DHÁ THAISPEÁNTAS CARTÚN IN ÁRAS ÉANNA

 

Níl a fhios ag mórán daoine go bhfuil cultúr fíor-rathúil ar fud na tíre maidir le cruthú cartún i nGaeilge agus i mbliana tá Áras Éanna thar a bheith sásta taispeántas a reachtáil de roinnt den chuid is fearr acu. 

Seo é an chéad bhliain go bhfuil Féile Cartún na Gaillimhe ag dul taobh amuigh den chathair agus táimid an-sásta go deo stiallghreannáin, léaráidí agus cartúin chomhaimseartha le roinnt ealaíontóirí a chur ar taispeáint.

Bhí a gcéad thaispeántas cartún i nGaeilge ag an bhFéile i 2019 ach i mbliana tá péire le bheith ann mar go bhfuil ceann freisin i mol Ghaillimh 2020 sa ‘Cornstore’ i lár na cathrach. 

An tseachtain seo chugainn beidh dhá thaispeántas ar siúl taobh le taobh in Áras Éanna mar go mbeidh roinnt d’obair Grace Gifford, – réabhlóidí, ealaíontóir agus cartúnaí as Éirinn, ar taispeáint againn freisin.

Tá a fhios ag an gcuid is mó de mhuintir na hÉireann an scéal faoin gcaoi ar phós Grace an fear a raibh sí geallta leis, Seosamh Pluincéad, i bPríosún Chill Mhaighneann sular cuireadh chun báis é, ach níl a fhios ag chuile dhuine go mba scigealaíontóir agus ealaíontóir cáiliúil a bhí inti.

Beidh a cuid oibre le feiceáil freisin i siopa leabhar Charlie Byrne ar an tSráid Láir le linn na Féile ón 2-9 Deireadh Fómhair.

Seolfaidh Dara McGee, Stiúrthóir Áras Éanna, na taispeántais ‘Tarraing É i nGaeilge’ agus ‘Grace Gifford’ in Inis Oírr ar an Domhnach 4 Deireadh Fómhair ag 5i.n..  

Beidh na taispeántais seo ar siúl ón Luan 5 Deireadh Fómhair go dtí an Domhnach 11 Deireadh Fómhair (11r.n. – 4i.n.).