- This event has passed.
“Dogs Already Know How To Love”, á leiriú ag Up Up Up 1in & 3in
Meitheamh 17, 2023 @ 1:00 pm - 1:40 pm
€15 – €20‘Dogs Already Know How To Love’
Á chur i láthair ag UP UP UP
… tógann sé níos faide orainn é a oibriú amach. Seó do mhadraí, agus dá ndaoine. Go háirithe na cinn achrannach.
Scríofa agus léirithe ag Emma O’Grady. Arna fhorbairt ag SCENE + HEARD 2023, ag úsáid Dámhachtain na Comhairle Ealaíon (Agility Award) 2022, agus le tacaíocht ó Oifig Ealaíon Chomhairle Contae na Gaillimhe tríd an Scéim Tacaíochta d’Ealaíontóirí.
Is ealaíontóir amharclainne, déantóir clár faisnéise agus bainisteoir léiriúcháin í Emma O’Grady atá lonnaithe in Inis Oírr. Comhoibríonn sí le daoine chun amharclannaíocht, scannáin agus ealaín a chruthú atá spreagtha ag fíor-imeachtaí, fíorshaol agus stair chomhroinnte. Tugadh ardmholadh dá céad dráma What Good is Looking Well When You’re Rotten on the Inside? in 2017. In 2020, chruthaigh sí an tsraith faisnéise Mad, Bad and Dangerous: A Celebration of Difficult Women do Fhéile Imill BhÁC agus Bealtaine. Tá Emma ag tabhairt obair go hÁras Éanna ó 2011 agus bhí sí ina hEalaíontóir Cónaithe in 2015. Is Irish Theatre Institute Six in the (Virtual) Attic artist 2022/23 í Emma.
Bí ar an eolas:
- Tá líon teoranta madraí ceadaithe ag gach léiriú agus mar sin tá sé riachtanach áirithint a dhéanamh roimh ré. Ní ligfear isteach madraí gan ticéad
- Beidh madraí i láthair ag an léiriú seo, mar sin má tá ailléirgí madraí nó fóibí ag aon duine de do pháirtí iarraimid orthu gan freastal
- Fáilte roimh mhadraí sóisialta chomh fada agus a bhíonn duine in éineacht leo
- Ní mór do mhadraí atá ag freastal a bheith cothrom le dáta lena gcuid vacsaínithe, tabhair cóip nó grianghraf den teastas vacsaínithe is déanaí mar chruthúnas
- Ní mór madraí a choinneáil ar iall i gcónaí
- Tá fáilte roimh dhaoine gan madraí freisin
- Is féidir le hÁras Éanna cead isteach a dhiúltú do mhadraí nó do dhaoine
- Iarrtar ar bhaill den lucht féachana gan dul in aice le haon duine nó madra eile agus gan lámh a leagan orthu gan cead sonrach a fháil
- I gcás madraí ‘achrannach’ nó ‘imníoch’ a mbíonn sé deacair orthu a bheith thart ar mhadraí nó strainséirí eile, beidh líon teoranta léirithe príobháideacha/teaghlaigh breise ar fáil. Téigh i dteagmháil le hÁras Éanna ag riarthoir@aras-eanna.ie
- Cé go bhfuil fáilte roimh leanaí, níor cruthaíodh é seo mar seó teaghlaigh agus tá téamaí bróin, báis agus féinmharaithe ann
Satharn 17 Meitheamh
Seóanna: 1pm agus 3pm. Tá sceidill príobháideacha ar fáil ach iad a iarraidh
Ticéid ar fáil anseo don seó ag 1pm: https://www.eventbrite.ie/e/626100602757
Ticéid ar fáil anseo don seó ag 3pm: https://www.eventbrite.ie/e/626486507007
Tá Emma ag bailiú nótaí gutha de scéalta madraí! Má tá aithne agat ar dhuine a chaill madra speisialta nó ‘madra cléibh’ nó ‘madra dá saol’ ar mhaith leo cur leis, is féidir leo ríomhphost a sheoladh chuig ‘DOG SHOW’ dogsalreadyknowhowtolove@gmail.com agus cuirfidh sí treoracha chucu.