BEGIN:VCALENDAR
VERSION:2.0
PRODID:-//Áras Éanna - ECPv6.15.17//NONSGML v1.0//EN
CALSCALE:GREGORIAN
METHOD:PUBLISH
X-WR-CALNAME:Áras Éanna
X-ORIGINAL-URL:https://aras-eanna.ie
X-WR-CALDESC:Events for Áras Éanna
REFRESH-INTERVAL;VALUE=DURATION:PT1H
X-Robots-Tag:noindex
X-PUBLISHED-TTL:PT1H
BEGIN:VTIMEZONE
TZID:UTC
BEGIN:STANDARD
TZOFFSETFROM:+0000
TZOFFSETTO:+0000
TZNAME:UTC
DTSTART:20190101T000000
END:STANDARD
END:VTIMEZONE
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20200702T210000
DTEND;TZID=UTC:20200702T220000
DTSTAMP:20260930T222915
CREATED:20200630T131740Z
LAST-MODIFIED:20200630T132317Z
UID:16300-1593723600-1593727200@aras-eanna.ie
SUMMARY:Áras Éanna Beó – Roisín Elsafty
DESCRIPTION:Róisín Elsafty: Fáisceadh Róisín as Conamara\, agus is ann a thosaigh sí amach ag labhairt ina teanga dúchais agus ag sú isteach ceol dúchasach na hÉireann. Cé gur bhog sí go Maigheo ag aois cúig bhliana\, choinnigh an clann teanghmháil láidir le Conamara\, i gcaitheamh an ama\, nó gur fhill siad abhaile go Conamara agus Róisín ina déagóir. Faoin am sin\, bhí stór breá amhráin dhúchasacha ar a toil aici\, agus neart duaiseana bronnta ar Róisín dá bhárr\, Craobh na hÉireann\, faoi dhó\, ina measc. \nBeidh Maigheo tábhachtach i saol an bhean seo go deo\, mar gheall ar an fás aníos agus omós a tugadh do na hamhráin seo ach go speisialta. Is óna máthair\, an tamhránaí breá agus sár-cumadóir Treasa Ní Cheannabháin\, a chleachtadh Róisín agus a chabhraigh léi súntas nach beag a thaispeáint don cheol ársa na tíre seo i dtosach. Spreag Treasa í lena spéis agus grá fhéin sna hamhráin\, agus an t-omós a thaispeáin sí i gcónaí do na hamhránaithe mór le rá as Conamara\, go háirithe as cheantair Carna-Iorrais Aithneach-Cill Chiaráin. \nCé gur mó an tábhacht a thugann Róisín dá máthair faoin spéis agus grá sna hamhráin dúchasacha Gaelach\, ní féidir dearmad a dhéanamh ar tionchar fear céile Treasa\, agus athair do Róisín ar feadh a saol\, an Dochtúr Saber Elsafty\, a thug blas láidir do cheol Arabach di\, go speisialta\, na hamhránaithe Éigipteacha mór le rá a d’éist sé fhéin leis agus é ag fás aníos in a thír dúchasach fhéin san Éigipt! Tá an domhain mór siúlta ag Róisín ag casadh na hamhráin\, í imithe chomh fada leis an tSín\, agus mórthimpeall na hEoraipe\, asti fhéin\, nó i measc ceoltóirí móra ón dtraidsiún in Éirinn. Gabhann sí buíochas faoi leith le Dónal Lunny a spreag í ag tús na siúlóidí seo\, agus a thug cuireadh di chuig formhór na dtíortha seo i bhfad i gcéin le fiche bliain anuas. \nBa chúis rímeadach a bhí ann ag seoladh a céad albam aonrach sa mbliain 2006\, “Má bhíonn tú liom bí liom”. Bíonn an-éileamh ar an albam go fóill. Scríobh Siobhán Long ins The Irish Times\, ag an am\, gur “rud álainn a bhí ann\, ó thús go deireadh”. Bíonn Róisín ag ceol go rí-mhinic leis an trio Elsafty\, Armstrong and Browne\, agus is acu a bhíonns an spraoi idir cláirsí agus píobaí agus amhráin dhúchasacha na hÉireann. Idir