Domhan go hiomlán difriúl don cartúnaí Aongus

Domhan go hiomlán difriúl don cartúnaí Aongus

Buaileann Aongus Collins le dealbh cloiche ón gCóiré ag Áras Éanna. Grianghraf le Ciaran Tierney.

le Ciarán Tierney

Ba dhúshlán agus deis iontach é don chartúnaí Aongus Ó Coileáin trí seachtaine a chaitheamh anseo linn ar Inis Oírr tar éis dó a shaol ar fad go dtí seo a chaitheamh ina chónaí agus ag obair i gcathracha.

As Corcaigh ó dhúchas agus fear a bhfuil a shaol oibre ar fad caite aige i mBaile Átha Cliath, roghnaíodh Aongus mar Ealaíontóir Cónaithe Fhéile Cartún na Gaillimhe 2022 agus ba mhór aige a chuid ama sa stiúideo  anseo in Áras Éanna le déanaí.

Bhí sé anseo le linn Fhéile na gCloch, a chuimsigh i mbliana cuairt ó thoscaireacht ón gCóiré, Oíche Chultúir spreagúil inar thaistil 20 ceoltóir ban timpeall an oileáin, agus roinnt seónna ceoil agus amharclainne den scoth in amharclann Áras Éanna.

Mar sin, cé gur slí bheatha aonair í bheith ina chartúnaí, taitníonn le Aongus an deis bualadh leis an oiread sin daoine nua le linn dó cur faoi anseo ar Inis Oírr.

“Ba é seo an chéad uair riamh a tháinig mé amach go hInis Oírr,” a deir O Coileáin. “Tá sé thar cionn. Tá mé i ndomhan go hiomlán difriúil amach anseo. Níl mé ar an bhfón póca an oiread sin. Tá mé síos go dtí thart ar 10% de mo ghnáthúsáid.

“Ní raibh mé ar aon oileán riamh cheana. Is eispéireas iomlán nua é, mar d’fhás mé aníos i gCorcaigh agus chaith mé an chuid is mó de mo shaol i mBaile Átha Cliath. Tá mé ag déanamh go bhfuil Inis Oírr níos gaire don ‘saol fíor’ ná an mhórthír. Níl daoine anseo ar an oileán ag dul timpeall agus a bhfón ina lámh agus leath a n-inchinn sa scamall!”

Is breá le Aongus bheith i mbun cartún a tharraingt ar feadh a shaoil, ó thug sé ranganna seachtainiúla san líníocht beatha i Scoil Ealaíne Chorcaí nuair a bhí sé óg.

Thosaigh sé ag obair mar chartúnaí leis an iris ‘In Dublin’ tar éis dó bogadh go dtí an phríomhchathair, áit ar tháinig sé ina chairde go luath le carachtair ar nós Tom Mathews – a bhfuil a thaispeántas ‘Still Crazy After All These Years’ ar siúl anseo in Áras Éanna faoi láthair mar chuid d’Fhéile Cartún na Gaillimhe.

Níos déanaí d’oibrigh sé don Evening Herald, don Daily Star, agus don Irish Independent, ag tarraingt cartún faoin gcineál brú chun spriocdhátaí a chomhlíonadh a bhí i bhfad óna thréimhse mar ealaíontóir cónaithe anseo ar Inis Oírr.

 

Ceann de chartún Aongus atá ar taispeáint in Áras Éanna faoi láthair.

Ag cur san áireamh gur chaith sé 25 bliain ag obair do nuachtáin, tá sé beagnach brónach le bheith ag smaoineamh nach bhfuil an cineál slí bheatha a bhí oscailte d’Aongus oscailte níos mó do chartúnaithe óga na linne seo.

“Ní fhostaíonn nuachtáin cartúnaí a thuilleadh,” a deir sé. “Go deimhin, tá cuid acu fiú tar éis fáil réidh lena gcuid grianghrafadóirí lánaimseartha. Is beag cartúnaí nuachtáin atá ann anois. Seans nach bhfuil ach ceathrar in Éirinn ar fad anois, i gcomparáid le timpeall 12 nuair a thosaigh mé sa tionscal.

“Bhí cleachtadh agam ar bheith ag obair de réir spriocdhátaí, gan a bheith in ann rud éigin a athrú ag an nóiméad deireanach má bhraith mé nach raibh sé ag obair dom. Ní hamháin gur féidir liom pé rud a theastaíonn uaim a dhéanamh, gan brú ama, ach is féidir liom rud éigin a stróiceadh mura dtaitníonn sé liom anseo ar Inis Oírr!”

Choinnigh Aongus saghas “dialann cartún” de ghníomhaíochtaí ar an oileán le linn a thréimhse anseo, lena n-áirítear cuairt na saoir cloiche ón gCóiré, ceolchoirm iontach ceoil thraidisiúnta in amharclann Áras Éanna, agus oscailt taispeántas grianghrafadóireachta le linn Féile na gCloch.

Bhí sé thar a bheith tógtha leis na saoir cloiche as Éirinn agus as an gCóiré ag obair le chéile ar an oileán.

Sular tháinig sé go hInis Oírr, bhí sé ina choimeádaí ar an taispeántas cartún ‘Tarraing É i nGaeilge’, a mheall cuairteoirí chuig Cathair na Gaillimhe agus Inis Oírr arís i mí Dheireadh Fómhair. D’iarr Willy Brennan as Féile Cartún na Gaillimhe air na cartúin Ghaeilge a chur le chéile agus d’éirigh thar barr leis arís i mbliana.

“Tá ciorruithe tagtha ar nuachtáin agus níl mé ag obair chomh mór sin le roinnt blianta anuas,” a deir sé.

“Is í an íoróin is mó ná rinne mé níos mó líníochta anseo ar Inis Oírr ná mar a dhéanfainn i ngnáthsheachtain oibre sa bhaile. Tá sé cosúil le dul ar ais go dtí an t-am nuair a bhínn ag obair go lánaimseartha i nuachtáin. Seo deis uathúil, am a chaitheamh anseo ar an oileán … Bheadh sé craiceáilte an deis seo a chur amú!”

Dialann chartúin ó thrí lá in Áras Éanna.
Bhí am suaimhneach ag Aongus in Áras Éanna buíochas le Féile Cartun na Gaillimhe. Grianghraf le Ciaran Tierney.