BEGIN:VCALENDAR
VERSION:2.0
PRODID:-//Áras Éanna - ECPv6.15.17//NONSGML v1.0//EN
CALSCALE:GREGORIAN
METHOD:PUBLISH
X-WR-CALNAME:Áras Éanna
X-ORIGINAL-URL:https://aras-eanna.ie
X-WR-CALDESC:Events for Áras Éanna
REFRESH-INTERVAL;VALUE=DURATION:PT1H
X-Robots-Tag:noindex
X-PUBLISHED-TTL:PT1H
BEGIN:VTIMEZONE
TZID:UTC
BEGIN:STANDARD
TZOFFSETFROM:+0000
TZOFFSETTO:+0000
TZNAME:UTC
DTSTART:20250101T000000
END:STANDARD
END:VTIMEZONE
BEGIN:VEVENT
DTSTART;VALUE=DATE:20260705
DTEND;VALUE=DATE:20260927
DTSTAMP:20260925T204009
CREATED:20260731T150726Z
LAST-MODIFIED:20260805T114823Z
UID:19871-1783209600-1790467199@aras-eanna.ie
SUMMARY:Péintéirí Oileán Thoraí
DESCRIPTION:Ar siúl ó Iúil go mí Meán Fómhair. \nTá oileán álainn agus garbh Thoraí suite 11km amach ó chósta thiar thuaidh Cho. Dhún na nGall. Oileán Gaeltachta é (Gaeilge a dteanga labhartha) lena mbaineann go leor staire agus miotaseolaíochta. Tá scoil phéintéireachta Thoraí lonnaithe ansin. \nThéadh an t-ealaíontóir cáiliúil Derek Hill (1916-2000) ar cuairt chuig an oileán go minic sna 1950idí agus d’oibríodh sé as stiúideo beag botháin\, (bothán comharthaí loingseoireachta de chuid Lloyds i Londain a bhí ann tráth) ag péinteáil pictiúr de na tírdhreacha fiáine agus portráidí de na hoileánaigh. Uair amháin agus é amuigh ag péinteáil tháinig an t-oileánach James Dixon trasna air agus é i mbun oibre. D’fhiafraigh Derek de céard a cheap sé dá chuid péintéireachta agus d’fhreagair James go simplí ‘Cheapfainn go bhféadfainn féin é a dhéanamh níos fearr’… bhain sé sin gáire as Derek agus ina dhiaidh sin d’fhan cairdeas buan eatarthu. Ghríosaigh Derek James le tabhairt faoin bpéintéireacht agus bhíodh sé ag seoladh ábhar chuige ó am go ham ach ní bhacfadh sé leis na scuaba mar go mbíodh James ag iarraidh a chuid scuab féin a dhéanamh as eireaball a asail. Sin é an chaoi ar thosaigh scoil phéintéireachta Thoraí amach. \nTrína gcuid péintéireachta rinne na healaíontóirí seo taifead uathúil de shaol an oileáin. I measc na ndaoine a bhí páirteach sa scoil phéintéireachta a bunaíodh bhí Patsaí Dan Mac Ruaidhrí (Rí Thoraí)\, Ruairí Rodgers\, John Dixon agus James Rodgers agus ón dara glúin an fear fíorchumasach Anton Meenan. Tá Áras Éanna ríméadach an taispeántas seo a chur i láthair\, saothar le glúin nua ealaíontóirí atá ag coinneáil oidhreacht phéintéirí Thoraí beo\, gluaiseacht a d’eascair as casadh le chéile Derek Hill agus James Dixon trí sheans sna 1950idí.
