Ag tabhairt Beckett go Inis Oirr
Beidh léiriúchán nua Gaeilge de ‘Happy Days’ le Samuel Beckett ar stáitse amuigh faoin aer ar chúl Inis Oirr mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe ón 30ú Lúnasa go dtí an 5ú Meán Fómhair. Is comhpháirtíocht é an seó, le Company SJ, idir Áras Éanna Ionad Ealaíne agus Amharclann na Mainistreach, agus beidh léirithe ar siúl ag 1.30in gach lá ag Creig an Staic, ionad atá curtha in oiriúint go speisialta don dráma. Beidh taispeántas speisialta ar siúl i ngailearaí ealaíne Aras Eanna fad a bheidh an seó á léiriú ar an oileán. D’oibrigh an stiúrthóir Sarah Jane Scaife,...