BEGIN:VCALENDAR
VERSION:2.0
PRODID:-//Áras Éanna - ECPv6.15.17//NONSGML v1.0//EN
CALSCALE:GREGORIAN
METHOD:PUBLISH
X-WR-CALNAME:Áras Éanna
X-ORIGINAL-URL:https://aras-eanna.ie
X-WR-CALDESC:Events for Áras Éanna
REFRESH-INTERVAL;VALUE=DURATION:PT1H
X-Robots-Tag:noindex
X-PUBLISHED-TTL:PT1H
BEGIN:VTIMEZONE
TZID:UTC
BEGIN:STANDARD
TZOFFSETFROM:+0000
TZOFFSETTO:+0000
TZNAME:UTC
DTSTART:20220101T000000
END:STANDARD
END:VTIMEZONE
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20241119T133000
DTEND;TZID=UTC:20241119T140000
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20241118T171428Z
LAST-MODIFIED:20241118T171428Z
UID:19093-1732023000-1732024800@aras-eanna.ie
SUMMARY:Seó Am Lóin le Úna Ní Fhlannagáin (cruit) & Mélissandre Tremblay Bourassa (damhsóir)
DESCRIPTION:Seó ‘Obair idir Lámha’ le Úna Ní Fhlannagáin (cruit) & Mélissandre Tremblay Bourassa (damhsóir) \n  \nIs damhsóir í Mélissandre Tremblay Bourassa a bhfuil gradaim buaite aici. Speisialtóir i damhsa céim Québec í\, bhí sí mar chuid den phróiseas cruthaithe agus roghnaíodh í chun 1000 léirithe de léiríúchán ZAIA Cirque du Soleil i Macau\, an tSín a dhéanamh. Rinne sí damhsa freisin do Disney (Ionad Epcot)\, La Bottine Souriante\, Les Sortilèges\, Sans Temps Danse\, Benjamin Hatcher\, Zeugma agus Rapetipetam. Bhuaigh sí duais phoiblí Jeune (2013)\, duais Coup de Coeur (2016) agus duais Ambassadeur (2018) ag Grands Prix Desjardins de la Culture\, chomh maith leis an duais iomráiteach CALQ-Oeuvre de l’Année en Region (Lanaudière) in 2016\, don seó Blind Date. \n  \nCláirseoir as Éirinn í Úna Ní Fhlannagáin a bhfuil gradaim buaite aici (Buaiteoir Uile-Éireann\, Bonn Óir Uí Riada don Chruit). I measc na gceoltóirí a bhí i mbun comhoibrithe\, tá Anthony Braxton\, an t-íocón Ceilteach Alan Stivell\, Bobby McFerrin\, buaiteoir Grammy\, agus Fionnuala Flanagan\, buaiteoir Emmy.
URL:https://aras-eanna.ie/event/seo-am-loin-le-una-ni-fhlannagain-cruit-melissandre-tremblay-bourassa-damhsoir/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/11/PostaerGE.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20241114T203000
DTEND;TZID=UTC:20241114T220000
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20241031T122241Z
LAST-MODIFIED:20241031T122241Z
UID:19066-1731616200-1731621600@aras-eanna.ie
SUMMARY:CÓNASCTHA TRÍ CHEOL
DESCRIPTION:Ceiliúradh ar thraidisiúin shaibhir na hÉireann agus na Palaistíne! \nIs cúis bhróid d’Ealaíontóirí Éireannacha ar son na Palaistíne agus Áras Éanna an comhoibriú seo a chur i láthair\, comhoibriú idir Ruth Smith agus Fergal Scahill\, dúchasaigh na Gaillimhe\, agus an duo Palaistíneach Mohammed Kahla agus Abed Alqam \nCeolchoirm tiomsaithe airgid – Is féidir síntiús a dhéanamh ar Eventbrite \n  \n \n  \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/conasctha-tri-cheol/
LOCATION:Áras Éanna
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/10/ArasEannaPOSTER.jpg
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20241017T200000
DTEND;TZID=UTC:20241017T230000
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20241008T143305Z
LAST-MODIFIED:20241008T143837Z
UID:19051-1729195200-1729206000@aras-eanna.ie
SUMMARY:We Built This City on Rock and Coal
DESCRIPTION:Tugann ‘We Built This City on Rock and Coal’ eolaithe agus lucht amharclannaíochta chuig ceantar tuaithe iarthar na hÉireann do sheó coiméide comhchruthaithe bunaithe ar hopepunk\, taighde aeráide\, ceol agus na nithe is mó a mbíonn suim ag an bpobal áitiúil iontu. Seó é seo a thaitneoidh leat agus atá go maith don domhan! Creidimid gur féidir le gach duine agus a bpobal páirt a ghlacadh sa réiteach ar an athrú aeráide. \nLe linn an tseó tugtar deis do dhaoine sa lucht féachana labhairt amach agus/nó dul faoi agallamh. Baineann saineolaithe tobchumadóireachta idirnáisiúnta úsáid as na hábhair foinse seo chun teacht suas le radhairc\, amhráin agus sceitsí a bhaineann go sonrach le gach seó agus pobal. \nSaorchead isteach \nTuilleadh eolais anseo \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/we-built-this-city-on-rock-and-coal/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Dramaíocht
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/10/BC202404_square_textxx.jpeg
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;VALUE=DATE:20241004
DTEND;VALUE=DATE:20241007
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20241003T084828Z
LAST-MODIFIED:20241003T085355Z
UID:19039-1728000000-1728259199@aras-eanna.ie
SUMMARY:Cúirt Cheoil na mBan 4-6 Deireadh Fómhair
DESCRIPTION:Cúirt Cheoil na mBan – Féile cheoil traidisiúnta na hÉireann ag ceiliúradh amhránaithe\, rinceoirí agus ceoltóirí ban & neamh-dhénártha do phobail Inis Oírr agus Inis Meáin. \n4ú\, 5ú & 6ú Deireadh Fómhair\, 2024 \nAr cuireadh tús leis mar imeacht don Oíche Chultúir in 2022\, tá Cúirt Cheoil na mBan anois ina fhéile 3 lá a tharlaíonn ag deireadh shéasúr na turasóireachta ar dhá cheann d’Oileáin Árann. Cuireann an fhéile Ghaeilge seo béim ar ceoltóirí traidisiúnta mná agus neamh-dhénártha agus tá sé mar aidhm againn na hoíche sóisialta traidisiúnta a d’óstáil daoine ina dtithe fadó a athbheochan. \nCuirfidh daoine ar an dá oileán a dtithe ar oscailt le seisiúin a óstáil ar feadh an deireadh seachtaine. Beidh ceolchoirmeacha agus céilithe sna hallaí áitiúla agus seisiúin déanach san oíche sna tithe tábhairne áitiúla. Beidh caint freisin le Niamh Ní Charra – Mná an Cheoil: 100 bliain de Mhná i gCeol Traidisiúnta na hÉireann. \n  \nTá breis is 20 ceoltóir\, amhránaí agus rinceoir páirteach ann / Over 20 musicians\, singers and dancers are involved including: \nAedín Ní Thiarnaigh\, Aimee Farrell Courtney\, Áine O’Brien\, Alanna Mac Innes\, Ashley O’Toole\, Bríd Ní Chualáin\, Deirbhle Nic An Aoire\, Deirbhile Ní Bhrolcháin\, Grace Corrigan\, Julie Ni Longáin\, Katelyn Corrigan\, Leona McKenna\, Marion McEvoy\, Niamh Ní Charra\, May Ní Chonghaile\, Úna Ní Fhlannagáin \nCúirt Cheoil na mBan is co-produced by Emma O’Grady and Áras