Lúnasa 2019: Anna Macleod

Lúnasa 2019: Anna Macleod

Is amharc-ealaíontóir agus taighdeoir neamhspleách í Anna McLeod a chónaíonn i gCo. Liatroma. Trí chineálacha éagsúla amharcealaíne agus próisis dealbhóireachta cuireann sí trasna tuairimí casta faoi léirithe nua-aimseartha, stairiúla agus cultúrtha maidir le húsáid talún. Tá ‘Water Conversations’  – sraith píosaí oibre, tionscnamh agus taispeántas bunaithe ar uisce agus ar athrú aeráide, ag forbairt leis diaidh ar ndiaidh.

Ar dtús déanfaidh Anna taighde ar na meicníochtaí uisce a bhí agus atá in Inis Oírr agus bunóidh sí nasc le muintir na háite trí cheardlanna, siúlóidí agus imeachtaí sóisialta féachaint le theacht suas le tuairimí faoi bhealaí, struchtúir agus teicnící le huisce a shábháil agus a chaomhnú.

Sa togra seo ‘Water Conversations’ féachfaidh sí le cíoradh a dhéanamh ar na cosúlachtaí atá inár gceangal daonna le huisce mar bhunriachtanas do leanúnachas na beatha agus scrúdóidh sí teacht aniar an phobail ag am a bhfuiltear ag déileáil le hathrú sóisialta sciobtha agus neamhchinnteacht comhshaoil.

Leave a Reply