taighde agus taithí\, éiríonn leo ceol ársa na hÉirinn a thabhairt chun cuimhne arís\, ar bhealach lách\, ag coinnéail an omós sin don traidsiún a tháinig rompu\, agus ag coinneáil súil ar an am i láthair chomh maith. \nD’éirigh le Róisín agus Ronan Browne (ón trio thuas luaite) albam álainn a thabhairt ar an saol\, a d’éisigh Cló Iar Chonnacht i 2015 Amhráin na Nollag. I dteannta an ceoltóir cumásach Tony MacMahon ar an méarchlár\, thug siad beocht chuig amhráin ón dtraidisiún Ghaelach agus Ghallda\, thríd aistriúcháin álainn a rinne a máthair Treasa\, do cuid amhráin Nollaig ár linne. Tá áthas ar Róisín a bheith i bhur dteannta don tráthnóna ceoil seo ar son Áras Éanna\, Inis Óirr. I rith an am athraitheach corraitheach seo\, tá an tádh orainn go bhfuil na féidiréachtaí teichneolachtaí againn gur féidir linn ceol agus caidreamh a bheith againn idir teaghlaigh\, agus muid fós scaradh amach óna chéile. Bainigí spórt agus taithneamh as an gcuairt seo le Róisín. Beannachtaí libh ar fad!
URL:https://aras-eanna.ie/event/aras-eanna-beo-roisin-elsafty/
LOCATION:Facebook Live
CATEGORIES:Áras Éanna Beó
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2020/06/araseannabeo-roisinelsafty.jpg
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20200716T210000
DTEND;TZID=UTC:20200716T210000
DTSTAMP:20260930T222915
CREATED:20200714T143519Z
LAST-MODIFIED:20200714T143519Z
UID:16310-1594933200-1594933200@aras-eanna.ie
SUMMARY:Áras Éanna Beó – James Dillon
DESCRIPTION:De bhunadh Thiobráid Árainn tá an ceoltóir & scríbhneoir ceoil James Dillon ina bhall don bhanna fuaimiúil The Galway Street Club. Tá James ag tarraingt slua lena ghlór íseal\, piachánach chuig gigeanna sa Róisín Dubh\, Tigh Whelan agus ar shráideanna na Gaillimhe le roinnt blianta anuas. Seo fear a bhfuil bláthú ag teacht ar a bhuanna.
URL:https://aras-eanna.ie/event/aras-eanna-beo-james-dillon/
LOCATION:Facebook Live
CATEGORIES:Áras Éanna Beó
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2020/07/araseanna-jamesdillon.jpg
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20200730T210000
DTEND;TZID=UTC:20200730T210000
DTSTAMP:20260930T222915
CREATED:20200729T121941Z
LAST-MODIFIED:20200729T122647Z
UID:16317-1596142800-1596142800@aras-eanna.ie
SUMMARY:Áras Éanna Beó – Róisín Mulliez Duo
DESCRIPTION:Is snagamhránaí í Róisín Mulliez a tharraingníonn ar oidhreacht shaibhir Gershwin\, Porter & Kern. Tá sí eolach agus paiseanta faoin snagcheol. Tá tionchar nach beag ag Ella Fitzgerald agus Julie London uirthi agus tugann sí faoina hamhráin le cumas agus brí. \nIna cuideachta beidh an giotáraí snagcheoil\, Arjun Desai\, céimí sa snagcheol agus ceol comhaimseartha a d’fhreastal ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
URL:https://aras-eanna.ie/event/aras-eanna-beo-roisin-mulliez-duo/
LOCATION:Facebook Live
CATEGORIES:Áras Éanna Beó
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2020/07/Roisín-Mullinez.jpg
END:VEVENT
END:VCALENDAR