BEGIN:VCALENDAR
VERSION:2.0
PRODID:-//Áras Éanna - ECPv6.15.17//NONSGML v1.0//EN
CALSCALE:GREGORIAN
METHOD:PUBLISH
X-ORIGINAL-URL:https://aras-eanna.ie
X-WR-CALDESC:Events for Áras Éanna
REFRESH-INTERVAL;VALUE=DURATION:PT1H
X-Robots-Tag:noindex
X-PUBLISHED-TTL:PT1H
BEGIN:VTIMEZONE
TZID:UTC
BEGIN:STANDARD
TZOFFSETFROM:+0000
TZOFFSETTO:+0000
TZNAME:UTC
DTSTART:20220101T000000
END:STANDARD
END:VTIMEZONE
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20230617T130000
DTEND;TZID=UTC:20230617T134000
DTSTAMP:20260929T031210
CREATED:20230508T151119Z
LAST-MODIFIED:20230510T151956Z
UID:18099-1687006800-1687009200@aras-eanna.ie
SUMMARY:"Dogs Already Know How To Love"\, á leiriú ag Up Up Up 1in & 3in
DESCRIPTION:‘Dogs Already Know How To Love’ \nÁ chur i láthair ag UP UP UP \n… tógann sé níos faide orainn é a oibriú amach.  Seó do mhadraí\, agus dá ndaoine. Go háirithe na cinn achrannach. \nScríofa agus léirithe ag Emma O’Grady. Arna fhorbairt ag SCENE + HEARD 2023\, ag úsáid Dámhachtain na Comhairle Ealaíon (Agility Award) 2022\, agus le tacaíocht ó Oifig Ealaíon Chomhairle Contae na Gaillimhe tríd an Scéim Tacaíochta d’Ealaíontóirí. \nIs ealaíontóir amharclainne\, déantóir clár faisnéise agus bainisteoir léiriúcháin í Emma O’Grady atá lonnaithe in Inis Oírr.  Comhoibríonn sí le daoine chun amharclannaíocht\, scannáin agus ealaín a chruthú atá spreagtha ag fíor-imeachtaí\, fíorshaol agus stair chomhroinnte. Tugadh ardmholadh dá céad dráma   What Good is Looking Well When You’re Rotten on the Inside? in 2017.  In 2020\, chruthaigh sí an tsraith faisnéise Mad\, Bad and Dangerous: A Celebration of Difficult Women do Fhéile Imill BhÁC agus Bealtaine.   Tá Emma ag tabhairt obair go hÁras Éanna ó 2011 agus bhí sí ina hEalaíontóir Cónaithe in 2015.  Is Irish Theatre Institute Six in the (Virtual) Attic artist 2022/23 í Emma. \nBí ar an eolas: \n\nTá líon teoranta madraí ceadaithe ag gach léiriú agus mar sin tá sé riachtanach áirithint a dhéanamh roimh ré. Ní ligfear isteach madraí gan ticéad\nBeidh madraí i láthair ag an léiriú seo\, mar sin má tá ailléirgí madraí nó fóibí ag aon duine de do pháirtí iarraimid orthu gan freastal\nFáilte roimh mhadraí sóisialta chomh fada agus a bhíonn duine in éineacht leo\nNí mór do mhadraí atá ag freastal a bheith cothrom le dáta lena gcuid vacsaínithe\, tabhair cóip nó grianghraf den teastas vacsaínithe is déanaí mar chruthúnas\nNí mór madraí a choinneáil ar iall i gcónaí\nTá fáilte roimh dhaoine gan madraí freisin\nIs féidir le hÁras Éanna  cead isteach a dhiúltú do mhadraí nó do dhaoine\nIarrtar ar bhaill den lucht féachana gan dul in aice le haon duine nó madra eile agus gan lámh a leagan orthu gan cead sonrach a fháil\nI gcás madraí ‘achrannach’ nó ‘imníoch’ a mbíonn sé deacair orthu a bheith thart ar mhadraí nó strainséirí eile\, beidh líon teoranta léirithe príobháideacha/teaghlaigh breise ar fáil. Téigh i dteagmháil le hÁras Éanna ag riarthoir@aras-eanna.ie\nCé go bhfuil fáilte roimh leanaí\, níor cruthaíodh é seo mar seó teaghlaigh agus tá téamaí bróin\, báis agus féinmharaithe ann\n\n  \nSatharn 17 Meitheamh\nSeóanna: 1pm agus 3pm.  Tá sceidill príobháideacha ar fáil ach iad a iarraidh \nTicéid ar fáil anseo don seó ag 1pm:          https://www.eventbrite.ie/e/626100602757 \nTicéid ar fáil anseo don seó ag 3pm:         https://www.eventbrite.ie/e/626486507007 \nTá Emma ag bailiú nótaí gutha de scéalta madraí! Má tá aithne agat ar dhuine a chaill madra speisialta nó ‘madra cléibh’ nó ‘madra dá saol’ ar mhaith leo cur leis\, is féidir leo ríomhphost a sheoladh chuig ‘DOG SHOW’  dogsalreadyknowhowtolove@gmail.com  agus cuirfidh sí treoracha chucu.
URL:https://aras-eanna.ie/event/18099/
LOCATION:Áras Éanna
ATTACH;FMTTYPE=image/png:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2023/05/Dogs-Already-Know-How-To-Love-IMAGE-2000-×-2000-px.png
END:VEVENT
END:VCALENDAR