Éanna\, with support from the Arts Council\, Ealaín na Gaeltachta\, Galway County Council\, Pleanáil Teanga Inis Meáin\, Pleanáil Teanga Inis Oírr\, Comhlacht Forbartha Inis Meáin and Comhan Caomhán Teo. \nCúirt Cheoil na mBan is an Apartheid-Free Festival \n********************************************************************************************************* \n  \nSCEIDEAL: \nFri 4th Oct\n8.30pm TALK: Mná an Cheoil: 100 years of Women in Irish Traditional Music le Niamh Ní Charra @ Áras Éanna\n10pm Seisiún @ Tigh Ned \nSat 5th Oct\n3pm Seisiún TEACH 1\n4pm Seisiún TEACH 2\n5pm Seisiún TEACH 3\n8pm Ceolchoirm/Céilí @ Halla Inis Oírr\n10pm Seisiún @ Tigh Ruairí \nSun 6th Oct\n8.45am Boat Inis Oírr to Inis Meáin\n12pm TALK: Mná an Cheoil: 100 years of Women in Traditional Irish Music le Niamh Ní Charra\n3pm Seisiún TEACH 1\n4pm Seisiún TEACH 2\n6pm Ceolchoirm/Céilí @ Halla Naomh Eoin\n10pm Seisiún @ Teach Ósta \n  \nTICÉID / TICKETS: \nParticipating musicians – FREE \nIslanders – FREE \nUnder 18 – FREE \nVisitors – €50 (access all events) \nTicéid anseo \nTAISTEAL / TRAVEL: \nFerry \nFrom Doolin: doolinferry.com \nFrom Ros-A-Mhíl: www.aranislandferries.com \nPlane \nFrom Indreabhán: aerarannislands.ie \n  \nLÓISTÍN / ACCOMMODATION: \nInis Oírr: discoverinisoirr.com/where-to-stay-eat/accommodation/ \nInis Meáin: inismeainbeo.ie/lóistín \n  \nGet the Inis Oírr App: inisoirrbeo.com \nCONTACT: cuirtcheoilnamban@gmail.com \nFOR NEWS and LIVE UPDATES follow us on Instagram: @cuirtcheoilnamban
URL:https://aras-eanna.ie/event/cuirt-cheoil-na-mban-4-6-deireadh-fomhair/
LOCATION:Áras Éanna
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/10/POSTAER_CRIOCH.jpg
ORGANIZER;CN="C%C3%BAirt Cheoil na mBan":MAILTO:cuirtcheoilnamban@gmail.com
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240920T190000
DTEND;TZID=UTC:20240920T210000
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20240917T161149Z
LAST-MODIFIED:20240917T170418Z
UID:18965-1726858800-1726866000@aras-eanna.ie
SUMMARY:Oíche Chultúir 7-9pm
DESCRIPTION:Cuirfidh Dara McGee taispeántas i láthair ‘Inis Oirr 2024- i stíl Jack B Yeats’. Tá Dara ag déanamh doiciméadú ar radhairc Inis Oirr trí líníochtaí dúigh le bliain anuas. Osclófar an taispeántas ar Oíche Chultúir agus beidh ceolchoirm beag ar siúl in Áras Éanna ina mbeidh ceoltóirí agus amhránaithe an oileáin páirteach. \nIs é Áras Éanna mol cultúrtha agus ealaíne Inis Oírr. Beidh spéis ar leith ag pobal an oileáin sa taispeántas mar go léiríonn sé a n-oileán sa lá atá inniu ann i stíl den chineál céanna líníochtaí dúigh Jack B Yeats. \nBhí an ceol lárnach i saol pobal Inis Oirr i gcónaí agus tabharfaidh an cheolchoirm seo léargas ar thallann an oileáin ina mbeidh ceoltóirí áitiúla\, idir óg agus aosta ag seinm. \nOsclóidh triúr ealaíontóirí Cónaithe in Áras Éanna a stiúideonna don phobal idir 7-9pm.  Niamh Lawlor (ealaíontóir ildisciplíneach\, amharclannaíocht agus puipéadóireacht)\, Nick Roth (sacsafónaí\, cumadóir\, léiritheoir agus oideachasóir) & Olesya Zdorovetska (taibheoir\, cumadóir\, coimeádaí agus oideachasóir). Fáilte roimh chách! \n7-9 i.n.
URL:https://aras-eanna.ie/event/oiche-chultuir/
LOCATION:Áras Éanna
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/09/DAra_Sketch.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240904T203000
DTEND;TZID=UTC:20240904T220000
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20240903T092716Z
LAST-MODIFIED:20240903T092716Z
UID:18927-1725481800-1725487200@aras-eanna.ie
SUMMARY:Ceolchoirm le Sander Saarmets Dé Céadaoin 4 Meán Fómhair 8:30i.n.
DESCRIPTION:  \nAoi-ealaíontóir cónaitheach idirnáisiúnta Chónaitheacht Ceoil na Gaillimhe le seóthaispeántas a thabhairt ar Inis Oirr ar an 4 Meán Fómhair ag 8:30i.n. Fáilte roimh chách. \n  \nTicéid:  Saorchead isteach \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/ceolchoirm-le-sander-saarmets-de-ceadaoin-4-mean-fomhair-830i-n/
LOCATION:Áras Éanna
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/09/posteaer.jpg
ORGANIZER;CN="Galway Music Residency":MAILTO:info@thegalwaymusicresidency.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240831T203000
DTEND;TZID=UTC:20240831T220000
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20240620T161417Z
LAST-MODIFIED:20240815T132430Z
UID:18713-1725136200-1725141600@aras-eanna.ie
SUMMARY:Padraig Stevens\, Seamus Ruttledge\, Leo Moran agus Pat Quinn
DESCRIPTION:Oíche cheoil agus amhrán le triúr scríbhneoirí amhrán mór le rá as Tuaim\, Padraig Stevens\, Seamus Ruttledge agus Leo Moran i gcuideachta Pat Quinn scríbhneoir amhrán cáiliúil Inis Oírr. Eatarthu sheinn fir Thuama leis na Sawdoctors\, The Stunning\, Na Waterboys\, De Danann agus Blaze X. Tá aithne i bhfad is i ngearr ar Pat Quinn de bharr a chuid liricí aoracha agus ar an gcaoi a gcuireann sé trasna a chuid amhrán go bríomhar\, ceann acu taifeadta agus canta go minic ag Christy Moore. Oíche iontach a bheidh anseo le triúr iontach Thuama agus Pat Quinn as Liatroim (lonnaithe in Inis Oírr) ar stáitse agus is fiú go mór a theacht ag éisteacht lena gcuid amhrán den scoth. \nTicéid €15/€20  ar eventbrite \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/padraig-stevens-seamus-ruttlidge-leo-moran-agus-pat-quinn/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Concert
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/06/Padraig-Stevens-scaled.jpeg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240821T203000
DTEND;TZID=UTC:20240821T220000
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20240614T105531Z
LAST-MODIFIED:20240614T105531Z
UID:18658-1724272200-1724277600@aras-eanna.ie
SUMMARY:Liam Ó Maonlaí Áras Éanna
