Cónaitheacht

Home / Cónaitheacht
Tacaíocht Áras Éanna

Cónaitheacht d’Ealaíontóirí

Tacaíonn Áras Éanna le healaíontóirí trína gclár ‘Ealaíontóir Cónaithe’. Tugann muid spás agus am d’ealaíontóirí lena gcleachtas a fhorbairt agus bíonn deis acu aon obair nua a thaispeáint i dtimpeallacht ar leith an oileáin Ghaeltachta seo.

Fáiltíonn muid roimh iarratais ó ealaíontóirí teacht agus cónaí agus oibriú ar Inis Oírr agus cuireann muid suas go sédéag cónaitheacht míosa ar fáil in aghaidh na bliana. Isteach leis an gcónaitheacht tá árasán príobháideach, nó seomra príobháideach i dteach na n-ealaíontóirí, stiúideo féinchuimsitheach agus cead isteach chuig an amharclann agus na gailearaithe.

Glaoch Oscailte d’Ealaíontóirí Cónaithe do 2025.

Tá eolas faoi  Glaoch Oscailte d’Ealaíontóirí Cónaithe do 2025 ar fáil ANSEO

  • 1
  • 2