Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Dúchas agus Dóchas

Dé Sathairn Meitheamh 22 @ 8:30 pm - 10:00 pm

Tá ríméad ar Áras Éanna, Inis Oírr, fáilte a chur roimh ‘Dúchas agus Dóchas, A Clare Songline’ go hInis Oírr mar chuid dá gcamchuairt náisiúnta. Bhí ceangal i gcónaí idir Inis Oírr agus Contae an Chláir, go tíreolaíoch, go stairiúil agus ó thaobh an cheoil de, gan trácht ar an gceangal gaoil: tá go leor oileánach pósta isteach i gContae an Chláir. Cuireann Diarmuid de Faoite i láthair: Edel Vaughan, Nuala Kennedy, Philip Fogarty, Emer O’Flaherty, Therese McInerney agus na haíonna speisialta, Mac Dara Ó Conaola (Inis Oírr) agus Gráinne Cotter.

Tabharfaidh Diarmuid de Faoite agus a chairde ceolmhara ar thuras iontach muid trí 350 bliain d’amhráin dhúchasacha Gaeilge an Chláir. Cloisfear amhráin ó gach cearn den Chontae agus na scéalta a bhaineann leo. Beatha teanga í a labhairt, beatha amhráin é a rá! Bímis ag ceol!

Ticéid €15/€20 ar fáil anseo

Details

Date:
Dé Sathairn Meitheamh 22
Time:
8:30 pm - 10:00 pm
Event Categories:
,

Venue

Áras Éanna

Organizer

Áras Éanna
Phone
099 35005
Email
eolas@aras-eanna.ie
View Organizer Website