DESCRIPTION:Chaith Liam mí na Samhna seo caite mar ealaíontóir cónaithe in Áras Éanna agus dhírigh sé isteach go hiomlán ar shaol\, ar theanga agus ar chultúr an oileáin. Is fearr aithne ar Liam mar bhunaitheoir agus mar phríomhamhránaí na ‘Hothouse Flowers’ agus tá bua iontach aige mar amhránaí\, ionstraimí il-uirlise\, amharc-ealaíontóir chomh maith le go dtacaíonn sé go mór leis an nGaeilge agus leis an gcultúr a bhaineann leis an teanga. \nTá uimhir a haon bainte amach aige sna cairteacha i mbreis agus fiche tír. Le linn a chuid taistil ar fud an domhain mheasc sé agus chan sé le cultúir éagsúla\, ina measc\, pobal bundúchasach na hAstráile agus na Tuargaigh i Mailí. \nIs mór an pléisiúr a bheith ag breathnú ar an suim a nochtann Liam sa teanga Ghaeilge agus sa gceol (an sean-nós go mór mór) ina chuid léirithe. \nTicéid €15/€20 ar eventbrite
URL:https://aras-eanna.ie/event/liam-o-maonlai-aras-eanna/
LOCATION:Áras Éanna
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/06/lIAM_B.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240820T203000
DTEND;TZID=UTC:20240820T220000
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20240614T104821Z
LAST-MODIFIED:20240614T105244Z
UID:18649-1724185800-1724191200@aras-eanna.ie
SUMMARY:Liam Ó Maonlaí (Inis Meáin)
DESCRIPTION:Chaith Liam mí na Samhna seo caite mar ealaíontóir cónaithe in Áras Éanna agus dhírigh sé isteach go hiomlán ar shaol\, ar theanga agus ar chultúr an oileáin. Is fearr aithne ar Liam mar bhunaitheoir agus mar phríomhamhránaí na ‘Hothouse Flowers’ agus tá bua iontach aige mar amhránaí\, ionstraimí il-uirlise\, amharc-ealaíontóir chomh maith le go dtacaíonn sé go mór leis an nGaeilge agus leis an gcultúr a bhaineann leis an teanga. \nTá uimhir a haon bainte amach aige sna cairteacha i mbreis agus fiche tír. Le linn a chuid taistil ar fud an domhain mheasc sé agus chan sé le cultúir éagsúla\, ina measc\, pobal bundúchasach na hAstráile agus na Tuargaigh i Mailí. \nIs mór an pléisiúr a bheith ag breathnú ar an suim a nochtann Liam sa teanga Ghaeilge agus sa gceol (an sean-nós go mór mór) ina chuid léirithe. \nTicéid €15/€20 ar eventbrite
URL:https://aras-eanna.ie/event/liam-o-maonlai-inis-meain/
LOCATION:Halla Inis Meáin\, Inis Meáin
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/06/lIAM_B.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240817T203000
DTEND;TZID=UTC:20240817T220000
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20240620T160122Z
LAST-MODIFIED:20240711T160607Z
UID:18695-1723926600-1723932000@aras-eanna.ie
SUMMARY:Julie Feeney
DESCRIPTION:Julie Feeney\nChuaigh seónna díolta amach Julie Feeney i bhfeidhm go mór ar lucht féachana agus ar chriticeoirí ar fud an domhain. Déanann sí seónna aisti féin\, mar dhísreach\, le ensemble\, le cóir nó le ceolfhoireann iomlán. Cumann sí\, eagraíonn sí agus cóiríonn sí a cuid ceoil féin uilig agus na focail uilig. Tá moladh mór tugtha ag léirmheastóirí dá trí albam. Bhain sí amach ‘Albam Éireannach na Bliana’ Dhuais Rogha Ceoil lena céad albam ‘13 Songs’ a chuir sí féin le chéile. Nuair a tháinig a tríú halbam ‘Clocks’ amach in Éirinn\, chuaigh sé díreach chuig Uimhir 1 Chairteacha Albam Neamhspleácha na hÉireann. Vótáladh é mar ‘An tAlbam is Fearr’ faoi Albam na Bliana an Irish Times agus bhí sé ar an ngearrliosta don Duais Rogha Ceoil. \nIna cuid seónna beo\, comhcheanglaíonn sí a láithreacht draíochtúil stáitse agus ardéirim ait pop lena fuaim bhunaidh ar leith agus a cur chuige nuálach avant-garde\, agus cé go bhfuil sí tugtha don cheol clasaiceach den chuid is mó tá sí sáite freisin sa bpop agus san amharclannaíocht. \nIs ealaíontóir cruthanta le fís ollmhór í Julie. Ealaíontóir géarintinneach\, nádúrtha\, an-dúthrachtach agus taibheoir iontach taitneamhach. Sa gceolchoirm seo\, nár chóir a chailliúint\, beidh ceol óna 3 albam á sheinm ag Julie agus ina cuideachta beidh an ceoltóir iontach Cormac de Barra ar sheinn sí go rialta leis thar na blianta. \nTá ríméad ar Áras Éanna go mbeidh Julie anseo mar ealaíontóir cónaithe do mhí Lúnasa. Is áit é Inis Oírr atá an-ghar dá croí. \nCormac De Barra\nIs ceoltóir proifisiúnta agus léiritheoir/láithreoir teilifíse é Cormac a rugadh is a tógadh i mBaile Átha Cliath. Fuair sé oiliúint sa cheol óna sheanmháthair\, an cruitire agus amhránaí\, Róisín Ní Shé. \nMar chruitire\, tá Cormac tar éis taisteal is taifeadadh le cuid de mhór-cheoltóirí na hÉireann\, Moya Brennan\, Brian Kennedy\, Máire Breatnach\, The Chieftains\, Julie Feeney\, Anne-Marie O’Farrell agus Clannad ina measc. \nChomh maith lena chuid ceoil\, tá Cormac ag obair sna meáin in Éirinn le tríocha bliain anois ar chláir do TG4\, RTÉ agus Sky Arts. \nChuir sé an tsraith ealaíne ‘Imeall’ i láthair ar feadh trí bliana ar TG4 agus bhí sé ina  chomhairleoir scripte ar an scannán TARRAC le haghaidh Cine4. \nTá sé i mbun Dochtúireachta in Ollscoil Luimnigh faoi láthair ar athbheochan na cruite sa 20ú haois. \nTicéid €15/€20 ar eventbrite \nPhoto credits: Ruth Medjber
URL:https://aras-eanna.ie/event/julie-feeney/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/06/Julie-Feeney-by-Ruth-Medjber-2-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240808T083000
DTEND;TZID=UTC:20240808T220000
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20240620T154607Z
LAST-MODIFIED:20240620T155216Z
UID:18683-1723105800-1723154400@aras-eanna.ie
SUMMARY:Nettle Horse
DESCRIPTION:Is scéal é ‘Nettle Horse’ faoi fhear a dhíolann ciaróga inite ag aonach capall\, bean a bhfuil cead pleanála díreach faighte aici chun pirimid a thógáil agus capall ag ithe neantóga. \nIs aistear (odyssey) amharclainne claochlaitheach é ‘Nettle Horse’ leis an scríbhneoir\, taibheoir agus ceoltóir Little John Nee. Tugtar cuireadh don lucht féachana dul isteach i ndomhan comhthreomhar agus draíocht a gcuid samhlaíochta féin a fheiceáil i gcruthú na todhchaí. Dearadh soilse le Emma O Grady. \nTicéid €15/€20 ar eventbrite \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/nettle-horse/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Dramaíocht
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/06/Nettlehorse_Pic1-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240802T203000
DTEND;TZID=UTC:20240802T220000
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20240502T133913Z