URL:https://aras-eanna.ie/event/peinteiri-oilean-thorai/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Exhibition,Taispeántas
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2026/07/Noirin-Ni-Mhianain-Boffins-Lovely-Shore-cropped.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20260711T203000
DTEND;TZID=UTC:20260711T220000
DTSTAMP:20260925T204009
CREATED:20260626T094905Z
LAST-MODIFIED:20260626T094905Z
UID:19793-1783801800-1783807200@aras-eanna.ie
SUMMARY:Síomha
DESCRIPTION:Dé Sathairn\, 11 Iúil\, 8:30i.n.\, Áras Éanna \nTicéid €30/25 \nGrianghraf le Zé Bateira \nIs amhránaí agus giotáraí neamhspleách Éireannach í Síomha (She-vah) a bhogann go réidh idir ceol tíre\, snagcheol agus neo-soul\, tugann sí an lucht éisteachta ar aistear dodhearmadta gan choinne lena foinn anamúla. Is bailiúchán d’amhráin Ghaeilge agus Béarla atá ina céad albam ‘Infinite Space’\, agus déanann an Irish Times cur síos air mar “a seriously accomplished and self-confident debut”. Saghas ceoil cosmach pop é bunaithe ar cheol tíre\, le blas snagcheoil – is é Tyler Duncan\, a bhfuil ainmniúchán Grammy aige\, a chur le chéile é agus tá ceoltóirí mór le rá air lena n-áirítear Joe Dart (Vulfpeck)\, Louis Cato (Bobby McFerrin/ Snarky Puppy)\, Martin Atkinson Borrull (Toucan) agus an veidhleadóir Jeremy Kittel (Bela Fleck/ Chris Thile). Tá guth Shíomha lán le taithí amh ón gcroí. Ag éisteacht léi bíonn mothúcháin an-domhain ag an lucht éisteachta ar an bpointe agus fágann siad le ceangal níos dlúithe lena saol féin. \nAg teacht ó chlann fíorcheolmhar d’fhás sí suas le lucht ceoil mór le rá inar bhfuair sí taithí ar mheascán den snagcheol\, ceol traidisiúnta\, ceol tíre agus sól\, rud a d’fhág rian doscriosta ar a rogha agus tionchar ceoil. Thosaigh sí ag seinm an ghiotáir ag aois a deich mbliana ach ba ina dhiaidh sin\, sna déaga di\, agus í ag freastal ar scoil i ndeisceart na Fraince a thóg sí suas an giotár snagcheoil tar éis di bualadh trí sheans le giofóg Iodálach a mhúin stíl snagcheoil manouche na ngiofóg di. Bhí sí an-tógtha go deo le cordaí agus fuaimeanna an tsnagcheoil\, fuair sí spreagadh as agus thosaigh sí ag cumadh a cuid amhrán féin. \nSna cúpla bliain ina dhiaidh sin chuaigh sí ag taisteal agus a cuid ceoil ag treorú an bhealaigh\, ag tógáil isteach fuaimeanna na n-áiteanna ar thug sí cuairt orthu agus ag cur lena ceird. Ag deireadh 2016\, tar éis di Meiriceá\, Ceanada agus Meicsiceo a bheith treafa aici mhothaigh sí tarraingt nádúrtha filleadh ar an mbaile agus bhí cúpla bliain iontach aici ina dhiaidh sin. Bhí sí ina haoi rialta ag an amhránaí mór le rá Paul Brady agus chan sí ag féilte ar nós Electric Picnic\, Celtic Connections\, Cambridge Folk Festival agus Fête de la Musique ag Centre Culturel Irlandais i bPáras. Sa bhliain 2018 fuair sí cuireadh dul ar chamchuairt leis an ngrúpa Meiriceánach-Éireannach cáiliúil agus comhaimseartha The Olllam agus thit sí isteach láithreach lena mball bunaidh Tyler Duncan. \nIn 2019 thosaigh Síomha agus Martin Atkinson Borrull\, a comhoibrí cruthaitheach fadtéarmach\, ag taifeadadh a céad albam i Michigan\, SÁM le Tyler mar léiritheoir. Roghnaíodh Síomha mar Ealaíontóir Taispeántais Oifigiúil ag Folk Alliance International 2023 i gcathair Kansas\, MI agus bronnadh cónaitheacht taibhithe an Music Network ag an Centre Culturel Irlandais\, Páras uirthi le deireanas áit a gcaithfidh sí mí ag obair ar ábhar nua. Tugadh cuireadh di le deireanas chun roinnt dá cuid amhrán a thaifeadadh le Ceolfhoireann RTÉ agus ba é Cormac McCarthy a shocraigh é seo. Eiseofar na traiceanna seo ar EP nua dar teideal ‘Infinite Space Reimagined’\, ag teacht i ndiaidh a céad albam uaillmhianach. Beidh traic le ‘Metropole Orkes’t ar an EP freisin\, ceolfhoireann pop agus snagcheoil mór le rá an domhain\, a bhfuil obair déanta acu i gcomhar le Ella Fitzgerald\, Bono\, Snarky Puppy agus Robbie Williams. \nIs ealaíontóir croíúil í Síomha agus tá ceol difríocht aici de na gnáthchineálacha ceoil. Tá tionchar a cúlra ceoil\, a cuid taistil agus a cíoradh ar an gceol inchloiste sa gceol a chruthaíonn sí. Canann sí amhráin i nGaeilge agus i mBéarla\, í i gcónaí bródúil as a hoidhreacht Éireannach. Is údar mór inspioráide don ealaíontóir bródúil seo as Co. an Chláir tírdhreach álainn agus nádúr garbh a háite dúchais in Iarthar na hÉireann\, rud a spreagann í chun stíl ceoil uathúil agus anamúil a chruthú a chuireann gach duine a chloiseann é faoi gheasa.
