BEGIN:VCALENDAR
VERSION:2.0
PRODID:-//Áras Éanna - ECPv6.15.17//NONSGML v1.0//EN
CALSCALE:GREGORIAN
METHOD:PUBLISH
X-WR-CALNAME:Áras Éanna
X-ORIGINAL-URL:https://aras-eanna.ie
X-WR-CALDESC:Events for Áras Éanna
REFRESH-INTERVAL;VALUE=DURATION:PT1H
X-Robots-Tag:noindex
X-PUBLISHED-TTL:PT1H
BEGIN:VTIMEZONE
TZID:UTC
BEGIN:STANDARD
TZOFFSETFROM:+0000
TZOFFSETTO:+0000
TZNAME:UTC
DTSTART:20250101T000000
END:STANDARD
END:VTIMEZONE
BEGIN:VEVENT
DTSTART;VALUE=DATE:20260705
DTEND;VALUE=DATE:20260927
DTSTAMP:20260924T222329
CREATED:20260731T150726Z
LAST-MODIFIED:20260805T114823Z
UID:19871-1783209600-1790467199@aras-eanna.ie
SUMMARY:Péintéirí Oileán Thoraí
DESCRIPTION:Ar siúl ó Iúil go mí Meán Fómhair. \nTá oileán álainn agus garbh Thoraí suite 11km amach ó chósta thiar thuaidh Cho. Dhún na nGall. Oileán Gaeltachta é (Gaeilge a dteanga labhartha) lena mbaineann go leor staire agus miotaseolaíochta. Tá scoil phéintéireachta Thoraí lonnaithe ansin. \nThéadh an t-ealaíontóir cáiliúil Derek Hill (1916-2000) ar cuairt chuig an oileán go minic sna 1950idí agus d’oibríodh sé as stiúideo beag botháin\, (bothán comharthaí loingseoireachta de chuid Lloyds i Londain a bhí ann tráth) ag péinteáil pictiúr de na tírdhreacha fiáine agus portráidí de na hoileánaigh. Uair amháin agus é amuigh ag péinteáil tháinig an t-oileánach James Dixon trasna air agus é i mbun oibre. D’fhiafraigh Derek de céard a cheap sé dá chuid péintéireachta agus d’fhreagair James go simplí ‘Cheapfainn go bhféadfainn féin é a dhéanamh níos fearr’… bhain sé sin gáire as Derek agus ina dhiaidh sin d’fhan cairdeas buan eatarthu. Ghríosaigh Derek James le tabhairt faoin bpéintéireacht agus bhíodh sé ag seoladh ábhar chuige ó am go ham ach ní bhacfadh sé leis na scuaba mar go mbíodh James ag iarraidh a chuid scuab féin a dhéanamh as eireaball a asail. Sin é an chaoi ar thosaigh scoil phéintéireachta Thoraí amach. \nTrína gcuid péintéireachta rinne na healaíontóirí seo taifead uathúil de shaol an oileáin. I measc na ndaoine a bhí páirteach sa scoil phéintéireachta a bunaíodh bhí Patsaí Dan Mac Ruaidhrí (Rí Thoraí)\, Ruairí Rodgers\, John Dixon agus James Rodgers agus ón dara glúin an fear fíorchumasach Anton Meenan. Tá Áras Éanna ríméadach an taispeántas seo a chur i láthair\, saothar le glúin nua ealaíontóirí atá ag coinneáil oidhreacht phéintéirí Thoraí beo\, gluaiseacht a d’eascair as casadh le chéile Derek Hill agus James Dixon trí sheans sna 1950idí.
URL:https://aras-eanna.ie/event/peinteiri-oilean-thorai/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Exhibition,Taispeántas
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2026/07/Noirin-Ni-Mhianain-Boffins-Lovely-Shore-cropped.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20260716T203000
DTEND;TZID=UTC:20260716T230000
DTSTAMP:20260924T222329
CREATED:20260520T103221Z
LAST-MODIFIED:20260520T105816Z
UID:19804-1784233800-1784242800@aras-eanna.ie
SUMMARY:Lisdoon-Nirvana
DESCRIPTION:Déardaoin\, 16 Iúil\, 8:30i.n.\, Áras Éanna \nTicéid €30/25 \nMonalóg drámata aonair le Frankie McCafferty. \nTuaraisc Jackie Hayden – úsáidte le cead ón ealaíontóir. \nSa bhliain 1983 a bhí an fhéile cheoil dheiridh i Lios Dúin Bhearna i gCo. an Chláir agus páirteach ann bhí Rory Gallagher\, Christy Moore\, Stockton’s Wing\, De Danann\, Van Morrison\, Moving Hearts agus dreamanna eile. Ar fhaitíos nach raibh tú ann\, nó go raibh tú ansin ach gur chaill tú amach air mar go raibh “rudaí eile” le déanamh agat tugann monalóg impriseanaíoch Frankie McCafferty léiriú breá air. Ar na príomhcharachtair tá an déagóir saghas neamhurchóideach Macker agus a chomrádaithe as Dún na nGall\, duine acu a bhí ag maíomh go mbeadh sé ina réalta rac-cheoil. Rinne roinnt cailíní as Tuaisceart Éireann an turas freisin agus súil ann go mbeadh coiscíní acusan tharla cosc a bheith fós orthu sa deisceart a bhí faoi chois an Chaitliceachais. \nLe linn don lucht éisteachta a bheith ag suí sna suíocháin sheinn McCafferty\, a scríobh an script freisin\, roinnt cordaí simplí ar ghiotár fuaimiúil. Sna 75 nóiméad gnóthach ina dhiaidh sin d’éirigh leis na neamhchinnteachtaí a bhain lena dturas isteach sa bhfíor-dheisceart a chur trasna agus é ag sleamhnú gan stró ó charachtar amháin go carachtar eile\, go minic i lár abairte agus corr uair le gotha nó geáitse a léirigh a n-inscne chomh maith lena soineantacht. Chuir sé in iúl go héifeachtach an stop éigeantach a chaitheadh na mná a dhéanamh ag an teorainn\, go háirithe an radharc nuair a b’éigean do dhuine acu rith go tobann ag an leithreas. \nChuir an ceol sa gcúlra le hatmaisféar na hócáide in fhad agus a bhí na fir óga ag déileáil le cúrsaí ar nós leithris nach raibh an-iontach\, campa nach raibh thar mholadh beirte agus círéibeacha a raibh baint ag roinnt Hells Angels leo\, rud a bhí ina chúis ar deireadh thiar le críoch na féile\, bhí siad faighte le “slándáil a threisiú” ag daoine nach raibh ar an eolas gur maraíodh fear i gcúinsí mar an gcéanna ag gig de chuid na Rolling Stones i SÁM i 1969. \nAinneoin neamhurchóideacht Macker d’éirigh leis caidreamh collaí a bheith aige den chéad uair\, mír a chuir McCafferty i láthair go héifeachtach chun an gnáthcheangal idir gnéas\, drugaí agus rac is roll a chur trasna. Tá sé sin níos lú ná daichead bliain ó shin ach breathnaíonn sé gur pláinéad eile ar fad atá anois againn. Tá ardmholadh ag dul do McCafferty as a ghrinneas súl agus as muid a thabhairt ar ais siar chuig an bhféile trí phíosa amharclannaíochta greannmhar\, siamsúil agus oideachasúil.
URL:https://aras-eanna.ie/event/lisdoon-nirvana/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Dramaíocht,Theatre
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2026/05/Lisdoon-Poster-Landscape.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
END:VCALENDAR