LAST-MODIFIED:20240802T143127Z
UID:18526-1722630600-1722636000@aras-eanna.ie
SUMMARY:Tom Portman & Maciej Zavoronek
DESCRIPTION:Train to Nowhere\, ceolchoirm le Tom Portman agus Maciej Zavoronek – ar an Aoine 2 Lúnasa ag 8:30i.n. \nTom Portman: Fonnadóireacht\, Giotár & Dobro (sleamhnú giotáir) agus Maciej Zavoronek – Orgán Béil\, Clairinéad agus Sacsafón. \nTá an buncheol spreagtha ag Gormacha Tíre\, Snagcheol agus roinnt amhrán de chuid Hank Williams\, Mississpi John Hurt\, J.J Cale agus Eric Bibb. \nIs albam bunúsach gormacha tíre nua agus traidisiúnta é ‘Train to Nowhere’ ó Tom Portman. Ag dul leis an gcumadóireacht sciliúil amhrán tá ceol casta giotáir agus dobro ó Tom a dheimhníonn saintréith a chuid oibre. In éineacht le Portman ar an albam seo tá an maestro Maciej (Magic) Zaworonek lena cheol fileata ar an orgán béil. Le linn dóibh a bheith ag buscáil & ag fámaireacht thart i ndeisceart na Fraince blianta fada ó shin a chuir an scríbhneoir amhrán as an Astráil Kevin Lym an teidealrian ‘Train to Nowhere’ le fonn a bhí Tom ag seinm ar an Dobro. Tagann greann deisbhéalach Tom trasna sna hamhráin ar an albam seo\, ach tá an doimhneacht cliste sin iontu freisin a bheifeá ag súil leis ó scríbhneoir amhrán de cháil Portman. Ar an albam freisin tá leaganacha amhrán ó Hank Williams\, Tim O’Brien agus Eric Bibb\, laochra cumadóireachta de chuid Tom. \n  \n\n			\n				\n			\n			\n				\n			\n		\n\n  \nTicéid €15/€20 – Ar fáil anseo:
URL:https://aras-eanna.ie/event/tom-portman-maciej-zavoronek/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Events
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/05/Tom_Portman_Pic2.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240726T203000
DTEND;TZID=UTC:20240726T220000
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20240509T162231Z
LAST-MODIFIED:20240509T162615Z
UID:18625-1722025800-1722031200@aras-eanna.ie
SUMMARY:The Raines - Inis Meáin
DESCRIPTION:Beidh ‘Na Raines’  linn ar Inis Meáin lena gceol tíre uathúil Americana\,ar ais san áit inar síolraíodh an smaoineamh banna a bhunú. Bíonn an seó díolta amach chuile uair a bhíonn siad anseo\, mar sin ná caill amach ar an seans seo lena gcuid amhrán nua a chloisteáil chomh maith le hamhráin óna gcéad albam ‘Reverie’. Ina gcomhluadar ar an oíche beidh aoicheoltóirí á dtionlacan ar an olldord agus ar an dobro\, ag cur lena gcomhcheol inaitheanta agus lena dtéadcheol taitneamhach agus rithimeach. \nTicéid: €15/€20 ar fáil anseo
URL:https://aras-eanna.ie/event/the-raines-inis-meain/
LOCATION:Halla Inis Meáin\, Inis Meáin
CATEGORIES:Ceolchoirm,Concert,Events
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/05/The-Raines.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240716T200000
DTEND;TZID=UTC:20240716T210000
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20240620T162435Z
LAST-MODIFIED:20240620T163004Z
UID:18718-1721160000-1721163600@aras-eanna.ie
SUMMARY:Ar an Dé Deiridh
DESCRIPTION:Tá dráma nua dar teideal Ar An Dé Deiridh\, atá bunaithe ar sheanchas agus stair Chonamara atá ag tabhairt beocht do scéalta agus logainmneacha ársa na háite ag teacht go hInis Oírr Dé Máirt 16ú Iúil. Á léiriú ag Gliogar\, cnuasach ealaíontóirí Chonamara\, agus le Caoimhghín Ó hEoghusa mar phríomh-aisteoir\, tá an dráma seo ag cur scéal sean-Ghréigeach an mharatóin i gcomhthéacs concas na Normannach in Iar-Chonnachta in 1256A.D. Beidh sé ar siúil in Áras Éanna ag 8i.n agus tá ticéid de €5 ar fáil trí gliogar.ie. \n  \n  \n \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/ar-an-de-deiridh/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Dramaíocht
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/06/socialmedia_inisoirr-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="gliogar.ie":MAILTO:eolas@gliogar.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240713T203000
DTEND;TZID=UTC:20240713T220000
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20240509T141850Z
LAST-MODIFIED:20240509T144543Z
UID:18616-1720902600-1720908000@aras-eanna.ie
SUMMARY:Pádraig Jack - Áras Éanna
DESCRIPTION:Rugadh Pádraig Jack Ó Flaithearta isteach i gclann cheolmhar in Árainn. Mac é leis an amhránaí Barry Ronan agus nia leis an bhfile Mary O’Malley. Scríobhann sé a chuid ceoil i mBéarla agus i nGaeilge\, rud atá sé an-bhródúil as. Seinneann sé an giotár agus an pianó. \nFuair a albam ardmholadh ó Hot Press\, ón iris Rock’n’Reel agus ó The Alternate Root. Nuair a eisíodh é bhí sé ainmnithe mar albam na seachtaine ar RTÉ Raidió 1. Ag Gradaim Folk RTÉ 2022 ainmníodh a amhrán ‘Déanamh Gaineamh’ do ghradam ‘Amhrán na Bliana’. \nNí sa stiúideo amháin a oibríonn Pádraig. Bíonn sé ar chamchuairt go minic in Éirinn agus i Sasana agus faoi láthair tá sé féin agus Miles Hunt ó ‘The Wonder Stuff’ ar chamchuairt leanúnach i Sasana. Ba é a chur tús le seó Damien Dempsey anuraidh i Sráid Vicar agus bhí 4\,000 lucht éisteachta aige nuair a bhí sé ar stáitse sna Gairdíní Uíbh Eachach. In 2023 chuaigh sé ar chamchuairt sa mBreatain Bheag\, i dtír na mBascach\, agus thart timpeall na hÉireann\, chan sé ag an ‘Doolin Folk Fest’ agus ag an ‘Galway Folk Festival’. \nTá sé ráite go bhfuil féith láidir rómánsach i gceol Phádraig ach fós go gcoinníonn sé údaracht. Tá cumas iontach aige agus tá sé ar dhuine d’amhránaithe móra na hÉireann. Is fada linn uainn a dhara albam\, atá sé ag taifeadadh faoi láthair in éineacht leis an léiritheoir John Reynolds  agus beidh an chéad singil (It Could be Home) ag teacht amach san Aibreán. \nTicéid €15/€20 anseo \n  \n  \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/padraig-jack-aras-eanna/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Concert
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/05/Padraig-Jack_b-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240712T203000
DTEND;TZID=UTC:20240712T220000
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20240508T172000Z
LAST-MODIFIED:20240509T131606Z
