BEGIN:VCALENDAR
VERSION:2.0
PRODID:-//Áras Éanna - ECPv6.15.17//NONSGML v1.0//EN
CALSCALE:GREGORIAN
METHOD:PUBLISH
X-WR-CALNAME:Áras Éanna
X-ORIGINAL-URL:https://aras-eanna.ie
X-WR-CALDESC:Events for Áras Éanna
REFRESH-INTERVAL;VALUE=DURATION:PT1H
X-Robots-Tag:noindex
X-PUBLISHED-TTL:PT1H
BEGIN:VTIMEZONE
TZID:UTC
BEGIN:STANDARD
TZOFFSETFROM:+0000
TZOFFSETTO:+0000
TZNAME:UTC
DTSTART:20240101T000000
END:STANDARD
END:VTIMEZONE
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20250823T130000
DTEND;TZID=UTC:20250823T140000
DTSTAMP:20260926T224026
CREATED:20250619T131755Z
LAST-MODIFIED:20250619T131755Z
UID:19409-1755954000-1755957600@aras-eanna.ie
SUMMARY:Sheep!
DESCRIPTION:Sheep! \nAmharclannaíocht  Am Lóin – 1i.n. Dé Sathairn\, 23 Lúnasa \nIs dráma faoi chaoirigh é Sheep! Ní faoi dhaoine é\, Ní fútsa. Ach amháin…. gur fúinn uilig é\, faoi thréada agus muintearas – agus foréigean a chuireann faitíos orainn breathnú sna súile ar aon duine ar fhaitíos aird nach dteastaíonn. \nDráma atá á fhorbairt ina léirítear monalóg atá scríofa agus léirithe ag Jenni Nikinmaa agus atá á stiúradh ag Sarah O’Toole. \n  \nTicéid: €10 ar eventbrite
URL:https://aras-eanna.ie/event/sheep/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Dramaíocht
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2025/06/Jenni-Nikinmaa-Sheep-PIC-_Credit_Andrea-Spakova-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20250913T203000
DTEND;TZID=UTC:20250913T223000
DTSTAMP:20260926T224026
CREATED:20250702T110142Z
LAST-MODIFIED:20260520T103450Z
UID:19453-1757795400-1757802600@aras-eanna.ie
SUMMARY:BETWEEN DOG AND WOLF
DESCRIPTION:Tráthnóna scéalaíochta le Tommy Tiernan & Martin Shaw \nIs féidir labhairt faoin taobh saghas aisteach den saol tríd an scéalaíocht. Faoi cheilt sna seanscéalta tá stair rúnda faoin domhan. Tá Tommy Tiernan agus Martin Shaw ag tabhairt faoi chamchuairt ina dtugann siad cuireadh duitse dul leo. Ní seó grinn ná léamh liteartha atá i gceist\, ach sórt brionglóidíocht le do shúile oscailte. Saol ina dtéann tú amú ar do bhealach abhaile ón margadh\, nó ina n-athraíonn bó ina cnoc nó ina bhfeictear bean le heireaball sionnaigh i bhfolach faoina sciorta aici. Tá na rudaí seo ag tarlú an t-am ar fad\, agus cuireann Tiernan agus Shaw an cruthúnas de sin trasna ina gcuid scéalta. \nTicéid €25 ar Eventbrite  
URL:https://aras-eanna.ie/event/between-dog-and-wolf/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Dramaíocht,Theatre
ATTACH;FMTTYPE=image/png:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2025/07/SEP13_INIS_OIRR-scaled.png
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20250920T203000
DTEND;TZID=UTC:20250920T223000
DTSTAMP:20260926T224026
CREATED:20250909T120621Z
LAST-MODIFIED:20250909T120621Z
UID:19569-1758400200-1758407400@aras-eanna.ie
SUMMARY:An Ceolchoirm Mhór
DESCRIPTION:  \nCríochnóidh clár samhradh iontach cúig bliana is fichead Áras Éanna leis “An Ceolchoirm Mhór”. Is comóradh é an cheolchoirm ag súil siar ar 25 bliana de cheoltóirí cumasacha éagsúla a tháinig tríd doirse Áras Éanna. \nÓ osclaíodh Áras Éanna sa bhliain 2000\, cuireadh an t-uafás ceolchoirmeacha speisialta le ceoltóirí áitiúla\, náisiúnta agus idirnáisiúnta ar dlúthstáitse an amharclann. I láthair ar an oíche beidh ceoltóirí Inis Oírr (Micheál Ó hAlmháin\, Tom Ó Maoláin\, Oisín Ó Cualáin\, Bríd Ní Chualáin\, Pat Quinn agus eile) agus clár iontach de cheoltóirí ar cuairt ina measc: Leo Moran (Saw Doctors)\, Pádraig Stevens\, The Whileaways\, agus Mouse McHugh. \nCuireadh tús leis an oíche ar a 8:00i.n. Dé Sathairn 20ú Meán Fómhair in Áras Éanna agus beidh cóisir ina dhiaidh le haoi-cheoltóirí ag casadh. Beidh seisiúin cheoil saor in aisce timpeall an oileáin Dé Domhnaigh óna 12:30i.n. le tuilleadh ceoltóirí ón gceolchoirm mar chríoch ar deireadh seachtaine speisialta ag ceiliúradh ról Áras Éanna ag tabhairt ceolchoirmeacha beo chuig Inis Oírr le 25 bliana anuas. \nTicéid: €35/30 (ar lacáiste) ar fáil ar Eventbrite
URL:https://aras-eanna.ie/event/an-ceolchoirm-mhor/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Concert
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20251006T183000
DTEND;TZID=UTC:20251106T170000
DTSTAMP:20260926T224026
CREATED:20251006T114725Z
LAST-MODIFIED:20260520T103458Z
UID:19594-1759775400-1762448400@aras-eanna.ie
SUMMARY:Tarraing É i nGaeilge & Lucie Arnoux
