BEGIN:VCALENDAR
VERSION:2.0
PRODID:-//Áras Éanna - ECPv6.15.17//NONSGML v1.0//EN
CALSCALE:GREGORIAN
METHOD:PUBLISH
X-ORIGINAL-URL:https://aras-eanna.ie
X-WR-CALDESC:Events for Áras Éanna
REFRESH-INTERVAL;VALUE=DURATION:PT1H
X-Robots-Tag:noindex
X-PUBLISHED-TTL:PT1H
BEGIN:VTIMEZONE
TZID:UTC
BEGIN:STANDARD
TZOFFSETFROM:+0000
TZOFFSETTO:+0000
TZNAME:UTC
DTSTART:20180101T000000
END:STANDARD
END:VTIMEZONE
BEGIN:VEVENT
DTSTART;TZID=UTC:20190907T203000
DTEND;TZID=UTC:20190907T203000
DTSTAMP:20261001T093623
CREATED:20190827T141117Z
LAST-MODIFIED:20190827T141117Z
UID:15887-1567888200-1567888200@aras-eanna.ie
SUMMARY:Áine Tyrrell & Emily Wurramara
DESCRIPTION:  \nTá Áine Tyrrell as Co. an Chláir ó dhúchas ag filleadh abhaile as an Astráil go hÉirinn lena halbam nua ‘Return to the Sea’ a sheoladh.  \nAg teacht go hÉirinn in éineacht léi tá an tAstrálach\, Emily Wurramara a bheidh ag dul ar chamchuairt lena halbam nua a fuair duaiseanna‘Milyakburra’. Tá cion thall ar Áine is beidh cion abhus go luath ar Emily. \nIs seó dúbailte den scoth é seo agus tá an cur i láthair cumhachtach agus spreagúil. D’oibrigh siad le chéile cheana ar sheónna agus féilte ar fud na hAstráile. Tá tóir acu ar an bhfarraige\, trína gcuid ceoil agus tithe baile. Canann agus labhraíonn an bheirt acu ón gcroí\, canann siad aintiúin don chine daonna agus ceartas sóisialta chomh maith le go scríobhann siad amhráin a spreagann mothúcháin. \nIs bean spreagúil i múnla Ghráinne Mhaol í ÁINE TYRRELL\, ach in áit seilbh a ghlacadh ar bháid\, is ar chroí a lucht éisteachta a ghlacann sí seilbh\, duine ar dhuine.  Tá a halbam deireanach ‘Return to the Sea’ lán le scéalta comhaimseartha a thagann óna meas mór ar thraidisiún. Tá moladh go hard na spéire á fháil ag Tyrrell ó léirmheastóirí timpeall an domhain agus is albam lán le haintiúin don duine é seo. Is éard atá san albam ná glaoch chun gnímh\, críonnacht agus rabhadh síréana\, agus níos tábhachtaí fós\, fuaimrian ó bhean a shiúlann lena rithim féin.   \nIs as Groote Eylandt sa gCríoch Thuaisceartach í EMILY WURRAMARA ó dhúchas ach tá sí lonnaithe anois i Brisbane. Thaitin sé go mór le Emily éisteacht lena cuid uncailí ag canadh le linn di a bheith ag fás suas\, ach thug sí faoi deara freisin gur annamh a chan mná as a pobal féin go poiblí. Canann Emily amhráin Bhéarla agus Anindilyakwa le fonn spreagadh agus cumhacht a thabhairt do dhream ina pobal féin\, go mór mór mná óga dúchasacha\, lena nglór a úsáid.  \n 
URL:https://aras-eanna.ie/event/aine-tyrrell-emily-wurramara/
LOCATION:Áras Éanna
CATEGORIES:Concert
ATTACH;FMTTYPE=image/jpeg:https://aras-eanna.ie/wp-content/uploads/2019/08/Póstaer-Áine-Tyrrell_15xA3-Áras-Éanna-2019•CL.jpg
END:VEVENT
END:VCALENDAR