Folúntas – Riarthóir Ealaíona d’Oifig Áras Éanna

Áras Éanna Ionad Ealaíne, Inis Oirr, Co na Gaillimhe

Tá post lán-aimseartha (Buan de réir an Mhaoiniú a bheith ar fáil) mar Riarthóir á thairiscint ag Áras Éanna Teo. Beidh an té a cheapfar lonnaithe in Áras Éanna, Inis Oírr, Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe. Is 9.00 r.n. go 5.00 i.n. na huaireanta oibre, cé go mbeidh uaireanta neamh-shóisialta i gceist ó h-am go h-am de réir nadúr oibre Ionad Ealaíona. 

Léireoidh an Riarthóir Ealaíona cumas chun an post a chur i bhfeidhm ó lá go lá agus cumas maith eagrúchána. Beidh tuiscint ar shaol na n-ealaíona, agus ar shaol na n-oileán riachtanach. 

Sonraíocht Phearsanta & Cáilíochtaí

  • Ard-scileanna ríomhaireachta (Microsoft Office, Word, excel, publisher, Powerpoint)
  • Gaeilge labhartha agus scríofa d’ard chaighdeán
  • Taithí agus cáilíocht i gcúrsaí riarachána agus bainistíochta oifige
  • Scileanna maithe idirphearsanta agus cumarsáide agus eolas ar chúrsaí ealaíona.
  • 2 bliain taithí riarachána ar oibriú in eagraíochtaí pobail ar bhonn gairmiúil agus/nó deonach.
  • Taithí ar riarachán tionscadail agus airgeadais, ar chaiteachas a thaifeadadh agus a thuairisciú, ar cheannacháin srl. agus ar thaifid/cuntais a choinneáil, srl.
  • Cumas oibriú as a stuaim féin agus freisin oibriú go dlúth le príomh ghníomhaireachtaí agus daoine aonair a bhaineann leis an ealaíon laistigh den Chontae, den tír agus go h-Idirnáisiúnta.
  • Uaireanta solúbtha oibre nuair is gá.

Chun foirm Iarratas a fháil agus tuairisc ar an bPost seol ríomhphost ag araseanna@gmail.com roimh an Aoine an 5ú Lúnasa 2022.

Próiseas Iarratais:

  • Ní mór iarratais a dhéanamh tríd an bhFoirm Iarratais amháin.
  • Seol ar ais le do thoil cóip den fhoirm iarratais chomhlánaithe lena n-áirítear litir chlúdaigh chuig Áras Éanna ag  araseanna@gmail.com 
  • An dáta deiridh chun iarratais a sheoladh 12ú Lúnasa 2022 ag 5i.n.

Féadfaidh gearrliostú a bheith i gceist agus beidh ar na hiarrthóirí ar an ngearrliosta freastal ar agallamh ar an 30ú Lúnasa 2022.

Is fostóir comhionannais é Áras Éanna Teo