DESCRIPTION:Mar chuid d’Fhéile Cartúin na Gaillimhe\, beidh taispeántas de chartúin as Gaeilge ar siúl in Áras Éanna idir 6 Deireadh Fómhair agus 6 Samhain 2025. Seo é an séú taispeántas bliantúil de Tarraing é i nGaeilge\, agus seolfar é in Áras Éanna. Cuirfidh an taispeántas raon leathan de stíleanna agus éagsúlacht ábhair ó chartúnaithe ar fud na tíre agus thar lear fiú os comhair an phobail. Tá súil againn go mbeidh an taispeántas suimiúil agus spreagúil – agus thar aon rud eile\, go mbeidh sé greannmhar. \nMar aon leis sin\, beidh taispeántas ó Lucie Arnoux\, an t-ealaíontóir cartúin cónaithe in Áras Éanna ar feadh coicís deireadh Meán Fómhair. Is léaráidí agus údair í Lucie d’úrscéal grafach dírbheathaisnéis Je Ne Sais Quoi\, agus an tsraith Enola Holmes. Mar aon le sin rinne sí ealaín do chluiche rólimirt Stonetop. Le linn a chónaitheach\, tharraing Lucie pictiúir álainn bríomhar don timpeallacht\, a n-eachtraí ar an oileán\, agus do oícheanta súgracha ceolmhara ag na tithe ósta agus ag an Áras. Táimid ag súil go mór go mbainfidh cuairteoirí agus oileánaigh mar a chéile taitneamh as na taispeántais. \nOscailt ag 6:30i.n. Áras Éanna Dé Luain 6 Deireadh Fómhair
URL:https://aras-eanna.ie/event/tarraing-e-i-ngaeilge-lucie-arnoux/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Exhibition,Taispeántas
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;VALUE=DATE:20251010
DTEND;VALUE=DATE:20251013
DTSTAMP:20260926T224026
CREATED:20250926T143533Z
LAST-MODIFIED:20260520T103508Z
UID:19574-1760054400-1760313599@aras-eanna.ie
SUMMARY:Cúirt Cheoil na mBan 2025
DESCRIPTION:Cúirt Cheoil na mBan – Féile cheoil traidisiúnta le hamhránaithe\, ceoltóirí & damhsóirí ban & neamh-dhénártha do phobail Inis Oírr. \nÓ cuireadh tús leis mar imeacht aonuaire d’Oíche Chultúir i 2022\, tá Cúirt Cheoil na mBan fásta anois ina fhéile 3 lá a tharlaíonn ag deireadh shéasúr na turasóireachta ar Inis Oírr\, an ceann is lú de chuid Oileáin Árann. I 2023 agus 2024\, bhí Inis Meáin tógtha san áireamh agus tá súil againn filleadh ann an bhliain seo chugainn. Cuireann an fhéile Ghaeilge seo béim ar cheoltóirí mná agus ar cheoltóirí neamh-dhénártha traidisiúnta agus tá sé mar aidhm againn na hoícheanta sóisialta traidisiúnta a d’óstáil daoine ina dtithe fadó a athbheochan.\nOsclaíonn daoine a dtithe chun seisiúin a reáchtáil i rith an deireadh seachtaine. Beidh deiseanna ann bualadh le ceoltóirí eile a bhfuil taithí chomhchosúil acu leatsa i dtimpeallacht thacúil\, seisiúin ócáideacha a eagrú\, dul ag siúl agus ag snámh agus beidh spás ann freisin do sheisiúin dhéanacha san oíche atá oscailte do gach inscne sna tithe tábhairne áitiúla. \nTá Cúirt Cheoil na mBan comhléirithe ag Emma O’Grady & Áras Éanna\, le tacaíocht ó Phleanáil Teanga Inis Oírr \nIs Féile Saor ó Chinedheighilt í Cúirt Cheoil na mBan\, rud a chiallaíonn go gcloímid leis an mbaghcat cultúrtha ar Iosrael agus go gcloímid le prionsabail na gluaiseachta BDS. Ní cheadófar táirgí Coca Cola go háirithe inár spásanna imeachta. \n10-12ú Deireadh Fómhair 2025 \nSceideal* \n*coinnigh súil ar ár bhfógraí meán sóisialta faoi áiteanna \nINSTAGRAM: @araseanna @cuirtcheoilnamban \nDé hAoine 10ú \n9in Seisiún 1(áit TBA) \nDé Sathairn 11ú \n2-4in Seisiún 2 (áit TBA) \n8.30in Seoladh albam & ceolchoirm le Úna Ní Fhlannagáin @ Áras Éanna \n10pm Seisiún 3 (áit TBA) \nDé Domhnaigh 12ú \n12-2pm Seisiún 4 (áit TBA) \nTicéid: \nSaor in aisce\, seachas ceolchoirm Úna Ní Fhlannagáin – ticéid ar fáil ag aras-eanna.ie \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/cuirt-cheoil-na-mban-2025/
CATEGORIES:Ceolchoirm,Concert
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2025/09/POSTER-10-12-OCT-cuirt-cheoil-na-mban-2025jpg-scaled.jpg
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20251017T210000
DTEND;TZID=UTC:20251017T223000
DTSTAMP:20260926T224026
CREATED:20250818T143932Z
LAST-MODIFIED:20260520T103437Z
UID:19548-1760734800-1760740200@aras-eanna.ie
SUMMARY:Gile na Gile - Ceol agus Aistir Aodhagáin Ó Rathaille
DESCRIPTION:Cumtha agus curtha i láthair ag Lorcán Mac Mathúna (guth)\, Martin Tourish (cairdín)\, agus Éamonn Galldubh (feadóg agus píoba). \nThit an domhan Gaelach as a chéile le linn saol Aodhagáin Ó Rathaille\, agus bhí sé ar dhuine de phríomhthráchtairí an chasadh cinniúnaigh sin i stair agus litríocht na hÉireann. Rugadh é le linn Ré na mBardscoil ach fuair sé bás i mbochtanas in aimsir na bpéindlíthe agus na gcúirteanna filíochta. Bhí sé ar dhuine de phríomhbhunaitheoirí na gluaiseachta nua litríochta a chruthaigh an Aisling\, ceol an dóchais le linn tréimhse dhorcha. \nFilíocht dhomhain\, dána\, láidir a scríobh an Rathailleach. Thug a chuid filíochta léiriú géarcháinteach ar am brúidiúil agus tubaisteach\, an fhilíocht scríofa go soiléir agus le háilleacht focal i gcónaí. Scríobh sé go liriciúil\, le rithim cheolmhar agus le friotal truamhéala. An file ba chumasaí de Ré nua na Gaeilge\, b’fhéidir. File nach bhfacthas a shárú fós. Lena chuid scríbhinní sui generis sa stíl nua filíochta a bhí ag teacht chun cinn\, is féidir a rá go mba é An Rathailleach athair na litríochta nua-aimseartha. \nRachaimid ar aistear leis an Rathailleach trína chuid filíochta. Filíocht a thugann léargas ar an 18ú céad in Éirinn. Filíocht cheolmhar\, liriciúil\, a léiríonn dearcadh an fhile ar shaol a bhí ag athrú go tubaisteach. Tugann a chuid liricí dearcadh idir éadóchas agus dóchas dúinne. \n“Breathuighim cuisle cheartchumasach Aodhagáin ghrinn” \nDé hAoine 17 Deireadh Fómhair 9:00i.n. \nTicéid €20/25 ar Eventbrite
