Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Pádraig Jack – Áras Éanna

Dé Sathairn July 13 @ 8:30 pm - 10:00 pm

Rugadh Pádraig Jack Ó Flaithearta isteach i gclann cheolmhar in Árainn. Mac é leis an amhránaí Barry Ronan agus nia leis an bhfile Mary O’Malley. Scríobhann sé a chuid ceoil i mBéarla agus i nGaeilge, rud atá sé an-bhródúil as. Seinneann sé an giotár agus an pianó.

Fuair a albam ardmholadh ó Hot Press, ón iris Rock’n’Reel agus ó The Alternate Root. Nuair a eisíodh é bhí sé ainmnithe mar albam na seachtaine ar RTÉ Raidió 1. Ag Gradaim Folk RTÉ 2022 ainmníodh a amhrán ‘Déanamh Gaineamh’ do ghradam ‘Amhrán na Bliana’.

Ní sa stiúideo amháin a oibríonn Pádraig. Bíonn sé ar chamchuairt go minic in Éirinn agus i Sasana agus faoi láthair tá sé féin agus Miles Hunt ó ‘The Wonder Stuff’ ar chamchuairt leanúnach i Sasana. Ba é a chur tús le seó Damien Dempsey anuraidh i Sráid Vicar agus bhí 4,000 lucht éisteachta aige nuair a bhí sé ar stáitse sna Gairdíní Uíbh Eachach. In 2023 chuaigh sé ar chamchuairt sa mBreatain Bheag, i dtír na mBascach, agus thart timpeall na hÉireann, chan sé ag an ‘Doolin Folk Fest’ agus ag an ‘Galway Folk Festival’.

Tá sé ráite go bhfuil féith láidir rómánsach i gceol Phádraig ach fós go gcoinníonn sé údaracht. Tá cumas iontach aige agus tá sé ar dhuine d’amhránaithe móra na hÉireann. Is fada linn uainn a dhara albam, atá sé ag taifeadadh faoi láthair in éineacht leis an léiritheoir John Reynolds  agus beidh an chéad singil (It Could be Home) ag teacht amach san Aibreán.

Ticéid €15/€20 anseo

 

 

 

Details

Date:
Dé Sathairn July 13
Time:
8:30 pm - 10:00 pm
Event Categories:
,

Venue

Áras Éanna

Organizer

Áras Éanna
Phone
099 35005
Email
eolas@aras-eanna.ie
View Organizer Website