UID:18601-1720816200-1720821600@aras-eanna.ie
SUMMARY:Pádraig Jack - Dé hAoine - 12 Iúil\, Inis Meáin
DESCRIPTION:Rugadh Pádraig Jack Ó Flaithearta isteach i gclann cheolmhar in Árainn. Mac é leis an amhránaí Barry Ronan agus nia leis an bhfile Mary O’Malley. Scríobhann sé a chuid ceoil i mBéarla agus i nGaeilge\, rud atá sé an-bhródúil as. Seinneann sé an giotár agus an pianó. \nFuair a albam ardmholadh ó Hot Press\, ón iris Rock’n’Reel agus ó The Alternate Root. Nuair a eisíodh é bhí sé ainmnithe mar albam na seachtaine ar RTÉ Raidió 1. Ag Gradaim Folk RTÉ 2022 ainmníodh a amhrán ‘Déanamh Gaineamh’ do ghradam ‘Amhrán na Bliana’. \nNí sa stiúideo amháin a oibríonn Pádraig. Bíonn sé ar chamchuairt go minic in Éirinn agus i Sasana agus faoi láthair tá sé féin agus Miles Hunt ó ‘The Wonder Stuff’ ar chamchuairt leanúnach i Sasana. Ba é a chur tús le seó Damien Dempsey anuraidh i Sráid Vicar agus bhí 4\,000 lucht éisteachta aige nuair a bhí sé ar stáitse sna Gairdíní Uíbh Eachach. In 2023 chuaigh sé ar chamchuairt sa mBreatain Bheag\, i dtír na mBascach\, agus thart timpeall na hÉireann\, chan sé ag an ‘Doolin Folk Fest’ agus ag an ‘Galway Folk Festival’. \nTá sé ráite go bhfuil féith láidir rómánsach i gceol Phádraig ach fós go gcoinníonn sé údaracht. Tá cumas iontach aige agus tá sé ar dhuine d’amhránaithe móra na hÉireann. Is fada linn uainn a dhara albam\, atá sé ag taifeadadh faoi láthair in éineacht leis an léiritheoir John Reynolds  agus beidh an chéad singil (It Could be Home) ag teacht amach san Aibreán. \nTicéid €15/€20 – anseo \n  \n  \n  \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/padraig-jack-de-haoine-12-iuil-inis-meain/
LOCATION:Halla Inis Meáin\, Inis Meáin
CATEGORIES:Ceolchoirm,Concert
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/05/Padraig-Jack_b-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240706T160000
DTEND;TZID=UTC:20240706T220000
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20240508T162831Z
LAST-MODIFIED:20240706T170051Z
UID:18546-1720281600-1720303200@aras-eanna.ie
SUMMARY:That They May Face The Rising Sun 8pm & John McGahern: A Private World 4pm - 6ú Iúil
DESCRIPTION:Dhá Scannán in Áras Éanna – Dé Sathairn 6 Iúil  \nAr cheann de thionscnaimh chomóradh 60 bliain Chumann Scannán na Gaillimhe tá comhoibriú píolótach le hÁras Éanna\, chun dhá scannán a óstáil ar Inis Oírr. Ag ceiliúradh saothar an Stiúrthóra mór le rá Pat Collins: That They May Face The Rising Sun\, cóiriú ar úrscéal 2002 John McGahern agus buaiteoir an Scannán is Fearr ag Gradaim Scannán agus Teilifíse na hÉireann 2024\, agus John McGahern: A Private World\, clár faisnéise a bhuaigh an Clár Faisnéise is Fearr ag Gradaim Scannán agus Teilifíse na hÉireann 2005. Is mór an phribhléid do Chumann Scannán na Gaillimhe go mbeidh Pat féin i láthair chun na scannáin a chur i láthair agus léargas a thabhairt don lucht féachana ar a shaothar den scoth. \n  \n4.00i.n.       John McGahern: A Private World (2005) (54nóiméad)\nIniúchadh é seo ar shaol agus ar shaothar phríomhscríbhneoir ficsin na hÉireann\, ag úsáid cuimhní cinn McGahern mar chúltaca. Trí agallaimh dlúthphearsanta\, tagann tuiscint láidir agus spéisiúil den fhear a chruthaigh an saothar chun cinn\, a thugann léargas ar leith ar an bpróiseas cruthaitheach.  Réamhbhlaiseadh:  \n  \n8.00i.n. That They May Face The Rising Sun (2023) (1uair agus 51nóiméad)\nLéargas ar bhliain i saol phobal tuaithe\, cois locha\, in Éirinn sna 1970idí\, is cóiriú é ‘That They May Face The Rising Sun’ ar úrscéal deiridh Brian McGahern\, duine d’úrscéalaithe mór le rá na hÉireann.   Réamhbhlaiseadh: \nTicéid:      anseo             \nJohn McGahern: A Private World (2005) (54nóiméad)                                  €8/€10\nThat They May Face The Rising Sun (2023) (1uair agus 51nóiméad)      €10/€12\nTicéid don dá scannán                                                                                     €15/€20 \n  \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/that-they-may-face-the-rising-sun-8pm-john-mcgahern-a-private-world-4pm-6u-iuil/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Scannán
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/05/That-They-May-Face-the-RIsing-Sun-Final-1-sheet-scaled.jpg
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240705T203000
DTEND;TZID=UTC:20240705T220000
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20240501T160815Z
LAST-MODIFIED:20240704T104406Z
UID:18518-1720211400-1720216800@aras-eanna.ie
SUMMARY:For the love of Milseáin
DESCRIPTION:Tá an bhean ghrinn\, a bhfuil gradaim bainte amach aici\, agus atá ina banríon ar ghreann neamhghnách na hÉireann\, Áine Gallagher\, amuigh le cruthú go bhfuil labhairt na Gaeilge sodhéanta agus greannmhar. Trí úsáid a bhaint as a stíl ait agus fuarchúiseach mar a huirlis rúnda sa seó grinn fíoruathúil seo\, déanann Áine iniúchadh ar an ngrá\, ar bhácáil cácaí muga agus ar dhéanamh dearmad. Is dráma grinn dátheangach ach sothuigthe é\, a spreagfaidh do ghrá don teanga in athuair agus a thabharfaidh ar ais do chúpla focal. \nToisc nach cainteoir líofa í Áine\, tuigeann sí an faitíos a bhíonn ar dhaoine nuair a thagann sé go dtí ár dteanga dhúchais. Sin é an fáth go bhféachann sí leis an lucht féachana a spreagadh trína cuid scéalta a roinnt leo\, scéalta óna haistear féin ag foghlaim na Gaeilge\, ar nós nuair a chas sí leis an Uachtarán Mícheál D. Ó hUiginn agus tubaistí eile mar sin. \nTrína stíl fhuarchúiseach\, neamhghnách agus fíoruathúil\, níl aon dabht nach músclóidh Áine do ghrá don Ghaeilge\, fiú murar chuala tú focal riamh. Tar amach mar sin le go bhfeicfidh tú “FOR THE LOVE OF MILSEÁIN”\, suigh siar agus faigh spreagadh as scéalta greannmhara Áine. \nTicéid €15/€20  ar fáil anseo \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/for-the-love-of-milseain/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Dramaíocht
ATTACH;FMTTYPE=image/png:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/05/Gen-Milseáin-PNG-4.png