URL:https://aras-eanna.ie/event/siomha/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Concert
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2026/05/Siomha-Press-Pic-Photo-Cred-Ze-Bateira--scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20260716T203000
DTEND;TZID=UTC:20260716T230000
DTSTAMP:20260925T204009
CREATED:20260520T103221Z
LAST-MODIFIED:20260520T105816Z
UID:19804-1784233800-1784242800@aras-eanna.ie
SUMMARY:Lisdoon-Nirvana
DESCRIPTION:Déardaoin\, 16 Iúil\, 8:30i.n.\, Áras Éanna \nTicéid €30/25 \nMonalóg drámata aonair le Frankie McCafferty. \nTuaraisc Jackie Hayden – úsáidte le cead ón ealaíontóir. \nSa bhliain 1983 a bhí an fhéile cheoil dheiridh i Lios Dúin Bhearna i gCo. an Chláir agus páirteach ann bhí Rory Gallagher\, Christy Moore\, Stockton’s Wing\, De Danann\, Van Morrison\, Moving Hearts agus dreamanna eile. Ar fhaitíos nach raibh tú ann\, nó go raibh tú ansin ach gur chaill tú amach air mar go raibh “rudaí eile” le déanamh agat tugann monalóg impriseanaíoch Frankie McCafferty léiriú breá air. Ar na príomhcharachtair tá an déagóir saghas neamhurchóideach Macker agus a chomrádaithe as Dún na nGall\, duine acu a bhí ag maíomh go mbeadh sé ina réalta rac-cheoil. Rinne roinnt cailíní as Tuaisceart Éireann an turas freisin agus súil ann go mbeadh coiscíní acusan tharla cosc a bheith fós orthu sa deisceart a bhí faoi chois an Chaitliceachais. \nLe linn don lucht éisteachta a bheith ag suí sna suíocháin sheinn McCafferty\, a scríobh an script freisin\, roinnt cordaí simplí ar ghiotár fuaimiúil. Sna 75 nóiméad gnóthach ina dhiaidh sin d’éirigh leis na neamhchinnteachtaí a bhain lena dturas isteach sa bhfíor-dheisceart a chur trasna agus é ag sleamhnú gan stró ó charachtar amháin go carachtar eile\, go minic i lár abairte agus corr uair le gotha nó geáitse a léirigh a n-inscne chomh maith lena soineantacht. Chuir sé in iúl go héifeachtach an stop éigeantach a chaitheadh na mná a dhéanamh ag an teorainn\, go háirithe an radharc nuair a b’éigean do dhuine acu rith go tobann ag an leithreas. \nChuir an ceol sa gcúlra le hatmaisféar na hócáide in fhad agus a bhí na fir óga ag déileáil le cúrsaí ar nós leithris nach raibh an-iontach\, campa nach raibh thar mholadh beirte agus círéibeacha a raibh baint ag roinnt Hells Angels leo\, rud a bhí ina chúis ar deireadh thiar le críoch na féile\, bhí siad faighte le “slándáil a threisiú” ag daoine nach raibh ar an eolas gur maraíodh fear i gcúinsí mar an gcéanna ag gig de chuid na Rolling Stones i SÁM i 1969. \nAinneoin neamhurchóideacht Macker d’éirigh leis caidreamh collaí a bheith aige den chéad uair\, mír a chuir McCafferty i láthair go héifeachtach chun an gnáthcheangal idir gnéas\, drugaí agus rac is roll a chur trasna. Tá sé sin níos lú ná daichead bliain ó shin ach breathnaíonn sé gur pláinéad eile ar fad atá anois againn. Tá ardmholadh ag dul do McCafferty as a ghrinneas súl agus as muid a thabhairt ar ais siar chuig an bhféile trí phíosa amharclannaíochta greannmhar\, siamsúil agus oideachasúil.
