Dhá ainmniúchán le haghaidh ‘Laethanta Sona’
le Ciarán Tierney Léirítear fís iontach an stiúrthóra amharclainne Sarah Jane Scaife le leagan Gaeilge de dhráma Samuel Beckett a chur ar stáitse amuigh faoin aer ar chúl Inis Oirr in dhá ainmniúchán do ‘Laethanta Sona’ ag Gradaim Amharclannaíochta an Irish Times an mhí seo chugainn. Bhain Sarah Jane úsáid as cónaitheacht míosa anseo in Áras Éanna Ionad Ealaíne, tar éis níos mó ná bliain de dianghlas agus srianta, chun a paisean a chomhcheangal do shaothair Beckett agus an ceann is lú d’Oileáin Árann ag suíomh iontach ag breathnú amach ar an Aigéan Atlantach. Mar thoradh ar léiriú Company SJ...