Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Enchanted (12:30pm & 3pm)

Dé Domhnaigh Meitheamh 9 @ 12:30 pm - 1:30 pm

 

San eachtra spraíúil tumthach seo tá lucht na farraige ag ól tae feamainne istigh i bhfoirgnimh aisteacha faoin uisce. Cócarálann ‘Seagull John’ éin bhána os cionn tinte bruscair agus i mbrionglóidí ón todhchaí iniúchtar caillteanas, tuair cheatha agus buairt i spás tairseachúil atá trína chéile de bharr anord aeráide. Tugann an draíodóir (Ali Keohane) an lucht éisteachta chuig Hy-Brasil, an t-oileán miotasach a imíonn as radharc, fad is a bhíonn siad ag siúl timpeall Inis Oírr ag éisteacht le scéalta a bhíonn á n-insint ag Mikel Murfi, Jenni Nikinmaa & Tonya Lenhart.

Aistear thart ar 2 chiliméadar taobh amuigh (timpeall 1 uair an chloig), ní mór bróga maithe siúil a chaitheamh agus a bheith gléasta don aimsir.

Scríobh, dearadh & coincheap: Jenni Nikinmaa
Tacaíocht léirithe: Michelle Cahill
Innealtóireacht Fuaime & Taifeadadh: Jack Cawley
Aisteoirí ar an láthair: Ali Keohane agus Jenni Nikinmaa
Aisteoirí gutha: Mikel Murfi, Tonya Lenhart, Jack Cawley, Jenni Nikinmaa

Comhléiriú idir Ionad Amharclannaíochta agus Ealaíon Bhiorra & Jenni Nikinmaa do Sheachtain Seanré Bhiorra 2023.
Tacaíocht ó Agility Award / Comhairle Ealaíon na hÉireann

Cruthaíodh  ‘The Enchanted’ le tacaíocht cónaitheachtaí Remote Control 2 & 3 a d’ostáil Brú Theatre agus cónaitheacht MAKE 2022 (Dublin Fringe, Project Arts Centre, Féile Lársamhraidh Chorcaí; Theatre Forum).

Beidh dhá léiriú ar siúl

12:30pm & 3pm

Ticéid: €8 €12    Ticéid don léiriú ag 12:30pm ar fáil anseo
Ticéid don léiriú ag 3pm ar fáil anseo

 

 

Details

Date:
Dé Domhnaigh Meitheamh 9
Time:
12:30 pm - 1:30 pm
Event Category:

Venue

Áras Éanna

Organizer

Áras Éanna
Phone
099 35005
Email
eolas@aras-eanna.ie
View Organizer Website