BEGIN:VCALENDAR
VERSION:2.0
PRODID:-//Áras Éanna - ECPv6.15.17//NONSGML v1.0//EN
CALSCALE:GREGORIAN
METHOD:PUBLISH
X-ORIGINAL-URL:https://aras-eanna.ie
X-WR-CALDESC:Events for Áras Éanna
REFRESH-INTERVAL;VALUE=DURATION:PT1H
X-Robots-Tag:noindex
X-PUBLISHED-TTL:PT1H
BEGIN:VTIMEZONE
TZID:UTC
BEGIN:STANDARD
TZOFFSETFROM:+0000
TZOFFSETTO:+0000
TZNAME:UTC
DTSTART:20220101T000000
END:STANDARD
END:VTIMEZONE
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20230805T203000
DTEND;TZID=UTC:20230805T220000
DTSTAMP:20260928T201213
CREATED:20230509T100345Z
LAST-MODIFIED:20230509T100345Z
UID:18182-1691267400-1691272800@aras-eanna.ie
SUMMARY:Johnny Óg Connolly agus Mícheál Darby
DESCRIPTION:Beirt de na ceoltóirí traidisiúnta is fearr i gConamara ag teacht le chéile do cheolchoirm in Áras Éanna . \n Is ceoltóir agus cumadóir traidisiúnta aitheanta ó Ghaeltacht Chonamara é Johnny Óg Connolly. Seinneann sé bosca ceoil agus mileoidean. Bhuaigh a chéad albam aonair ‘Aisling Yoshua ’ Albam Tíre na bliana 2011. Ina shaothar cumadóireachta bíonn baint mhór aige le filíocht na Gaeilge agus tá dhá shraith amhrán cumtha aige\, ceann acu bunaithe ar fhilíocht Mháirtín Ó Direáin le Liam Ó Maonlaí ag gabháil fhoinn. An coimisiún is déanaí a bhí aige ná sraith ceoil a scríobh bunaithe ar shaol a athar\, an t-seinnteoir melodeon clúiteach Johnny Connolly.  Tá An Cosán Draíochta (The Enchanted Path) díreach tar éis camchuairt náisiúnta a thabhairt chun críche ag deireadh na bliana 2022 agus ardmholadh ag dul dó. Tá Johnny Óg i mbun taighde ar cheol Chonamara faoi láthair. \nIs as Indreabhán i gConamara é Mícheál Darby. Tá sé aitheanta mar dhuine de mháistirí an ‘bhosca bhig’ nó an mileoidean. Is iad taifeadtaí PJ Hernon\, boscadóir mór Charna\, a spreag a chuid suime sa mhileoidean agus é óg agus rinne sé an oiread iontais den fhuaim dhifriúil\, chroíúil a bhí ag an mboiscín beag. Ina dhiaidh sin\, d’éirigh leis teacht ar cheol mileoidin Bhobby Gardiner as Co. an Chláir agus mheall sé sin tuilleadh é. Is é An tOileán Aerach le Johnny Phádraic Pheter Ó Conghaile as Inis Bearacháin a chuir ceol an mhileoidin i lár an aonaigh agus\, i ndáiríre\, ba é Johnny ba mhó a spreag suim Mhíchíl sa mbosca beag. \nTá dhá dhlúthdhiosca eisithe ag Mícheál\, Bosca Bideach (2000) agus An Rithim Réidh (2017). Is mar seo a rinne Neansaí Ní Choisdealbha\, Eagraí Ceoil RTÉ Raidio na Gaeltachta\, cur síos ar stíl Mhíchíl Darby agus í ag déanamh tagartha don albam An Rithim Réidh; ‘tugann an válsa ‘Meánuisce na Mara’ agus an fonn mall ‘Cúirt Bhaile Nua’ léargas iontach dúinn ar stíl álainn\, réidh \,staidéarach Mhíchíl Darby’.  Tá Mícheál Darby ag cur faoi in sna hAille in Indreabhán lena bhean chéile\, an t-amhránaí sean-nóis\, Odí Ní Chéilleachair\, agus lena chlann cheolmhar. \nTicéid ar fáil anseo:    https://www.eventbrite.ie/e/623587034607
URL:https://aras-eanna.ie/event/johnny-og-connolly-agus-micheal-darby/
LOCATION:Áras Éanna
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2023/05/pic-M-Darby-Aras-Eanna-2023.jpg
ORGANIZER;CN="%C3%81ras %C3%89anna":MAILTO:eolas@aras-eanna.ie
END:VEVENT
END:VCALENDAR