Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Humans: Ceoldráma Róbait

Mí Dheireadh Fómhair 30, 2023 @ 3:00 pm - 4:00 pm

 

Humans: Ceoldráma Róbait

Tá an seachtú ceolghrúpa róbait is fearr sa domhan – bhuel, bhí siad ar an cúigiú dream ab fhearr ach chuaigh sé sa gceann acu – ag tabhairt faoi cheoldráma NUA. Cuirfear ar stáitse é do na róbait uilig i chuile áit agus míneofar ann céard iad Daoine.

Beidh gach rud togha, níl uathu ach roinnt freagraí.

Ag an am céanna, tá Jennifer Dempsey, cailín 10 mbliana d’aois atá AN-TÓGTHA le róbait, ar mhisean dá cuid féin, ceann a d’fhéadfadh b’fhéidir an bealach caidrimh idir róbait agus daoine a athrú go deo!

Is scéal mórchroíoch – agus greannmhar! é seo – faoi chailliúint, cairdeas agus dóchas, trí róbat daonna atá páirteach ann, duine acu sách róbatach agus tá amhráin tharraingteacha freisin ann.

Cruthaithe ag an drámadóir John McCarthy agus an Chuideachta Amharclannaíochta Graffiti atá ag cur drámaíocht ar fáil do lucht féachana óg i gCorcaigh le beagnach 40 bliain. Léirithe i gcomhar leis an amharclann ‘The Everyman’

Feiliúnach do pháistí 8+ agus a ndaoine fásta leo.

Am: 60 nóiméad

“Bhí sé an-ghreannmhar ach bhí sé brónach freisin. Bhí an t-amhrán ‘Friendship Vacancy’ iontach. Thaitin an damhsa linn, an croitheadh tóna agus an cailín ag iarraidh an flas agus na bromanna a dhéanamh” – Sarah, aois 10

Foireann: Jennifer Barry, Úna Ní Bhriain, Darragh Shannon & Bob Kelly

Scríofa ag John McCarthy

Liricí/Leabhar Amhrán le John McCarthy

Cumadh na nAmhrán – Katie Holly & John McCarthy

Stiúrtha ag Niall Cleary

Dearthóir Seit & Soilse – Sarah Jane Shiels

Dearadh Fuaime & Stiúrthóir Ceoil – Carl Kennedy

Stiúrthóir Cúnta Ceoil – Emily Donoghue

Dearthóir Feisteas – Jenny Whyte

Ticéid €5 ar fáil ar Eventbrite:  https://www.eventbrite.ie/e/732736413337?aff=oddtdtcreator

Details

Date:
Mí Dheireadh Fómhair 30, 2023
Time:
3:00 pm - 4:00 pm
Event Categories:
,

Venue

Áras Éanna

Organizer

Áras Éanna
Phone
099 35005
Email
eolas@aras-eanna.ie
View Organizer Website