URL:https://aras-eanna.ie/event/gile-na-gile-ceol-agus-aistir-aodhagain-o-rathaille/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Concert
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2025/08/Pic4.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20260524T203000
DTEND;TZID=UTC:20260524T223000
DTSTAMP:20260926T224026
CREATED:20260508T094819Z
LAST-MODIFIED:20260520T103409Z
UID:19749-1779654600-1779661800@aras-eanna.ie
SUMMARY:Ger O Donnell
DESCRIPTION:Dé Domhnaigh\, 24 Bealtaine 8:30i.n.\, Ionad Ealaíne Áras Éanna \nTicéid €25/20 ar Eventbrite \nTá ríméad ar Áras Éanna tús a chur lenár gclár samhraidh san amharclann\, agus muid ag cur fáilte roimh cheoltóir a bheidh aithnid ag aon duine a bhfuil cur amach aige ar shaol an cheoil tíre agus an cheoil thraidisiúnta in iarthar na hÉireann\, Ger O Donnell. \nTá Ger ar dhuine de na hamhránaithe tíre agus de na hiluirliseoirí is fearr in Éirinn. Le blianta beaga anuas\, tá cáil mhór bainte amach aige ar an saol ceoil tíre\, le roinnt amhrán a bhain barr na gcairteacha amach in Éirinn\, le leanúint mhór ar na meáin shóisialta\, agus le go leor camchuairteanna idirnáisiúnta. \nIs giotáraí iomráiteach é\, seinnteoir dordveidhle dúbailte\, agus ceoltóir a sheinneann neart uirlisí eile atá ait agus iontach araon. \nIs é Ger amhránaí reatha Bhanna Céilí Chill Fhionnúrach\, agus stiúrthóir ceoil Dolores Keane chomh maith. Ina theannta sin\, oibríonn sé mar innealtóir taifeadta agus mar cheoltóir le go leor ealaíontóirí eile ar nós Sharon Shannon\, Seán Keane agus Moncrieff. \nTáimid ag tnúth le fáilte a chur roimh sean-chairde agus cuairteoirí nua chuig an ionad an oíche sin\, chun tús séasúir spreagúil atá romhainn a cheiliúradh.
URL:https://aras-eanna.ie/event/ger-o-donnell/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Concert
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2026/05/Cherish-Glasgow-283.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20260604T200000
DTEND;TZID=UTC:20260604T223000
DTSTAMP:20260926T224026
CREATED:20260515T112758Z
LAST-MODIFIED:20260515T112758Z
UID:19780-1780603200-1780612200@aras-eanna.ie
SUMMARY:Clare Sands
DESCRIPTION:As Corcaigh í Clare Sands\, fidléir den tséú glúin agus amhránaí dátheangach. Tarraingíonn sí go domhain ar cheol a sinsear\, agus fíonn sí fréamhacha traidisiúnta Gaelacha le fuaimeanna agus tionchair chomhaimseartha. Tá a cuid amhrán nasctha go domhain le háit\, ag tabhairt béaloideas\, teanga agus gníomhaíochas le chéile sa cheol. Tá cáil uirthi as a fuinneamh bríomhar agus spreagúil – tá spiorad neamheaglach ar nós gaiscíoch aici\, a spreagann agus a aontaíonn lucht éisteachta timpeall an domhain. \nAg dul lena saothair nuálacha ceoil tá léirithe beo spleodracha – tugann sí a lucht éisteachta ar aistear iontach lán le dóchas\, amhránaíocht\, ceiliúradh agus croí. \nBeidh albam nua á eisiúint aici i bhFómhar 2026\, rud a léiríonn nach bhfuil aon chuimhneamh aici moilliú anuas. Is cruthúnas í ar chumhacht buan an cheoil maidir le daoine a aontú agus a spreagadh\, trúbadóir don lá atá inniu ann\, a théann i bhfeidhm ar ghlúnta agus ar chultúir éagsúla. \nDéardaoin\, 4 Meitheamh\, 8:30i.n.\, Áras Éanna \nTicéid €25/20 ar Eventbrite
URL:https://aras-eanna.ie/event/clare-sands-2026/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Concert,Events
ATTACH;FMTTYPE=image/png:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2026/05/InisOirr_CS_Blank.png
ORGANIZER;CN="Aras Eanna Ionad Ealaine":MAILTO:araseanna@gmail.com
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20260619T203000
DTEND;TZID=UTC:20260619T223000
DTSTAMP:20260926T224026
CREATED:20260520T093708Z
LAST-MODIFIED:20260610T121007Z
UID:19790-1781901000-1781908200@aras-eanna.ie
SUMMARY:Maria Somerville + Olan Monk
