh traic le ‘Metropole Orkes’t ar an EP freisin\, ceolfhoireann pop agus snagcheoil mór le rá an domhain\, a bhfuil obair déanta acu i gcomhar le Ella Fitzgerald\, Bono\, Snarky Puppy agus Robbie Williams. \nIs ealaíontóir croíúil í Síomha agus tá ceol difríocht aici de na gnáthchineálacha ceoil. Tá tionchar a cúlra ceoil\, a cuid taistil agus a cíoradh ar an gceol inchloiste sa gceol a chruthaíonn sí. Canann sí amhráin i nGaeilge agus i mBéarla\, í i gcónaí bródúil as a hoidhreacht Éireannach. Is údar mór inspioráide don ealaíontóir bródúil seo as Co. an Chláir tírdhreach álainn agus nádúr garbh a háite dúchais in Iarthar na hÉireann\, rud a spreagann í chun stíl ceoil uathúil agus anamúil a chruthú a chuireann gach duine a chloiseann é faoi gheasa.
URL:https://aras-eanna.ie/event/siomha/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Concert
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2026/05/Siomha-Press-Pic-Photo-Cred-Ze-Bateira--scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20260716T203000
DTEND;TZID=UTC:20260716T230000
DTSTAMP:20260809T133327
CREATED:20260520T103221Z
LAST-MODIFIED:20260520T105816Z
UID:19804-1784233800-1784242800@aras-eanna.ie
SUMMARY:Lisdoon-Nirvana
DESCRIPTION:Déardaoin\, 16 Iúil\, 8:30i.n.\, Áras Éanna \nTicéid €30/25 \nMonalóg drámata aonair le Frankie McCafferty. \nTuaraisc Jackie Hayden – úsáidte le cead ón ealaíontóir. \nSa bhliain 1983 a bhí an fhéile cheoil dheiridh i Lios Dúin Bhearna i gCo. an Chláir agus páirteach ann bhí Rory Gallagher\, Christy Moore\, Stockton’s Wing\, De Danann\, Van Morrison\, Moving Hearts agus dreamanna eile. Ar fhaitíos nach raibh tú ann\, nó go raibh tú ansin ach gur chaill tú amach air mar go raibh “rudaí eile” le déanamh agat tugann monalóg impriseanaíoch Frankie McCafferty léiriú breá air. Ar na príomhcharachtair tá an déagóir saghas neamhurchóideach Macker agus a chomrádaithe as Dún na nGall\, duine acu a bhí ag maíomh go mbeadh sé ina réalta rac-cheoil. Rinne roinnt cailíní as Tuaisceart Éireann an turas freisin agus súil ann go mbeadh coiscíní acusan tharla cosc a bheith fós orthu sa deisceart a bhí faoi chois an Chaitliceachais. \nLe linn don lucht éisteachta a bheith ag suí sna suíocháin sheinn McCafferty\, a scríobh an script freisin\, roinnt cordaí simplí ar ghiotár fuaimiúil. Sna 75 nóiméad gnóthach ina dhiaidh sin d’éirigh leis na neamhchinnteachtaí a bhain lena dturas isteach sa bhfíor-dheisceart a chur trasna agus é ag sleamhnú gan stró ó charachtar amháin go carachtar eile\, go minic i lár abairte agus corr uair le gotha nó geáitse a léirigh a n-inscne chomh maith lena soineantacht. Chuir sé in iúl go héifeachtach an stop éigeantach a chaitheadh na mná a dhéanamh ag an teorainn\, go háirithe an radharc nuair a b’éigean do dhuine acu rith go tobann ag an leithreas. \nChuir an ceol sa gcúlra le hatmaisféar na hócáide in fhad agus a bhí na fir óga ag déileáil le cúrsaí ar nós leithris nach raibh an-iontach\, campa nach raibh thar mholadh beirte agus círéibeacha a raibh baint ag roinnt Hells Angels leo\, rud a bhí ina chúis ar deireadh thiar le críoch na féile\, bhí siad faighte le “slándáil a threisiú” ag daoine nach raibh ar an eolas gur maraíodh fear i gcúinsí mar an gcéanna ag gig de chuid na Rolling Stones i SÁM i 1969. \nAinneoin neamhurchóideacht Macker d’éirigh leis caidreamh collaí a bheith aige den chéad uair\, mír a chuir McCafferty i láthair go héifeachtach chun an gnáthcheangal idir gnéas\, drugaí agus rac is roll a chur trasna. Tá sé sin níos lú ná daichead bliain ó shin ach breathnaíonn sé gur pláinéad eile ar fad atá anois againn. Tá ardmholadh ag dul do McCafferty as a ghrinneas súl agus as muid a thabhairt ar ais siar chuig an bhféile trí phíosa amharclannaíochta greannmhar\, siamsúil agus oideachasúil.
URL:https://aras-eanna.ie/event/lisdoon-nirvana/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Dramaíocht,Theatre
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2026/05/Lisdoon-Poster-Landscape.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
END:VCALENDAR