URL:https://aras-eanna.ie/event/lisdoon-nirvana/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Dramaíocht,Theatre
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2026/05/Lisdoon-Poster-Landscape.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20260802T200000
DTEND;TZID=UTC:20260802T220000
DTSTAMP:20260925T204009
CREATED:20260715T133949Z
LAST-MODIFIED:20260715T133949Z
UID:19841-1785700800-1785708000@aras-eanna.ie
SUMMARY:Colm Seoighe agus na hEasógaí
DESCRIPTION:Ticéid €15 – Eventbrite \nAr Oscailt 8:00i.n./ Tosnú 8:30i.n. \nLonnaithe i nGaillimh \, tá Na hEasógaí ag cruthú fuaim úr-nua idir fonn\, focail agus íomhá ó bunaíodh iad i Scoil Chuimsitheach Chiaráin i 2022. Meascann na hEasógaí rac-cheoil\, ceol Gaelach agus ceol an domhain mhóir i dteannta a dteanga dúchais: an Ghaeilge. Baintear leas as uirlisí ar nós na piobaí uillin agus an giotar leictreach chun an fhuaim éagsúil seo a bhaint amach. Tá an grúpa faoi stiúir ag Colm Seoighe\, scríbhneoir agus amhránaí as Ros an Mhíl agus is iad Fionn ó Cualáin\, Daragh Jennings\, agus Muiris ó Clochartaigh (i measc comhoibritheoirí eile) baill na hEasógaí. I ndiaidh a gcamchuairt ar fud fad na tíre le Damien Dempsey\, tá siad le feiceáil ar chlár RTÉ: “An Ghig Mhór”. \nLe tacaíocht ó Pleanáil Teanga Inis Oírr \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/colm-seoighe-agus-na-heasogai/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Concert
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2026/07/00220da1-1440.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20260820T203000
DTEND;TZID=UTC:20260820T223000
DTSTAMP:20260925T204009
CREATED:20260520T111157Z
LAST-MODIFIED:20260724T150401Z
UID:19816-1787257800-1787265000@aras-eanna.ie
SUMMARY:Johnny's Got a Bus Pass
DESCRIPTION:Déardaoin 20 Lúnasa\, 8:30i.n.\, Áras Éanna | Ticéid \nIn Iarthar na hÉireann atá Little John Nee ag cur faoi\, scríbhneoir\, taibheoir agus ceoltóir a bhfuil gradaim bronnta air. Tá a stíl féin aige den scéalaíocht cheolamharclannaíochta\, atá greannmhar agus brónach ag an am céanna\, agus aitheantas idirnáisiúnta bainte amach aige dá bharr. \nIs cruthaitheoir bisiúil oibre é don amharclannaíocht agus toghadh mar bhall d’Aosdána é mar aitheantas ar an méid atá déanta aige ar son chultúr na hÉireann.