DESCRIPTION:Dé hAoine\, 19 Meitheamh\, 8:30i.n.\, Áras Éanna \nTicéid €30/25 \n(Grianghraf MS le Cáit Fahy\, agus OM le Charlie Doherty) \nMaria Somerville \nBhí an ceoltóir Éireannach\, Maria Somerville\, imithe as a háit dúchais i gConamara le fada an lá faoin am ar thosaigh sí ag scríobh ‘Luster’\, a céad albam don lipéad cáiliúil 4AD. D’fhás sí suas faoin tuath i dtírdhreach fiáin sléibhtiúil chósta thiar na Gaillimhe agus bhog sí ina dhiaidh sin go Baile Átha Cliath\, áit ar thóg sí a ham ag forbairt stíl ceoil atmaisféarach dream pop a bhí spreagtha ag tírdhreach a hóige – domhan fuaime draíochtúil leictreonaice\, strumáil aerga giotáir\, cnagadh éadlúth\, agus liricí íseal ceoil. Tháinig sé seo uilig le chéile sa bhliain 2019 in ‘All My People’\, albam féinfhoilsithe lán le haisfhuaimniú\, cumha agus tnúthán don bhaile\, a thuill moladh ón bpreas agus ó éisteoirí géarchúiseacha araon. \nNuair a d’fhill sí ar Chonamara\, chuig teach in aice leis an áit ar tógadh í\, ag breathnú amach ar Loch Coirib\, ceann de na lochanna is mó in Éirinn\, thosaigh sí ag obair ar na hamhráin a chríochnaigh suas ar an albam Luster\, albam a thugann léiriú nua ar cheol Somerville\, á bhrú chun cinn ó thaobh fuaime agus spiorad. Chuir ‘Where All My People’ cuimhní agus tnúthán duairc in iúl trí bhailéid mhalla ceobhránacha\, ach taispeánann na 12 traic seo ealaíontóir atá níos muiníne ar an gcosán saoil atá glactha anois aici agus atá inti féin mar dhuine. \nMar a chanann sí i ‘Trip’ – – “I can see more clearly than I could before. I know now what’s true for me.” \nNuair a d’fhill sí ar a háit dúchais fuair sí spreagadh as an timpeallacht agus misneach ón bpobal rud a thug fuinneamh cruthaitheach nua di. Ba ‘thalamh torthúil’ an áit do sheisiúin taifeadta neamhshrianta\, bhain sí úsáid as a seomra beag suí mar stiúideo\, áit ar chuir sí taifeadtaí samplacha le chéile a forbraíodh ansin le cabhair cairde agus comhoibrithe\, agus a mheasc an t-innealtóir cáiliúil Gabriel Schuman atá lonnaithe i Nua-Eabhrac.I measc na gcuiditheoirí bhí na léiritheoirí J. Colleran\, Brendan Jenkinson agus Diego Herrera (aka Suzanne Kraft)\, mar aon le Ian Lynch ó Lankum\, a gcloistear dosanna a phíb uilleann ar ‘Violet’ agus Margie Jean Lewis le boghanna a veidhlín ag aisfhuaimniú trí smúit thimpeallach ‘Flutter’. Bhí seisiúin leis na ceoltóirí Henry Earnest agus Finn Carraher McDonald (aka Nashpaints) ina chúnamh mór chun é uilig a thabhairt ina chéile\, agus chuir rannchuidiú a cairde Roisin Berkley agus Olan Monk leis an gcomrádaíocht eatarthu ó d’fhill Somerville ar Chonamara. \nÓ 2021\, tá léargas faighte ag éisteoirí ar shaol Somerville trína Early Bird Show ar Raidió NTS gach maidin Luan agus Máirt\, ina gcloistear meascán roghanna ceoil timpeallach agus shoegaze go hamhráin traidisiúnta Éireannacha. An bhliain chéanna sin shínigh sí le 4AD agus chuaigh sí ar chamchuairt lena comrádaithe lipéad ‘Dry Cleaning’\, ag taifeadadh dhá chlúdach do chomóradh 40 bliain an lipéid – ‘Kinky Love’ le Nancy Sinatra agus ‘Sea Bird’ le Air Miami. Le heisiúint ‘Luster’ bhí ré nua á chur in iúl aici inar facthas í in 2025 ag seinm mórthimpeall an domhain le banna beo. Is féidir leat a bheith cinnte áfach cibé áit a dtéann Somerville go dtugann sí píosa den bhaile léi – spiorad buan beo atá le mothú i chuile nóta chomh glan leis an aer le hais na Coiribe. \nOlan Monk – ceoltóir\, taibheoir agus scríbhneoir as Conamara\, Éire \nTá a ndara albam\, Songs for Nothing\, amuigh anois ar AD 93. \nScríobhadh an t-albam tar éis do Monk filleadh ar chósta thiar na hÉireann\, agus tarraingíonn sé ar amhránaíocht sean-nóis agus liriciúlacht fhaoistiniúil Shinéad O’Connor\, ag meascadh traidisiún Éireannach le rac gotach trialach. Trí uigeacht éagsúil shoegaze\, cloudrap agus foinn mhalla músclaíonn an t-albam tírdhreach garbh Chonamara mar aon le mothú domhain áite. \nLe rannchuidiú Maria Somerville\, Michael Speers\, Dylan Kerr\, agus daoine eile\, trí Songs for Nothing athshamhlaítear traidisiúin amhránaíochta na hÉireann le déine amh chroíúil. Tiomnaíonn Monk é “do Chonamara agus dóibh sin uilig arbh é a mbaile é” \nScríobhann siad amhráin thrialacha agus coitianta\, bíonn siad ar stáitse astu féin agus in éindí le ceoltóirí eile\, lena n-áirítear taifeadtaí agus léirithe le Actress\, Ashley Paul\, Elvin Brandhi\, James K\, Maria Somerville\, Michael Speers\, Moin\, Princ€ss agus Shampain. I gcomhar le Lugh O’ Neill bhunaigh siad C.A.N.V.A.S. in 2018 mar shraith imeachtaí agus lipéad ceoil\, chun tacú le pobal ealaíontóirí atá ag éirí níos scaipthe agus chun ardán comhroinnte a thabhairt dóibh. \nI measc eisiúintí dá gcuid roimhe seo tá Love/Dead (2020) agus Auto Life (2021) ar C.A.N.V.A.S. agus Dubplate 08 (2022) ar AD 93. Chuir siad an singil ‘Surf’ ar fáil d’albam Scenic Route -The Road Less Travelled (2024) agus tá siad le cloisteáil ar an singil ‘Guess It’s Wrecked’\, ó tríú albam Moin ‘You Never End’ (2024)\, a bhí eisithe ar AD 93. Bhí siad ar stáitse ag Rewire sa Háig; Aiséirí i Leisureland\, Gaillimh; An Ceoláras Náisiúnta\, B.Á.C; Ionad Taighde Sonic Arts\, Béal Feirste; caifé OTO\, Londain; Halla Barbican\, Londain; An Institiúid um Ealaín Chomhaimseartha\, Londain; PAF Olomouc; EOS crossings\, Frankfurt agus ar fud na hÉireann\, Sasana agus Mór-roinn na hEorpa.