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240622T203000
DTEND;TZID=UTC:20240622T220000
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20240419T125937Z
LAST-MODIFIED:20240419T125937Z
UID:18474-1719088200-1719093600@aras-eanna.ie
SUMMARY:Dúchas agus Dóchas
DESCRIPTION:Tá ríméad ar Áras Éanna\, Inis Oírr\, fáilte a chur roimh ‘Dúchas agus Dóchas\, A Clare Songline’ go hInis Oírr mar chuid dá gcamchuairt náisiúnta. Bhí ceangal i gcónaí idir Inis Oírr agus Contae an Chláir\, go tíreolaíoch\, go stairiúil agus ó thaobh an cheoil de\, gan trácht ar an gceangal gaoil: tá go leor oileánach pósta isteach i gContae an Chláir. Cuireann Diarmuid de Faoite i láthair: Edel Vaughan\, Nuala Kennedy\, Philip Fogarty\, Emer O’Flaherty\, Therese McInerney agus na haíonna speisialta\, Mac Dara Ó Conaola (Inis Oírr) agus Gráinne Cotter. \nTabharfaidh Diarmuid de Faoite agus a chairde ceolmhara ar thuras iontach muid trí 350 bliain d’amhráin dhúchasacha Gaeilge an Chláir. Cloisfear amhráin ó gach cearn den Chontae agus na scéalta a bhaineann leo. Beatha teanga í a labhairt\, beatha amhráin é a rá! Bímis ag ceol! \nTicéid €15/€20 ar fáil anseo
URL:https://aras-eanna.ie/event/duchas-agus-dochas/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Events
ATTACH;FMTTYPE=image/png:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/04/Postaer1.png
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240614T203000
DTEND;TZID=UTC:20240614T220000
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20240508T170209Z
LAST-MODIFIED:20240613T093839Z
UID:18589-1718397000-1718402400@aras-eanna.ie
SUMMARY:AR CEAL - Jon Kenny in éineacht le Catherine Ronan agus Ruth Dillon
DESCRIPTION:Oíche filíochta\, ceoil agus scéalaíochta in Áras Éanna \n  \nIs pribhléid dúinn in Áras Éanna oíche speisialta filíochta agus ceoil leis an laoch Jon Kenny a óstáil.  Níl aon chall Jon a chur in aithne\, is cara mór le pobal an oileáin é.  Is iomaí uair a chas Jon in Áras Éanna agus is minic a chonaic muid a cheird mar aisteoir\, mar cheoltóir agus mar fhear grinn. Le tamall anuas tá Jon ag plé le saol na filíochta\, ag insint scéalta faoi dhaoine\, faoi thimpeallacht agus ag cuir a chuid smaointe trasna trína chuid scríbhneoireacht. \nBeidh an file Catherine Ronan agus an ceoltóir Ruth Dillon in éineacht le Jon ar an oíche. Tá Catherine lonnaithe i gCorcaigh\, a céad chnuasach ‘Elemental Skin’ foilsithe ag Revival. Is amhránaí aitheanta í Ruth atá lonnaithe i nGaillimh.  Tá cáil uirthi le deirneas as a cuid oibre leis an ngrúpa ceoil ‘The Raines’\, agus d’oibrigh sí le raon mór taibheoirí thar na blianta.
URL:https://aras-eanna.ie/event/jon-kenny-in-eineacht-le-catherine-ronan-agus-ruth-dillon/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Ceolchoirm,Litríocht
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/05/jon_Kenny.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240609T123000
DTEND;TZID=UTC:20240609T133000
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20240501T145131Z
LAST-MODIFIED:20240509T152350Z
UID:18500-1717936200-1717939800@aras-eanna.ie
SUMMARY:Enchanted  (12:30pm & 3pm)
DESCRIPTION:  \nSan eachtra spraíúil tumthach seo tá lucht na farraige ag ól tae feamainne istigh i bhfoirgnimh aisteacha faoin uisce. Cócarálann ‘Seagull John’ éin bhána os cionn tinte bruscair agus i mbrionglóidí ón todhchaí iniúchtar caillteanas\, tuair cheatha agus buairt i spás tairseachúil atá trína chéile de bharr anord aeráide. Tugann an draíodóir (Ali Keohane) an lucht éisteachta chuig Hy-Brasil\, an t-oileán miotasach a imíonn as radharc\, fad is a bhíonn siad ag siúl timpeall Inis Oírr ag éisteacht le scéalta a bhíonn á n-insint ag Mikel Murfi\, Jenni Nikinmaa & Tonya Lenhart. \nAistear thart ar 2 chiliméadar taobh amuigh (timpeall 1 uair an chloig)\, ní mór bróga maithe siúil a chaitheamh agus a bheith gléasta don aimsir. \nScríobh\, dearadh & coincheap: Jenni Nikinmaa\nTacaíocht léirithe: Michelle Cahill\nInnealtóireacht Fuaime & Taifeadadh: Jack Cawley\nAisteoirí ar an láthair: Ali Keohane agus Jenni Nikinmaa\nAisteoirí gutha: Mikel Murfi\, Tonya Lenhart\, Jack Cawley\, Jenni Nikinmaa \nComhléiriú idir Ionad Amharclannaíochta agus Ealaíon Bhiorra & Jenni Nikinmaa do Sheachtain Seanré Bhiorra 2023.\nTacaíocht ó Agility Award / Comhairle Ealaíon na hÉireann \nCruthaíodh  ‘The Enchanted’ le tacaíocht cónaitheachtaí Remote Control 2 & 3 a d’ostáil Brú Theatre agus cónaitheacht MAKE 2022 (Dublin Fringe\, Project Arts Centre\, Féile Lársamhraidh Chorcaí; Theatre Forum). \nBeidh dhá léiriú ar siúl \n12:30pm & 3pm \nTicéid: €8 €12    Ticéid don léiriú ag 12:30pm ar fáil anseo\nTicéid don léiriú ag 3pm ar fáil anseo \n  \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/enchanted/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Dramaíocht
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/05/960x400_Enchanted.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240608T203000
DTEND;TZID=UTC:20240608T220000
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20240418T105121Z
LAST-MODIFIED:20240515T095705Z
UID:18443-1717878600-1717884000@aras-eanna.ie
SUMMARY:Vixen
DESCRIPTION:Bliain ó bhásaigh Martin – leannán Angie- agus tá a theaghlach tagtha ar cuairt ag a uaigh. Coinníonn Angie súil orthu ó shábháilteacht a cairr\, atá i bhfolach faoin gcrann iúir.  Fanann sí i bhfolach\, is a brón go domhain ina croí. Cuimhníonn sí ar na sionnaigh\, ag teacht ar nós sruth smaointe gránna….. VIXEN scríofa ag Helen Casey\, léirithe ag Rose Henderson agus le Daire Kelly mar oibreoir teicniúil\, is dráma mealltach síceolaíoch é maidir le diongbháilteacht\, teacht aniar agus mian na mná seo a leannán rúnda a ainmniú cé go bhfuil sé pósta le bean eile. \nDráma dodhearmadta agus draíochtúil ina bhfiosraítear an grá\, folús ceilte agus fírinní míshuaimhneacha go domhain. De réir mar a thugtar léargas níos fearr dúinn ar shaol Angie téann na mothúcháin ó ghliondar go gruaim\, lán le teannas agus crá croí.  Nach fearr titim i ngrá agus cailleadh amach …. Nó an fearr?\nTicéid €15/€20 ar fáil  anseo: \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/vixen/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Dramaíocht
