Fúinn

Home / Fúinn
Eolas faoi Áras Éanna

Fúinn

Tá Áras Éanna lonnaithe in Inis Oírr, an t-oileán is lú d’Oileáin Árann, agus is é an tIonad Ealaíon is faide siar san Eoraip é. Is spás ealaíne ilfheidhmeach é Áras Éanna atá i bhfoirgneamh a dearadh ar dtús mar mhonarcha fíodóireachta. Tá trí stiúideo ealaíontóra ann, amharclann 75 suíochán, dhá ghailearaí, caife agus seomraí do cheardlanna agus ranganna.

Bunaíodh Áras Éanna sa mbliain 2000 agus ó shin i leith is iomaí ealaíontóir náisiúnta agus  idirnáisiúnta ar fhreastal muid orthu, idir amharc-ealaíontóirí, ealaíontóirí coincheapúla, ceoltóirí, taibheoirí agus aisteoirí chomh maith le meascán féilte agus    ceardlanna. Tá clár ‘Ealaíontóir Cónaithe’ á reachtáil againn le stiúideo féinchuimsitheach agus árasán ar an suíomh.  Is áit ann féin é Áras Éanna, ar oileán gleoite Inis Oírr, áit a bhfaigheann ealaíontóirí sruth inspioráide ar leith.