URL:https://aras-eanna.ie/event/maria-somerville-olan-monk/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Concert
ATTACH;FMTTYPE=image/png:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2026/05/MS_OM.png
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20260626T203000
DTEND;TZID=UTC:20260626T220000
DTSTAMP:20260926T224026
CREATED:20260610T120416Z
LAST-MODIFIED:20260610T120542Z
UID:19824-1782505800-1782511200@aras-eanna.ie
SUMMARY:Máirtín O'Connor\, Cathal Hayden\, Séamie O'Dowd
DESCRIPTION:Dé hAoine\, 26 Meitheamh\, 8:30i.n.\, Áras Éanna \nTicéid €30/25 \nÓna gcéad uair ar stáitse do Thríréad Mháirtín O’ Connor i Sligeach ag tús na 2000idí tá camchuairt tugtha acu ar fud an domhain agus dhá thaifeadadh déanta acu\, “Crossroads” agus “Going Places” a fuair moladh mór ó lucht léirmheastóireachta. \nThug a dtaisteal iad chuig an ‘Sydney Opera House’ agus an ‘New York Symphony Space Centre’ mar chuid de cheolchoirmeacha Máistrí Traidisiúin Martin Hayes. Thug siad camchuairt freisin ar Lár agus Oirthear na hEorpa in éineacht leis an ngiotáraí cáiliúil Astrálach Tommy Emmanuel agus bhí gigeanna dá gcuid féin acu in Éirinn\, sa Bhreatain\, san Eoraip\, i Stáit Aontaithe Mheiriceá\, Ceanada\, san Astráil agus sa Nua-Shéalainn\, agus míle fáilte ag an lucht éisteachta rompu i gcónaí. \nBhí siad i dteannta Christy Moore freisin ag go leor ceolchoirmeacha agus ina n-aíonna ar thrí cinn de na taifeadtaí is déanaí dá chuid. Cuirtear síos go cruinn orthu mar thriúr mór le rá de cheoltóirí traidisiúnta na hÉireann\, agus tá a léiriú beo ina aistear cuaifeach fíorúil a théann ó chroílár thraidisiúin cheoil na hÉireann go himill na dteorainneacha is faide amach de. \nChaith Máirtín O’ Connor tréimhse an-tioncharach le De Danann\, Midnight Well\, Skylark\, agus tamall ag seinm sa seó cáiliúil Riverdance nuair a thosaigh siad amach. Sheinn sé freisin i dteannta Mark Knopfler\, Tanita Tikaram\, The Contempo Quartet\, The Boys Of The Lough agus go leor leor eile. Agus trína halbaim iontacha atá eisithe aige\, ar nós The Connachtman’s Rambles\, Perpetual Motion\, Chatterbox\, The Road West agus Rain Of Light\, a chumas iontach ar an mbosca ceoil agus a chuid cumadóireachta tá ainm bainte amach aige mar laoch de cheol na hÉireann. Tá go leor gradam agus duaiseanna bronnta ar Mháirtín mar aitheantas ar a thallann cheoil\, agus tá sé gan aon dabht ar dhuine de na ceoltóirí is fearr a bhí in Éirinn riamh. \nNí gá Cathal Hayden a chur in aithne d’aon duine\, fiú iad sin nach bhfuil ach beagán feasachta acu ar cheol traidisiúnta na hÉireann. Tá Craobh Uile-Éireann bainte amach aige ar an bhfidil agus ar an mbainseó\, inspioráid bhuan do cheoltóirí traidisiúnta atá ag teacht chun cinn agus ball bunaidh de na sárcheoltóirí ‘Four Men and a Dog’\, tá grúpa iontach fidle bunaithe aige freisin lena dheartháir Stephen agus an fidléir óg cumasach Niall Murphy as Ard Mhacha ar a dtugtar ‘The Bow Brothers’. D’oibrigh sé freisin i gcomhar le baill den bhanna cáiliúil Meiriceánach ‘The Band’ agus go leor ealaíontóirí eile taobh istigh agus amuigh de thraidisiúin cheoil na hÉireann. Agus mar bharr air sin uilig\, luadh ‘Four Men and a Dog’ i sceitse de chuid Billy Connolly!!! \nSheinn an t-il-ionstraimí Seamie O’Dowd ar an raidió den chéad uair ag deich mbliana d’aois agus ag aois a cúig déag sheinn sé ar chlár faisnéise BBC a bhí déanta faoin laoch cáiliúil Dick Gaughan a sheinneann ceol tíre Albanach\,. Tá clú agus cáil bainte amach ag Seamie mar dhuine de na ceoltóirí is fearr in Éirinn. Bhí sé ar chamchuairt timpeall an domhain ar feadh sé bliana mar bhall den ghrúpa iontach as Sligeach\, Dervish\, agus sheinn sé le Liam O’Flynn\, Kevin Burke\, Na Chieftains\, The Unwanted\, Arcady\, Mary Mac Partlan\, New Road\, Thom Moore\, an pianódóir as Sligeach Kieran Quinn agus go leor eile. D’oibrigh Seamie freisin mar léiritheoir agus mar cheoltóir seisiún ar roinnt taifeadtaí a fuair ardmholadh ó lucht léirmheastóireachta.