URL:https://aras-eanna.ie/event/johnnys-got-a-bus-pass/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Theatre
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2026/05/ljn-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20260919T200000
DTEND;TZID=UTC:20260919T223000
DTSTAMP:20260925T204009
CREATED:20260724T154709Z
LAST-MODIFIED:20260724T154709Z
UID:19868-1789848000-1789857000@aras-eanna.ie
SUMMARY:Ár gcairde as Tuaim agus leaid as Longfort
DESCRIPTION:Dé Sathairn\, 19 Meán Fómhair\, 8:30i.n.\, Áras Éanna | Ticéid \nTá áthas orainn a chur in iúl go mbeidh ceathrar de mhórchumadóirí amhrán Thuama linn in Áras Éanna i mbliana d’oíche amhránaíochta agus ceoil – Mouse McHugh\, Seamus Ruttledge\, Noelie McDonell agus Leo Moran in éineacht le scríbhneoir amhrán Inis Oírr\, an fear cáiliúil as Longfort\, Pat Quinn. Eatarthu bhí an ceathrar as Tuaim ag seinm leis na Sawdoctors\, The Stunning\, Na Waterboys\, Dé Dannán\, Cabin Collective agus Blaze X. Tá cáil ar Pat Quinn i bhfad agus i ngearr de bharr a chuid liricí greannmhara agus an bealach bríomhar a gcanann sé iad\, ceann acu taifeadta agus á chanadh go rialta ag Christy Moore. Is ócáid iontach a bheidh anseo\, agus muid ag fáiltiú roimh ár gcairde as Tuaim ar an stáitse in éineacht le Pat Quinn a chónaíonn anseo\, agus iad á dtabhairt ar aistear iontach lena réimse breá amhrán.
URL:https://aras-eanna.ie/event/ar-gcairde-as-tuaim-agus-leaid-as-longfort/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Concert
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2026/07/1G4A5966-2.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20261101T200000
DTEND;TZID=UTC:20261101T223000
DTSTAMP:20260925T204009
CREATED:20260724T151846Z
LAST-MODIFIED:20260818T152915Z
UID:19856-1793563200-1793572200@aras-eanna.ie
SUMMARY:Ushmush + Súil Amháin
DESCRIPTION:Curtha siar go bhfógrófar a mhalairt \nIs cumadóir ceoil agus amhránaí é Ushmush (AKA Ennis Town Adi\, AKA Buachaillín Dembó\, AKA Ól Man) a mheascann tionchair an cheoil club le liricí a chantar i meascán de Ghaeilge agus Béarla. Reggaeltón a thugann sé féin ar an stíl hibrideach seo. Tá cleachtadh maith aige a bheith ag obair mar MC i gclubanna in Éirinn\, bíonn sé le cloisteáil ar na meáin phríomhshrutha agus bhí sé freisin ar RTÉ\, TG4 agus BBC Gaeilge. Le deireanas chan sé ar an albam cáiliúil Old Earth a bhí ag Rory Sweeney in 2025 in éindí le Roo Honeychild. Bíonn sé ar chamchuairt timpeall na tíre seo agus i Sasana le ‘Súil Amháin’ agus oibríonn sé leis an amhránaí clúiteach pop Lewis Doyle Singer. Is ball é den sárghrúpa Hip Hop Éireannach Machine Gun Céilí agus den tríréad rapcheoil D’Burglary. Tá Ushmush agus Súil Amháin tar éis fuinneamh a seónna beo a athrú ó bhonn le chéile. I bpáirt a chéile\, tugann siad leo rud nach féidir a chur síos air\, Big Spailpín Energy. \nIs rapálaí agus file as Ciarraí é Súil Amháin. Tháinig sé chun cinn ar dtús mar gheall ar a shaothar filíochta (Séamus Barra Ó Súilleabháin)\, agus bhuaigh sé slam filíochta na hÉireann in 2011. Ó 2020 i leith\, is le huirlisí beo hip-hop amháin a bhíonn sé ag seinm. Bhuaigh céad albam Súil Amháin\, athPhORT (2024)\, a léirigh Bantum\, Gradam Nós d’Albam Gaeilge na Bliana. Is minic a tharraingíonn sé ar thobar domhain amhránaíochta agus scéalaíochta\, agus teanga thraidisiúnta á lúbadh agus á hathshuíomh aige i sruthanna mealltacha corrchlaonta\, ar thírdhreach fuaime de 808anna agus samplaí cartlainne doiléire. \nGriangraif le Clare Loughran
URL:https://aras-eanna.ie/event/ushmush-suil-amhain/
LOCATION:Halla Inis Oírr\, Ireland
CATEGORIES:Ceolchoirm
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2026/07/IMG_5527-1-scaled.jpeg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
END:VCALENDAR