Máirtín O Connor Trio

Máirtín O Connor Trio

 

le Ciarán Tierney

Beidh Mairtin O Connor, duine de na ceoltóirí is fearr le rá riamh as Iarthar na hÉireann, ag glacadh páirte i seó speisialta amuigh faoin aer ar Inis Oirr ar an Sathairn seo, 11ú Meitheamh (8pm).

In éineacht le Máirtín ar an mbosca ceoil, beidh Cathal Hayden (fidil, bainseó) agus Kevin Doherty (giotár, glórtha) le haghaidh buaicphointe ceoil an tsamhraidh ar an oileán.

Beidh cuid de na ceoltóirí is fearr ar an oileán i láthair freisin, ina measc Michéal Ó hAlmhain, Clann Uí Domhnaill, agus ceoltóirí áitiúla eile.

Tá an seó seo á eagrú ag Áras Éanna Ioad Ealaine tar éis rath an mhórsheó faoin aer san ionad céanna, a bhfuil The Raines mar cheann air, chun 21ú breithlá an ionaid ealaíon a cheiliúradh i mí Iúil 2021.

Tacaíonn Oifig Ealaíne Chomhairle Chontae na Gaillimhe leis an imeacht seo agus maoinítear í trí Scéim Taibhithe Beo Áitiúil na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Tar éis imirt ar an gcéad chamchuairt Riverdance, d’imir Mairtin le De Dannan, Midnight Well, agus Skylark agus meastar é ar cheann de na himreoirí bosca ceoil is fearr in Éirinn.

Tá Mairtin, Cathal, agus Seamie O’Dowd ag seinm le chéile go rialta ó 2001, tar éis dóibh a bheith ag comhoibriú ar na halbaim ‘Road West’ agus ‘Rain of Light’.

Ar an drochuair, de bharr cúinsí pearsanta, níl O’Dowd in ann taisteal ó Shligeach don cheolchoirm seo ar Inis Oirr. Ach tá Doherty, as Dún na nGall, a bhfuil cáil air mar ealaíontóir aonair agus ag chomhoibrigh le blianta fada le Hayden mar bhall de Four Men and a Dog ina ionad.

D’eisigh Mairtin a chéad albam, ‘The Connachtman’s Rambles’, i 1979, ar lipéad ceirníní a bhunaigh trad impresario agus a chara maith, Donal Lunny. Lean ‘Perpetual Motion’ i 1990, ag léiriú a mháistreacht ar an mbosca ceoil.

Sheinn sé ar albam ‘The Fisherman’s Blues’ le The Waterboys ‘, a taifeadadh sa Spidéal; agus thug sé camchuairt le Christy Moore agus Donal Lunny, chomh maith le bheith ag obair le daoine idirnáisiúnta den scoth mar Mark Knopfler, Elvis Costello agus Rod Stewart.

Chuaigh Hayden agus Doherty ar camchuairt go forleathan mar bhaill de Four Men and A Dog.

Buíochas le Coiste an Pháirc Inis Oirr as an bpáirc peile a úsáid don cheolchoirm seo a bhogfar laistigh go dtí an amharclann in Áras Éanna i gcás drochaimsire.

Tá spásanna teoranta san amharclann, ach is féidir ticéad a chur in áirithe SAOR IN AISCE ag an nasc seo ar eagla go gcaithfí an cheolchoirm a bhogadh laistigh.

Freisin, beidh an chelcoirm “beo” or leathnach Facebook Áras Éanna ag 9in.

Ceol á sheinm beo ar an bpáirc peile in Inis Oirr.
Cathal Hayden