URL:https://aras-eanna.ie/event/mairtin-oconnor-cathal-hayden-seamie-odowd/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Concert
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2026/06/Mairtin-OConnor-Trio-2.5MB-by-Peter-Harkin-scaled-1.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;VALUE=DATE:20260705
DTEND;VALUE=DATE:20260927
DTSTAMP:20260926T224026
CREATED:20260731T150726Z
LAST-MODIFIED:20260805T114823Z
UID:19871-1783209600-1790467199@aras-eanna.ie
SUMMARY:Péintéirí Oileán Thoraí
DESCRIPTION:Ar siúl ó Iúil go mí Meán Fómhair. \nTá oileán álainn agus garbh Thoraí suite 11km amach ó chósta thiar thuaidh Cho. Dhún na nGall. Oileán Gaeltachta é (Gaeilge a dteanga labhartha) lena mbaineann go leor staire agus miotaseolaíochta. Tá scoil phéintéireachta Thoraí lonnaithe ansin. \nThéadh an t-ealaíontóir cáiliúil Derek Hill (1916-2000) ar cuairt chuig an oileán go minic sna 1950idí agus d’oibríodh sé as stiúideo beag botháin\, (bothán comharthaí loingseoireachta de chuid Lloyds i Londain a bhí ann tráth) ag péinteáil pictiúr de na tírdhreacha fiáine agus portráidí de na hoileánaigh. Uair amháin agus é amuigh ag péinteáil tháinig an t-oileánach James Dixon trasna air agus é i mbun oibre. D’fhiafraigh Derek de céard a cheap sé dá chuid péintéireachta agus d’fhreagair James go simplí ‘Cheapfainn go bhféadfainn féin é a dhéanamh níos fearr’… bhain sé sin gáire as Derek agus ina dhiaidh sin d’fhan cairdeas buan eatarthu. Ghríosaigh Derek James le tabhairt faoin bpéintéireacht agus bhíodh sé ag seoladh ábhar chuige ó am go ham ach ní bhacfadh sé leis na scuaba mar go mbíodh James ag iarraidh a chuid scuab féin a dhéanamh as eireaball a asail. Sin é an chaoi ar thosaigh scoil phéintéireachta Thoraí amach. \nTrína gcuid péintéireachta rinne na healaíontóirí seo taifead uathúil de shaol an oileáin. I measc na ndaoine a bhí páirteach sa scoil phéintéireachta a bunaíodh bhí Patsaí Dan Mac Ruaidhrí (Rí Thoraí)\, Ruairí Rodgers\, John Dixon agus James Rodgers agus ón dara glúin an fear fíorchumasach Anton Meenan. Tá Áras Éanna ríméadach an taispeántas seo a chur i láthair\, saothar le glúin nua ealaíontóirí atá ag coinneáil oidhreacht phéintéirí Thoraí beo\, gluaiseacht a d’eascair as casadh le chéile Derek Hill agus James Dixon trí sheans sna 1950idí.
URL:https://aras-eanna.ie/event/peinteiri-oilean-thorai/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Exhibition,Taispeántas
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2026/07/Noirin-Ni-Mhianain-Boffins-Lovely-Shore-cropped.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20260711T203000
DTEND;TZID=UTC:20260711T220000
DTSTAMP:20260926T224026
CREATED:20260626T094905Z
LAST-MODIFIED:20260626T094905Z
UID:19793-1783801800-1783807200@aras-eanna.ie
SUMMARY:Síomha
DESCRIPTION:Dé Sathairn\, 11 Iúil\, 8:30i.n.\, Áras Éanna \nTicéid €30/25 \nGrianghraf le Zé Bateira \nIs amhránaí agus giotáraí neamhspleách Éireannach í Síomha (She-vah) a bhogann go réidh idir ceol tíre\, snagcheol agus neo-soul\, tugann sí an lucht éisteachta ar aistear dodhearmadta gan choinne lena foinn anamúla. Is bailiúchán d’amhráin Ghaeilge agus Béarla atá ina céad albam ‘Infinite Space’\, agus déanann an Irish Times cur síos air mar “a seriously accomplished and self-confident debut”. Saghas ceoil cosmach pop é bunaithe ar cheol tíre\, le blas snagcheoil – is é Tyler Duncan\, a bhfuil ainmniúchán Grammy aige\, a chur le chéile é agus tá ceoltóirí mór le rá air lena n-áirítear Joe Dart (Vulfpeck)\, Louis Cato (Bobby McFerrin/ Snarky Puppy)\, Martin Atkinson Borrull (Toucan) agus an veidhleadóir Jeremy Kittel (Bela Fleck/ Chris Thile). Tá guth Shíomha lán le taithí amh ón gcroí. Ag éisteacht léi bíonn mothúcháin an-domhain ag an lucht éisteachta ar an bpointe agus fágann siad le ceangal níos dlúithe lena saol féin. \nAg teacht ó chlann fíorcheolmhar d’fhás sí suas le lucht ceoil mór le rá inar bhfuair sí taithí ar mheascán den snagcheol\, ceol traidisiúnta\, ceol tíre agus sól\, rud a d’fhág rian doscriosta ar a rogha agus tionchar ceoil. Thosaigh sí ag seinm an ghiotáir ag aois a deich mbliana ach ba ina dhiaidh sin\, sna déaga di\, agus í ag freastal ar scoil i ndeisceart na Fraince a thóg sí suas an giotár snagcheoil tar éis di bualadh trí sheans le giofóg Iodálach a mhúin stíl snagcheoil manouche na ngiofóg di. Bhí sí an-tógtha go deo le cordaí agus fuaimeanna an tsnagcheoil\, fuair sí spreagadh as agus thosaigh sí ag cumadh a cuid amhrán féin. \nSna cúpla bliain ina dhiaidh sin chuaigh sí ag taisteal agus a cuid ceoil ag treorú an bhealaigh\, ag tógáil isteach fuaimeanna na n-áiteanna ar thug sí cuairt orthu agus ag cur lena ceird. Ag deireadh 2016\, tar éis di Meiriceá\, Ceanada agus Meicsiceo a bheith treafa aici mhothaigh sí tarraingt nádúrtha filleadh ar an mbaile agus bhí cúpla bliain iontach aici ina dhiaidh sin. Bhí sí ina haoi rialta ag an amhránaí mór le rá Paul Brady agus chan sí ag féilte ar nós Electric Picnic\, Celtic Connections\, Cambridge Folk Festival agus Fête de la Musique ag Centre Culturel Irlandais i bPáras. Sa bhliain 2018 fuair sí cuireadh dul ar chamchuairt leis an ngrúpa Meiriceánach-Éireannach cáiliúil agus comhaimseartha The Olllam agus thit sí isteach láithreach lena mball bunaidh Tyler Duncan. \nIn 2019 thosaigh Síomha agus Martin Atkinson Borrull\, a comhoibrí cruthaitheach fadtéarmach\, ag taifeadadh a céad albam i Michigan\, SÁM le Tyler mar léiritheoir. Roghnaíodh Síomha mar Ealaíontóir Taispeántais Oifigiúil ag Folk Alliance International 2023 i gcathair Kansas\, MI agus bronnadh cónaitheacht taibhithe an Music Network ag an Centre Culturel Irlandais\, Páras uirthi le deireanas áit a gcaithfidh sí mí ag obair ar ábhar nua. Tugadh cuireadh di le deireanas chun roinnt dá cuid amhrán a thaifeadadh le Ceolfhoireann RTÉ agus ba é Cormac McCarthy a shocraigh é seo. Eiseofar na traiceanna seo ar EP nua dar teideal ‘Infinite Space Reimagined’\, ag teacht i ndiaidh a céad albam uaillmhianach. Beidh traic le ‘Metropole Orkes’t ar an EP freisin\, ceolfhoireann pop agus snagcheoil mór le rá an domhain\, a bhfuil obair déanta acu i gcomhar le Ella Fitzgerald\, Bono\, Snarky Puppy agus Robbie Williams. \nIs ealaíontóir croíúil í Síomha agus tá ceol difríocht aici de na gnáthchineálacha ceoil. Tá tionchar a cúlra ceoil\, a cuid taistil agus a cíoradh ar an gceol inchloiste sa gceol a chruthaíonn sí. Canann sí amhráin i nGaeilge agus i mBéarla\, í i gcónaí bródúil as a hoidhreacht Éireannach. Is údar mór inspioráide don ealaíontóir bródúil seo as Co. an Chláir tírdhreach álainn agus nádúr garbh a háite dúchais in Iarthar na hÉireann\, rud a spreagann í chun stíl ceoil uathúil agus anamúil a chruthú a chuireann gach duine a chloiseann é faoi gheasa.