ATTACH;FMTTYPE=image/png:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/04/Vixen-photo-5-1.png
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240523T203000
DTEND;TZID=UTC:20240523T220000
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20240501T142554Z
LAST-MODIFIED:20240501T143750Z
UID:18491-1716496200-1716501600@aras-eanna.ie
SUMMARY:THE BRÓD\, THE BOLD\, & THE BEAUTIFUL
DESCRIPTION:“It takes courage to grow up and become who you really are” \nE.E. Cummings \nSpreagtha ag fíorscéalta\, is dráma nua grinn oilbhéasach é THE BRÓD\, THE BOLD\, & THE BEAUTIFUL\, atá bunaithe ar thaithí daoine LGBTQ+ na hÉireann le 30 bliain\, ina bhfiosraítear na dúshláin agus an t-aoibhneas a bhaineann le saol duine óg LGBTQ+ sa lá atá inniu ann. \nAgus iad ag úsáid bealaí fisiciúla nua don bhailiúchán scéalaíochta scrúdaíonn agus ceiliúrann Amharclann Quintessence saol triúr LGBTQ+: gach duine acu ó ghlúin difriúil agus gach duine acu ag plé ceisteanna nua agus leanúnacha a bhaineann le claontacht\, bród\, féiniúlacht\, grá agus stair. \nCruthaithe i gcomhar le Outcomers\, Seirbhís Tacaíochta LADT\, Dún Dealgan. \nFAD: Thart ar 1 uair an chloig 20 nóiméad \nSaorchead isteach! \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/the-brod-the-bold-the-beautiful/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Dramaíocht
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/05/The-Brod-the-Bold-and-the-Beautiful-Brochure-Image-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240510T203000
DTEND;TZID=UTC:20240510T220000
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20240418T110732Z
LAST-MODIFIED:20240502T140409Z
UID:18465-1715373000-1715378400@aras-eanna.ie
SUMMARY:Crime and the City Solution Acoustic
DESCRIPTION:Is údar bróid do ‘Crime & the City Solution’ leagan acústaic trí phíosa den bhanna a fhógairt\, faoin ainm Crime & the City Solution (Acoustic) nó Crime (Acoustic) mar ainm gairid. Is ón mbeirt Bonney/Adams\, a bhí ar chamchuairt sna SA agus san Eoraip le Mark Langan in 2019\, a tháinig an smaoineamh Crime (Acoustic) a bhunú mar go raibh siad ag iarraidh an t-ábhar a sheinm sa stíl inar cruthaíodh go leor de na hamhráin ar dtús\, chun taitneamh a bhaint as atmaisféar cairdiúil a léiríonn go bunúsach an sásamh a bhaineann cairde as a bheith ag seinm le chéile do chairde\, gan stiúir theicneolaíochta. Páirteach i Crime (Acoustic) tá Bronwyn Adams (veidhlín agus fonnadóireacht)\, Simon Bonney (fonnadóireacht) agus Joshua Murphy (giotár fuaimiúil agus fonnadóireacht) agus feidhmeoidh siad i dteannta an ghrúpa níos mó leis na huirlísí leictreacha. Canfaidh siad amhráin ón gcatalóg a bhí ag Crime roimhe sin chomh maith le hamhráin roghnaithe as taifeadtaí aonair de chuid Simon. \nTicéid €15/€20 ar fáil anseo \nPhoto credit: Christiania Krueger \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/crime-and-the-city-solution-acoustic/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Events
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/04/C_CS_IMG_1836-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20240412T080000
DTEND;TZID=UTC:20240414T190000
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20240328T171658Z
LAST-MODIFIED:20240328T171658Z
UID:18390-1712908800-1713121200@aras-eanna.ie
SUMMARY:Féile an Phobail\, Inis Oírr
DESCRIPTION:Beidh Féile an Phobail\, Inis Oírr ar siúl ó’n Aoine 12 Aibreán go dtí an Domhnach 14 Aibreán.
URL:https://aras-eanna.ie/event/feile-an-phobail-inis-oirr/
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2024/03/FanPhobail_Screehshot.jpg
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20231030T150000
DTEND;TZID=UTC:20231030T160000
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20231019T143522Z
LAST-MODIFIED:20231019T144019Z
UID:18376-1698678000-1698681600@aras-eanna.ie
SUMMARY:Humans: Ceoldráma Róbait
DESCRIPTION:  \nHumans: Ceoldráma Róbait \nTá an seachtú ceolghrúpa róbait is fearr sa domhan – bhuel\, bhí siad ar an cúigiú dream ab fhearr ach chuaigh sé sa gceann acu – ag tabhairt faoi cheoldráma NUA. Cuirfear ar stáitse é do na róbait uilig i chuile áit agus míneofar ann céard iad Daoine. \nBeidh gach rud togha\, níl uathu ach roinnt freagraí. \nAg an am céanna\, tá Jennifer Dempsey\, cailín 10 mbliana d’aois atá AN-TÓGTHA le róbait\, ar mhisean dá cuid féin\, ceann a d’fhéadfadh b’fhéidir an bealach caidrimh idir róbait agus daoine a athrú go deo! \nIs scéal mórchroíoch – agus greannmhar! é seo – faoi chailliúint\, cairdeas agus dóchas\, trí róbat daonna atá páirteach ann\, duine acu sách róbatach agus tá amhráin tharraingteacha freisin ann. \nCruthaithe ag an drámadóir John McCarthy agus an Chuideachta Amharclannaíochta Graffiti atá ag cur drámaíocht ar fáil do lucht féachana óg i gCorcaigh le beagnach 40 bliain. Léirithe i gcomhar leis an amharclann ‘The Everyman’ \nFeiliúnach do pháistí 8+ agus a ndaoine fásta leo. \nAm: 60 nóiméad \n“Bhí sé an-ghreannmhar ach bhí sé brónach freisin. Bhí an t-amhrán ‘Friendship Vacancy’ iontach. Thaitin an damhsa linn\, an croitheadh tóna agus an cailín ag iarraidh an flas agus na bromanna a dhéanamh” – Sarah\, aois 10 \nFoireann: Jennifer Barry\, Úna Ní Bhriain\, Darragh Shannon & Bob Kelly \nScríofa ag John McCarthy \nLiricí/Leabhar Amhrán le John McCarthy \nCumadh na nAmhrán – Katie Holly & John McCarthy \nStiúrtha ag Niall Cleary \nDearthóir Seit & Soilse – Sarah Jane Shiels \nDearadh Fuaime & Stiúrthóir Ceoil – Carl Kennedy \nStiúrthóir Cúnta Ceoil – Emily Donoghue \nDearthóir Feisteas – Jenny Whyte \nTicéid €5 ar fáil ar Eventbrite:  https://www.eventbrite.ie/e/732736413337?aff=oddtdtcreator
URL:https://aras-eanna.ie/event/18376/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Concert,Dramaíocht
