DHÁ IMEACHT SPEISIALTA AMÁRACH

DHÁ IMEACHT SPEISIALTA AMÁRACH

Ceann de na híomhánna ón taispeántas ‘Amach’s Amach’ le An Criu. Grianghraf le Cormac Coyne.

Tá seó amuigh faoin aer saor in aisce agus oscailt taispeántais le bailiúchán de níos mó ná 20 ealaíontóir as Gaillimh i measc bhuaicphointí lá ceiliúrtha chun 21ú breithlá Aras Eanna a cheiliúradh Dé Sathairn.

Tugtar cuireadh do dhaoine ar an oileán freastal ar an gcéad taibhiú domhanda de ‘It’s A Lovely Day for A Hike’ le Turas Theatre Collective, a thosóidh lasmuigh de mheánscoil an oileáin ag 2.30i.n.

Tabharfar cuireadh dóibh siúd a ghlacann páirt sa seó, leis na taibheoirí Debbie Wright, Helen Gregg agus Daniel Guinnane, taitneamh a bhaint as seó lasmuigh a mbeidh siúlóid ann ar fud an oileáin agus atá oiriúnach don teaghlach ar fad.

Imríonn siad na codanna de thriúr siúlóirí cnoic díograiseacha a thugann an lucht féachana ar chonair siúil trasna Inis Oirr. Moltar do dhaoine bróga compordach a chaitheamh!

Tiocfaidh deireadh leis an seó speisialta seo ag áit draíochta darb ainm An Ghlean Draíochta díreach in am do thaispeántas speisialta darb ainm ‘Amach’s Amach’ a sheoladh ag comhchoiteann na Gaillimhe ar a dtugtar An Criú.

Seo é an ceathrú taispeántas samhraidh in Inis Oírr ag An Criú agus beidh píosaí ann le breis is 20 péintéir, dealbhóir, dearthóir agus léiritheoir gairmiúil.

I measc na n-ealaíontóirí a bhéas ann tá Áine Lawless, Bill Wright, Cherie White, Chris Gibbons, Claudia Lamantea, Dave Donovan, Debbie Wright, Emma O’Grady, Eugene Finnegan, Jojo Hynes, Katya Solomatina, Midie Corcoran, Mikey Dawson, Niamh Moloughney, Pete Casby, Róisín Stack, Tommy Casby, agus Tom Meskell.

Leanann an taispeántas seo ar aghaidh go dtí Dé hAoine, 20 Lúnasa.

An Ghlean Draíochta le Jo Jo Hynes

 

An Criú ag Áras Éanna.