URL:https://aras-eanna.ie/event/siomha/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Concert
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2026/05/Siomha-Press-Pic-Photo-Cred-Ze-Bateira--scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20260716T203000
DTEND;TZID=UTC:20260716T230000
DTSTAMP:20260926T224026
CREATED:20260520T103221Z
LAST-MODIFIED:20260520T105816Z
UID:19804-1784233800-1784242800@aras-eanna.ie
SUMMARY:Lisdoon-Nirvana
DESCRIPTION:Déardaoin\, 16 Iúil\, 8:30i.n.\, Áras Éanna \nTicéid €30/25 \nMonalóg drámata aonair le Frankie McCafferty. \nTuaraisc Jackie Hayden – úsáidte le cead ón ealaíontóir. \nSa bhliain 1983 a bhí an fhéile cheoil dheiridh i Lios Dúin Bhearna i gCo. an Chláir agus páirteach ann bhí Rory Gallagher\, Christy Moore\, Stockton’s Wing\, De Danann\, Van Morrison\, Moving Hearts agus dreamanna eile. Ar fhaitíos nach raibh tú ann\, nó go raibh tú ansin ach gur chaill tú amach air mar go raibh “rudaí eile” le déanamh agat tugann monalóg impriseanaíoch Frankie McCafferty léiriú breá air. Ar na príomhcharachtair tá an déagóir saghas neamhurchóideach Macker agus a chomrádaithe as Dún na nGall\, duine acu a bhí ag maíomh go mbeadh sé ina réalta rac-cheoil. Rinne roinnt cailíní as Tuaisceart Éireann an turas freisin agus súil ann go mbeadh coiscíní acusan tharla cosc a bheith fós orthu sa deisceart a bhí faoi chois an Chaitliceachais. \nLe linn don lucht éisteachta a bheith ag suí sna suíocháin sheinn McCafferty\, a scríobh an script freisin\, roinnt cordaí simplí ar ghiotár fuaimiúil. Sna 75 nóiméad gnóthach ina dhiaidh sin d’éirigh leis na neamhchinnteachtaí a bhain lena dturas isteach sa bhfíor-dheisceart a chur trasna agus é ag sleamhnú gan stró ó charachtar amháin go carachtar eile\, go minic i lár abairte agus corr uair le gotha nó geáitse a léirigh a n-inscne chomh maith lena soineantacht. Chuir sé in iúl go héifeachtach an stop éigeantach a chaitheadh na mná a dhéanamh ag an teorainn\, go háirithe an radharc nuair a b’éigean do dhuine acu rith go tobann ag an leithreas. \nChuir an ceol sa gcúlra le hatmaisféar na hócáide in fhad agus a bhí na fir óga ag déileáil le cúrsaí ar nós leithris nach raibh an-iontach\, campa nach raibh thar mholadh beirte agus círéibeacha a raibh baint ag roinnt Hells Angels leo\, rud a bhí ina chúis ar deireadh thiar le críoch na féile\, bhí siad faighte le “slándáil a threisiú” ag daoine nach raibh ar an eolas gur maraíodh fear i gcúinsí mar an gcéanna ag gig de chuid na Rolling Stones i SÁM i 1969. \nAinneoin neamhurchóideacht Macker d’éirigh leis caidreamh collaí a bheith aige den chéad uair\, mír a chuir McCafferty i láthair go héifeachtach chun an gnáthcheangal idir gnéas\, drugaí agus rac is roll a chur trasna. Tá sé sin níos lú ná daichead bliain ó shin ach breathnaíonn sé gur pláinéad eile ar fad atá anois againn. Tá ardmholadh ag dul do McCafferty as a ghrinneas súl agus as muid a thabhairt ar ais siar chuig an bhféile trí phíosa amharclannaíochta greannmhar\, siamsúil agus oideachasúil.