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2023/10/Primary-Show-Image-.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20231005T080000
DTEND;TZID=UTC:20231005T170000
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20231005T101609Z
LAST-MODIFIED:20231005T102010Z
UID:18356-1696492800-1696525200@aras-eanna.ie
SUMMARY:Cúirt Cheoil na mBan
DESCRIPTION:Á léiriú ag Áras Éanna & Éigse Dara Beag\n \nCúirt Cheoil na mBan – Imeacht Cheoil Traidisiúnta na hÉireann d’amhránaithe\, rinceoirí agus ceoltóirí ban do phobail Inis Oírr agus Inis Meáin. \n  \n6ú & 7ú Deireadh Fómhair 2023 \n  \n‘Théis chomh maith is a d’éirigh leis anuraidh\, cuirfidh Áras Éanna ‘Cúirt Cheoil na mBan’ ar siúl arís ar an Aoine 6ú (Inis Meáin) & an Satharn 7ú (Inis Oírr) Deireadh Fómhair. Is ceiliúradh ar mhná i gCeol Traidisiúnta na hÉireann an féile seo\, agus is é an sprioc atá againn ná athbheochan ar na hoícheanta sóisialta traidisiúnta a bhí ag daoine ina dtithe ar na hoileáin fadó. \nCuifidh daoine ar an dá oileán fáilte roimh cheoltóirí agus lucht éisteachta beag isteach ina dtithe le haghaidh seisiúin gearr tráthnóna Dé hAoine (Inis Meáin) agus tráthnóna Dé Sathairn (Inis Oírr). Tar éis na seisiúin sna tithe\, beidh ceolchoirm saor in aisce ag na ceoltóirí ar fad @ Halla Naomh Eoin 6ú 8i.n. agus Amharclann Áras Éanna 7ú 9i.n. Beidh céilí pobail sa Halla Inis Oírr ag 1i.n. Dé Sathairn 7ú freisin. \nSaor in aisce! \nFáilte roimh chách! \nSruthú beo ar líne: Áras Éanna Facebook & Instagram  \nTá 20+ amhránaithe\, rinceoirí agus ceoltóirí páirteach ann\, san áireamh tá:   \nAedín Ní Thiarnaigh\, Aimee Farrell Courtney\, Áine O’Brien\, Aisling Parslow\, Anna Ní Nualláin\, Aoife Smyth\, Bríd Ní Chualáin\, Catriona Ní hAmhlúin\, Deirbhile Ní Bhrolcháin\, Fiona Fitzpatrick\, Hannah Ní Chonghaile\, Izzy Donnery\, Katelyn Corrigan\, Lasairfhíona Ní Chonaola\, Leona McKenna\, Máire Uí Mhaoláin\, Maeve Townsend\, Marion McEvoy\, Róisín Ní Domhnaill\, Róisín Ní Mhainín\, Úna Ní Fhlannagáin \nTá Cúirt Cheoil na mBan maoinithe ag Áras Éanna\, Clár Éire Ildánach\, Scéim Tacaíocht Pobail Comhairle Contae na Gaillimhe agus Comhlacht Forbartha Inis Meáin. \nTá Áras Éanna maoinithe ag An Chomhairle Ealaíon\, Ealaín na Gaeltachta agus Comhairle Contae na Gaillimhe
URL:https://aras-eanna.ie/event/cuirt-cheoil-na-mban-2/
CATEGORIES:Ceolchoirm,Concert,Events
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2023/10/Cúirt-Cheoil-na-mBan-POSTER-FINAL-DRAFT.jpg
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20230921T203000
DTEND;TZID=UTC:20230921T220000
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20230509T110400Z
LAST-MODIFIED:20230509T111105Z
UID:18219-1695328200-1695333600@aras-eanna.ie
SUMMARY:KING
DESCRIPTION:Tá áthas ar Áras Éanna fáilte a chur ar ais roimh an t-aisteoir iontach agus an fear é fhéin – Pat Kinevane – ina sheó nua KING.  Tá an léiriúchán seo á chur i láthair ag Fishamble Theatre a bhuaigh gradam Olivier\, scríofa ag Pat Kinevane buaiteoir Herald Archangel agus stiúrtha ag Jim Culleton\, buaiteoir an Stiúrthóra is Fearr de chuid an Irish Times 2019. Insíonn KING scéal Luther\, fear a tháinig ar an saol ar an lá céanna a dúnmharaíodh MLK\, ní fhágann Luther a árasán ach amháin le dhul ag obair mar aithriseoir Elvis.  Is léir go raibh na meáin an-tógtha leis na seóanna a bhí aige roimhe sin\, FORGOTTEN\, SILENT\, UNDERNEATH agus ROIMH mar a fheictear sa leagan Béarla thíos. \nTá deis iontach anseo an léiriú seo a fheiceáil in atmaisféar amharclann Áras Éanna. \nTicéid ar fáil anseo:  https://www.eventbrite.ie/e/624376505937
URL:https://aras-eanna.ie/event/king/
LOCATION:Áras Éanna
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2023/05/king-1200x675px-twitter.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20230901T203000
DTEND;TZID=UTC:20230901T220000
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20230509T104919Z
LAST-MODIFIED:20230509T104919Z
UID:18204-1693600200-1693605600@aras-eanna.ie
SUMMARY:Boxcar Preachers
DESCRIPTION:As Texas\, SAM\, tá áthas ar Áras Éanna na Boxcar Preachers a chur i láthair. Is cinnte go sásóidh urraim neamhthrócaireach na Boxcar Preachers an lucht éisteachta. Ruainne beag d’Americana\, Jug Band\, Bluegrass agus Old Timey Country Blues atá meascaithe le craic ag an ngrúpa seo! Is iad na Boxcar Preachers a dhéileálann i ndáiríre le stíl glaoch agus freagairt\, comhcheol\, agus fuaim damanta as seó d’uirlisí. \nTicéid ar fáil anseo  :   https://www.eventbrite.ie/e/623684967527
URL:https://aras-eanna.ie/event/boxcar-preachers/
LOCATION:Áras Éanna
ATTACH;FMTTYPE=image/png:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2023/05/BCP5.png
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20230826T203000
DTEND;TZID=UTC:20230826T220000
DTSTAMP:20260927T210910
CREATED:20230509T104011Z
LAST-MODIFIED:20230509T104011Z
UID:18202-1693081800-1693087200@aras-eanna.ie
SUMMARY:Pat Quinn & a chairde
DESCRIPTION:Is iontach an oíche siamsaíocht a bhíonn againn gach bliain\, teach lán de gháirí\, ard-ghiúmhar agus ard-mholadh do Phat Quinn agus dá chriú de chairde ag an seó seo in Áras Éanna.  As Longfort é Pat Quinn ó dhúchas ach tá sé ina chónaí linn ar Inis Oírr le breis agus 20 bliain. Níl a shárú le fáil nuair a thagann sé go dtí lírící grinn aoracha. Bíonn amhrán de chuid Phat á chasadh ag Christy Moore – ‘Politico Lingo’. \nCuirimid fáilte ar ais roimh Pat ar stáitse Áras Éanna in éineacht lena chairde agus gan dabht beidh an-oíche againn. Moltar do thicéad a fháil go luath mar go ndíolfar amach an gig roimh i bhfad. \nTicéid ar fáil anseo:   https://www.eventbrite.ie/e/624237299567 \nPat Quinn Singer/Songwriter\, living on Inis Oírr.
URL:https://aras-eanna.ie/event/pat-quinn-a-chairde-2/
LOCATION:Áras Éanna
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2023/05/PatQuinn_achairde_2962-scaled.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
END:VCALENDAR