Iúil 2019: Comh-Ealaíontóirí Mhacnas, An Criú 2

Iúil 2019: Comh-Ealaíontóirí Mhacnas, An Criú 2

An Criú 2’ – Taispeántas d’obair ealaíne crosdhisciplíneach gan téama, gan dóigh, gan cuspóir, dealbhóireacht agus péintéireacht, físeán agus fuaim, rudaí móra agus rudaí beaga, istigh agus amuigh, thart ar Áras Éanna agus thart timpeall oileán Inis Oírr. Is 25 ealaíontóir, dream ar iondúil leo oibriú le Macnas, cuideachta léiriú sráide as Gaillimh, a chruthaigh an obair seo, ach i mí Iúil i mbliana beidh siad le chéile mar dhaoine astu féin – le taispeáint don domhan mór  céard a bhíonn ar bun ag chuile dhuine acu sna tréimhsí nach ag cruthú  draíocht ar na sráideanna a bhíonn siad. Is comóradh ealaíne ar mhaithe le healaín é Criú 2: beidh sé fonóideach agus inspioráideach, amaideach agus críonna, coitianta agus álainn uilig in éindí. Beidh sé ina bhronntanas d’Inis Oírr, an t-oileán a spreag an taispeántas seo.

Leave a Reply