URL:https://aras-eanna.ie/event/lisdoon-nirvana/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Dramaíocht,Theatre
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2026/05/Lisdoon-Poster-Landscape.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20260802T200000
DTEND;TZID=UTC:20260802T220000
DTSTAMP:20260926T224026
CREATED:20260715T133949Z
LAST-MODIFIED:20260715T133949Z
UID:19841-1785700800-1785708000@aras-eanna.ie
SUMMARY:Colm Seoighe agus na hEasógaí
DESCRIPTION:Ticéid €15 – Eventbrite \nAr Oscailt 8:00i.n./ Tosnú 8:30i.n. \nLonnaithe i nGaillimh \, tá Na hEasógaí ag cruthú fuaim úr-nua idir fonn\, focail agus íomhá ó bunaíodh iad i Scoil Chuimsitheach Chiaráin i 2022. Meascann na hEasógaí rac-cheoil\, ceol Gaelach agus ceol an domhain mhóir i dteannta a dteanga dúchais: an Ghaeilge. Baintear leas as uirlisí ar nós na piobaí uillin agus an giotar leictreach chun an fhuaim éagsúil seo a bhaint amach. Tá an grúpa faoi stiúir ag Colm Seoighe\, scríbhneoir agus amhránaí as Ros an Mhíl agus is iad Fionn ó Cualáin\, Daragh Jennings\, agus Muiris ó Clochartaigh (i measc comhoibritheoirí eile) baill na hEasógaí. I ndiaidh a gcamchuairt ar fud fad na tíre le Damien Dempsey\, tá siad le feiceáil ar chlár RTÉ: “An Ghig Mhór”. \nLe tacaíocht ó Pleanáil Teanga Inis Oírr \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/colm-seoighe-agus-na-heasogai/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Concert
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2026/07/00220da1-1440.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20260820T203000
DTEND;TZID=UTC:20260820T223000
DTSTAMP:20260926T224026
CREATED:20260520T111157Z
LAST-MODIFIED:20260724T150401Z
UID:19816-1787257800-1787265000@aras-eanna.ie
SUMMARY:Johnny's Got a Bus Pass
DESCRIPTION:Déardaoin 20 Lúnasa\, 8:30i.n.\, Áras Éanna | Ticéid \nIn Iarthar na hÉireann atá Little John Nee ag cur faoi\, scríbhneoir\, taibheoir agus ceoltóir a bhfuil gradaim bronnta air. Tá a stíl féin aige den scéalaíocht cheolamharclannaíochta\, atá greannmhar agus brónach ag an am céanna\, agus aitheantas idirnáisiúnta bainte amach aige dá bharr. \nIs cruthaitheoir bisiúil oibre é don amharclannaíocht agus toghadh mar bhall d’Aosdána é mar aitheantas ar an méid atá déanta aige ar son chultúr na hÉireann.
URL:https://aras-eanna.ie/event/johnnys-got-a-bus-pass/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Theatre
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2026/05/ljn-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20260919T200000
DTEND;TZID=UTC:20260919T223000
DTSTAMP:20260926T224027
CREATED:20260724T154709Z
LAST-MODIFIED:20260724T154709Z
UID:19868-1789848000-1789857000@aras-eanna.ie
SUMMARY:Ár gcairde as Tuaim agus leaid as Longfort
DESCRIPTION:Dé Sathairn\, 19 Meán Fómhair\, 8:30i.n.\, Áras Éanna | Ticéid \nTá áthas orainn a chur in iúl go mbeidh ceathrar de mhórchumadóirí amhrán Thuama linn in Áras Éanna i mbliana d’oíche amhránaíochta agus ceoil – Mouse McHugh\, Seamus Ruttledge\, Noelie McDonell agus Leo Moran in éineacht le scríbhneoir amhrán Inis Oírr\, an fear cáiliúil as Longfort\, Pat Quinn. Eatarthu bhí an ceathrar as Tuaim ag seinm leis na Sawdoctors\, The Stunning\, Na Waterboys\, Dé Dannán\, Cabin Collective agus Blaze X. Tá cáil ar Pat Quinn i bhfad agus i ngearr de bharr a chuid liricí greannmhara agus an bealach bríomhar a gcanann sé iad\, ceann acu taifeadta agus á chanadh go rialta ag Christy Moore. Is ócáid iontach a bheidh anseo\, agus muid ag fáiltiú roimh ár gcairde as Tuaim ar an stáitse in éineacht le Pat Quinn a chónaíonn anseo\, agus iad á dtabhairt ar aistear iontach lena réimse breá amhrán.
URL:https://aras-eanna.ie/event/ar-gcairde-as-tuaim-agus-leaid-as-longfort/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Concert
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2026/07/1G4A5966-2.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20261101T200000
DTEND;TZID=UTC:20261101T223000
DTSTAMP:20260926T224027
CREATED:20260724T151846Z
LAST-MODIFIED:20260818T152915Z
UID:19856-1793563200-1793572200@aras-eanna.ie
SUMMARY:Ushmush + Súil Amháin
DESCRIPTION:Curtha siar go bhfógrófar a mhalairt \nIs cumadóir ceoil agus amhránaí é Ushmush (AKA Ennis Town Adi\, AKA Buachaillín Dembó\, AKA Ól Man) a mheascann tionchair an cheoil club le liricí a chantar i meascán de Ghaeilge agus Béarla. Reggaeltón a thugann sé féin ar an stíl hibrideach seo. Tá cleachtadh maith aige a bheith ag obair mar MC i gclubanna in Éirinn\, bíonn sé le cloisteáil ar na meáin phríomhshrutha agus bhí sé freisin ar RTÉ\, TG4 agus BBC Gaeilge. Le deireanas chan sé ar an albam cáiliúil Old Earth a bhí ag Rory Sweeney in 2025 in éindí le Roo Honeychild. Bíonn sé ar chamchuairt timpeall na tíre seo agus i Sasana le ‘Súil Amháin’ agus oibríonn sé leis an amhránaí clúiteach pop Lewis Doyle Singer. Is ball é den sárghrúpa Hip Hop Éireannach Machine Gun Céilí agus den tríréad rapcheoil D’Burglary. Tá Ushmush agus Súil Amháin tar éis fuinneamh a seónna beo a athrú ó bhonn le chéile. I bpáirt a chéile\, tugann siad leo rud nach féidir a chur síos air\, Big Spailpín Energy. \nIs rapálaí agus file as Ciarraí é Súil Amháin. Tháinig sé chun cinn ar dtús mar gheall ar a shaothar filíochta (Séamus Barra Ó Súilleabháin)\, agus bhuaigh sé slam filíochta na hÉireann in 2011. Ó 2020 i leith\, is le huirlisí beo hip-hop amháin a bhíonn sé ag seinm. Bhuaigh céad albam Súil Amháin\, athPhORT (2024)\, a léirigh Bantum\, Gradam Nós d’Albam Gaeilge na Bliana. Is minic a tharraingíonn sé ar thobar domhain amhránaíochta agus scéalaíochta\, agus teanga thraidisiúnta á lúbadh agus á hathshuíomh aige i sruthanna mealltacha corrchlaonta\, ar thírdhreach fuaime de 808anna agus samplaí cartlainne doiléire. \nGriangraif le Clare Loughran
URL:https://aras-eanna.ie/event/ushmush-suil-amhain/
LOCATION:Halla Inis Oírr\, Ireland
CATEGORIES:Ceolchoirm
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2026/07/IMG_5527-1-scaled.jpeg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
END:VCALENDAR