Archives: Profiles

Home / Profiles
Dara McGee

Dara McGee

Tá Dara McGee ina stiúrthóir Ealaíne ar Áras Éanna ó Mhárta 2017. Roimhe sin d’oibrigh Dara mar shaor-ealaíontóir, dearthóir seiteanna agus péintéir radharc áite i gcúrsaí Scannánaíochta, Amharclannaíochta agus Teilifíse. D’oibrigh Dara le cuideachtaí amharclannaíochta leithéidí An Druid, Macnas, Siamsa Tíre, An Taibhdhearc agus Decadent. Rinne sé obair scannánaíochta agus teilifíse do TG4, RTÉ agus BBC. Ba é Dara an dearthóir léiriúcháin ar léiriú ROSG de ‘Chré na Cille’.