BEGIN:VCALENDAR
VERSION:2.0
PRODID:-//Áras Éanna - ECPv6.15.17//NONSGML v1.0//EN
CALSCALE:GREGORIAN
METHOD:PUBLISH
X-WR-CALNAME:Áras Éanna
X-ORIGINAL-URL:https://aras-eanna.ie
X-WR-CALDESC:Events for Áras Éanna
REFRESH-INTERVAL;VALUE=DURATION:PT1H
X-Robots-Tag:noindex
X-PUBLISHED-TTL:PT1H
BEGIN:VTIMEZONE
TZID:UTC
BEGIN:STANDARD
TZOFFSETFROM:+0000
TZOFFSETTO:+0000
TZNAME:UTC
DTSTART:20220101T000000
END:STANDARD
END:VTIMEZONE
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20230617T130000
DTEND;TZID=UTC:20230617T134000
DTSTAMP:20260928T201206
CREATED:20230508T151119Z
LAST-MODIFIED:20230510T151956Z
UID:18099-1687006800-1687009200@aras-eanna.ie
SUMMARY:"Dogs Already Know How To Love"\, á leiriú ag Up Up Up 1in & 3in
DESCRIPTION:‘Dogs Already Know How To Love’ \nÁ chur i láthair ag UP UP UP \n… tógann sé níos faide orainn é a oibriú amach.  Seó do mhadraí\, agus dá ndaoine. Go háirithe na cinn achrannach. \nScríofa agus léirithe ag Emma O’Grady. Arna fhorbairt ag SCENE + HEARD 2023\, ag úsáid Dámhachtain na Comhairle Ealaíon (Agility Award) 2022\, agus le tacaíocht ó Oifig Ealaíon Chomhairle Contae na Gaillimhe tríd an Scéim Tacaíochta d’Ealaíontóirí. \nIs ealaíontóir amharclainne\, déantóir clár faisnéise agus bainisteoir léiriúcháin í Emma O’Grady atá lonnaithe in Inis Oírr.  Comhoibríonn sí le daoine chun amharclannaíocht\, scannáin agus ealaín a chruthú atá spreagtha ag fíor-imeachtaí\, fíorshaol agus stair chomhroinnte. Tugadh ardmholadh dá céad dráma   What Good is Looking Well When You’re Rotten on the Inside? in 2017.  In 2020\, chruthaigh sí an tsraith faisnéise Mad\, Bad and Dangerous: A Celebration of Difficult Women do Fhéile Imill BhÁC agus Bealtaine.   Tá Emma ag tabhairt obair go hÁras Éanna ó 2011 agus bhí sí ina hEalaíontóir Cónaithe in 2015.  Is Irish Theatre Institute Six in the (Virtual) Attic artist 2022/23 í Emma. \nBí ar an eolas: \n\nTá líon teoranta madraí ceadaithe ag gach léiriú agus mar sin tá sé riachtanach áirithint a dhéanamh roimh ré. Ní ligfear isteach madraí gan ticéad\nBeidh madraí i láthair ag an léiriú seo\, mar sin má tá ailléirgí madraí nó fóibí ag aon duine de do pháirtí iarraimid orthu gan freastal\nFáilte roimh mhadraí sóisialta chomh fada agus a bhíonn duine in éineacht leo\nNí mór do mhadraí atá ag freastal a bheith cothrom le dáta lena gcuid vacsaínithe\, tabhair cóip nó grianghraf den teastas vacsaínithe is déanaí mar chruthúnas\nNí mór madraí a choinneáil ar iall i gcónaí\nTá fáilte roimh dhaoine gan madraí freisin\nIs féidir le hÁras Éanna  cead isteach a dhiúltú do mhadraí nó do dhaoine\nIarrtar ar bhaill den lucht féachana gan dul in aice le haon duine nó madra eile agus gan lámh a leagan orthu gan cead sonrach a fháil\nI gcás madraí ‘achrannach’ nó ‘imníoch’ a mbíonn sé deacair orthu a bheith thart ar mhadraí nó strainséirí eile\, beidh líon teoranta léirithe príobháideacha/teaghlaigh breise ar fáil. Téigh i dteagmháil le hÁras Éanna ag riarthoir@aras-eanna.ie\nCé go bhfuil fáilte roimh leanaí\, níor cruthaíodh é seo mar seó teaghlaigh agus tá téamaí bróin\, báis agus féinmharaithe ann\n\n  \nSatharn 17 Meitheamh\nSeóanna: 1pm agus 3pm.  Tá sceidill príobháideacha ar fáil ach iad a iarraidh \nTicéid ar fáil anseo don seó ag 1pm:          https://www.eventbrite.ie/e/626100602757 \nTicéid ar fáil anseo don seó ag 3pm:         https://www.eventbrite.ie/e/626486507007 \nTá Emma ag bailiú nótaí gutha de scéalta madraí! Má tá aithne agat ar dhuine a chaill madra speisialta nó ‘madra cléibh’ nó ‘madra dá saol’ ar mhaith leo cur leis\, is féidir leo ríomhphost a sheoladh chuig ‘DOG SHOW’  dogsalreadyknowhowtolove@gmail.com  agus cuirfidh sí treoracha chucu.
URL:https://aras-eanna.ie/event/18099/
LOCATION:Áras Éanna
ATTACH;FMTTYPE=image/png:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2023/05/Dogs-Already-Know-How-To-Love-IMAGE-2000-×-2000-px.png
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20230625T203000
DTEND;TZID=UTC:20230625T220000
DTSTAMP:20260928T201206
CREATED:20230508T160011Z
LAST-MODIFIED:20230509T111252Z
UID:18140-1687725000-1687730400@aras-eanna.ie
SUMMARY:The Amadán in Me
DESCRIPTION:Tá Páraic Breathnach tar éis gort uathúil a threabhadh dó fhéin i saol cultúrtha na Gaillimhe agus san Iarthair. Bhunaigh sé Macnas\, seó sráide d’ardfhuinnimh agus idir an stáitse agus scáileán tá an Breathnach ag léiriú agus ag insint scéalta ar feadh a shaoil. Seo anois é i dtimpeallacht eile sa dráma grinn nua “The Amadán in Me”. Tá stíl an seó cosúil le Seó ilsiamsa/Ócáid Tiomsaithe Airgid don Pharóiste agus an Breathnach i mbun na hócáide mar fear a tí a mheallann rannpháirtíocht lucht féachana le raifil\, duaiseanna ar an spota\, tráth na gceist agus neart scéalta grinn faoi amadáin agus a gcuid eachtraí. \nIs cinéal beathaisnéise atá i gcuid de na scéalta\, cuid acu ina bhfuil an laoch ina leibide ceart ach tá scéalta eile ann a dhéanann cur síos ar fhíornádúr na nAmadán agus na speiceas éagsúla d’amadáin agus a gcuid fo-speiceas atá le fáil san iarthar. Mínítear an t-Amadán ina iomláine\, an leath-amadán agus an dá thaobh den amadán go mion agus go beacht. Tugann an seó léargas ar an ngreann tragóideach a bhaineann le heachtraí suaracha agus iad ag aimsiú greann agus gáire fiú amháin sna cuinsí is measa. \n Ticéid ar fáil anseo:      https://www.eventbrite.ie/e/621598597137
URL:https://aras-eanna.ie/event/the-amadan-in-me/
LOCATION:Áras Éanna
ATTACH;FMTTYPE=image/png:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2023/05/Paraic_cropped.png
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
END:VCALENDAR