TUGANN TOMMY TIERNAN  TACAÍOCHT LENÁR GCRANNCHUR MÓR

TUGANN TOMMY TIERNAN TACAÍOCHT LENÁR GCRANNCHUR MÓR

 

Tá lúcháir ar Aras Eanna a fhógairt go bhfuil físeán gairid eisithe ag Tommy Tiernan chun tacú lenár gcrannchur mór.

Thug Tommy cuairt ar Inis Oirr le déanaí agus d’áitigh sé ar dhaoine ticéid a cheannach le haghaidh seans saoire cúig oíche a bhuachan do cheathrar daoine fásta ar an oileán.

“Ceann de na háiteanna is áille ar fud an domhain,” a deir sé. “Oileán beag draíochta amach ó bhéal Bhá ​​na Gaillimhe.”

“Uaireanta is iad na rudaí beaga sna háiteanna is lú a mbíonn an éifeacht is draíochta acu.”

Féach duit féin áilleacht agus inspioráid an oileáin atá mar bhaile d’Aras Eanna le 21 bliana anuas.

Tá súil againn tú a fheiceáil nuair a dhéanaimid ceiliúradh ar ár 21ú breithlá an samhradh seo.

Buíochas mór le Tommy, an ceamaradóir Rónán O Conghaile, agus le Fibin as an bhfíseán gairid álainn.

Féadfaidh tú tacú le healaín iontach a chruthú trí do thicéad (í) a cheannach ag https://www.idonate.ie/raffle/araseannadraw